Isaiah 66 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil LXVI. Clar, ag foillsiuġaḋ an deaġ‐ċreideaṁ, 3 agus an ċraḃaḋ ċealgaċ. 1 Is marso a deir an TIĠEARNA, Isé neaṁ mo ċaṫaóir‐ríoġa, agus sé án talaṁ stól mo ċos: cáit a ḃfuil an tiġ ṫógṫaoi ḋaṁ? agus cáit a ḃfuil áit mo ċoṁnuiġṫe? 2 Oír is íad mo láṁa féin do rinne gaċ aoin ní ḋioḃsin, agus do ḃádar na neiṫesin uile, a deir an TIĠEARNA: aċt is don tí so ḟéuċfus misi, eaḋon don tí atá boċt agus brúiġte a spioraid, agus ċrioṫnuiġios rem ḃreíṫir. 3 Atá an té ṁarḃus daṁ aṁuil do ṁuirfeaḋ duine; an té ofrálas luḃán, aṁuil agus do ġearrfaḋ muinéal madraiḋ; an té íoḋbras tioḋlacaḋ, aṁuil do ṫairgfeaḋ fuil ṁuice; an té loisgeas túis, aṁuil do ḃeinneoċaḋ sé ioḋal. A seaḋ, do ṫoġadar so a sliġṫe féin, agus dúiliġid a nanmanna iona naḋḟúaṫṁaireaċtuiḃ. 4 Toíġfiodsa mar an ccéadna a ttríollasan, agus do ḃéara mé a neagla orra; do ḃríġ nar ḟreagair áon, a nuáir do ġoir mé; a nuáir do laḃair mé, ní ċúaladar: aċd do rinneadar olc ós coinne mo ṡúl, agus do ṫoġadar an ní ann nar ḋúiliġ mé. 5 ¶ Eistiġ bríaṫra an TIĠEARNA, a ḋrong ċriṫeaglas ré na ḃréiṫir; Oir a dúḃradar ḃur ndearḃráiṫre dfúaṫaiġ siḃ, do ṫeilg amaċ siḃ ar son manmasa, Go ma glorṁar an TIĠEARNA: aċ taisbéanfuiḋ seision ċum ḃur lúaṫġáiresi, agus beidsion fá náire. 6 Gúṫ fuáime ón ccaṫruiġ, gúṫ ón teampall, gúṫ an TIĠEARNA ċúitiġeas luáiḋeaċt ré na naimbdiḃ. 7 Suil do ḃí si ré nioḋnuiḃ rug sí, suil ṫáinic a tinneas, do ḃí sí ar mbreiṫ ṁic. 8 Cía ċúalaiḋ a leiṫéid sin do ní? cía ċonnairc leiṫéid na neiṫeannso? An ttiuḃarṫar air an ttalaṁ gineaṁuin a náonló? nó an mbeirṫear cineaḋ a naóinḟeaċt? óir coṁlúaṫ agus do ṡáoṫruiġ Sion, ṫug sí á clann amaċ. 9 An dtiuḃra misi ċum breiṫe, agus gan a ṫaḃairt breiṫ? a deir an TIĠEARNA: an ttiuḃra mé fa deara gineaṁuin, agus an ḃrú do ḋrud? a deir do Ḋía. 10 ¶ Gáirdiġiḋsi lé Ierusalem, agus bíṫi luáṫġáireaċ lé, siḃsi uile ler biónṁuin í: gáirdiġiḋ lé lúaṫġair lé, siḃsi uile ċaóiḋeas air a son: 11 An ċor go ndíulfuiḋiḋ, agus go sáiseoċuiḋ siḃ lé cíoċuiḃ a sóláis; ċor go mblifiḋ, agus go mbeiṫí a náoiḃneas tré íomad a glóire. 12 Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, sínfiḋ misi síoṫċáin di aṁuil sruṫ, agus glóir na ngeinteaḋ aṁuil sruṫán ag tuiliuġaḋ: annsin díulfuiḋe, béarṫár siḃ air a táoḃuiḃ, agus beiṫi a muirníneaċt air a glúiniḃ. 