Isaiah 65 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil LXV. Bi tógḃail na Ncineaḋaċ haiṫle tréigeaḋ na Niuduiġeaḋ. 1 Ataim ar mo lorgair aċt ón luċt nar íarr mé; do fríṫ mé leis an luċd nar lorgair mé: a duḃrus, Féuċ misi, féuċ misi, do ċineaḋ nar goireaḋ lea mainm. 2 Do leaṫnuiġ mé mo láṁa amaċ ar feaḋ an laói ċum ciniḋ easumbuil, noċ ṡiuḃluiġios a sliġe naċ maiṫ, agus iona smuaintiġṫiḃ féin. 3 Daome ḃrostuiġeas misi ċum feirge a gcoṁnuiḋe a gclár méadain; íoḋbras a ngáirdiniḃ, agus loisgeas túis ar altóruiḃ bríce: 4 Noċ ḟanas a measg na nuáiġeann, agus áitreaḃas annsna haohla aiḃ, noċ iṫeas feóil ṁuc, agus anḃruiṫe neiṫeann naḋḟúaṫṁar ann a soiġṫiġiḃ; 5 Noċ a deir, Seas agad féin, ná tárr láiṁ riomsa; óir is náoṁṫa misi ná ṫú. Is deataċ íad so ann mo ṡróin, teine loisgeaċ ar feaḋ an laói. 6 Féuċ, atá scrioḃṫa as mo ċoinnesi: ni ḃía mé am ṫoċd, aċd cuiteoċa mé, eaḋon cúiteoċa mé é iona mbrollaċ. 7 Ḃur ccionta féin, agus cionta ḃur naiṫreaḋ aráon, a deir an TIĠEARNA, noċ do loisg túis ar na sléiḃtiḃ, agus do ṁasluiġ misi ar