13 Aṁuil áon noċ ċoṁḟurtuiġios a ṁaṫair, mairsin ḟuirteoċus misi oruiḃsi; agus beiṫí ar ḃur ccoṁḟurtaċd ann Ierusalem. 14 Agus a nuáir do ċíṫí so, gáirdeoċuiḋ ḃur ccroiḋe, fásfuiḋ ḃur ccnáṁa aṁuil luiḃ: agus aiṫeontar láṁ an TIĠEARNA re na ṡeirḃíseaċuiḃ, agus a ḋioġaltas air a naiṁdiḃ. 15 ¶ Oír, féuċ, tiucfa an TIĠEARNA le teine, agus le na ċarbaduiḃ mar ġaóiṫ ġuairdeáin, do ċúitiuġaḋ a ḟeirge maille re buirbe, agus a aiṫḃear maille re lasraċa teineaḋ. 16 Oír le teine agus le cloiḋeaṁ ṫaigeoras an TIĠEARNA ris a nuile ḟeóil: agus buḋ iomḋa mairḃ an TIĠEARNA. 17 An drong náoṁus íad féin, agus ġlanas íad féin annsna gáirdíniḃ táoḃ ṡiar do áon ċrann aṁáin a lár, ag iṫe féola muice, agus na haḋḟuaṫṁaireaċda, agus na luiċe, scriosfuiġear uile íad, a deir an TIĠEARNA. 18 ¶ Oir is aiṫnid daṁsa a noibreaċa agus a smúaintiġṫe: tiucfa a gcríċ, go ccruinneoċa misi na huile ċineaḋaċa agus ṫeangṫa, agus tiucfaid síad, agus do ċífid mo ġlóir. 19 Agus cuirfiḋ mé coṁarṫa iona measc, agus cuirfe mé an ċuid raċus as díoḃ ċum na ccineaḋaċ, go Tarsis, go Pul, agus go Lud, noċ ṫairngios an boġa, go Túbal, agus go Iáḃan, gus na hoiléanuiḃ a nimċéin, naċ ccúala mo ṫúarusgḃáil, naċ mó do ċonnairc mo ġlóir; agus foillseoċad mo ġloir a measc na ngeinteaḋ. 20 Agus do ḃéuruid ḃur ndearḃraiṫre uile mar ofráil ċum an TIĠEARNA as gaċ uile ċríċ ar eaċuiḃ, agus a ccarbaduiḃ, agus a ccóistiġiḃ, agus ar ṁúilliġiḃ, agus ar ḃeaṫaċuiḃ lúaṫa, go nuige mo ṡlíaḃ náoṁṫa Ierusalem, a deir an TIĠEARNA, mar ḃeirid clann Israel ofráil a soiġṫeaċ ġlan go tiġ an TIĠEARNA. 21 Agus glacfa misi cuid díoḃ mar ṡagartaiḃ agus mar Leḃítiḃ, a deir an TIĠEARNA. 22 Oír aṁuil ḟanfuid na flaiṫis núaḋa agus an talaṁ núaḋ, noċ ċrúiṫeoċus mé, as mo ċoinne, a deir an TIĠEARNA, is marsin ṁairfios ḃur slioċdsa agus ḃur nainm. 23 Agus tiucfa a ccríċ, ón ġealuiḋ nuáiḋ go ċéile, agus ón tsáoire go ċéile, go ttiucfa a núile ḟeóil daḋraḋ dom laṫairsi, a deir an TIĠEARNA. 24 Agus raċuid síad amaċ, agus féuċfuid ar ċonablaċuiḃ na muinntire do ṗeacuiḋ am aġaiḋsi: óir ni éagfa a bpéist, agus ní múċfuiġear a tteine; agus béid na ngráin do núile ḟeóil. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society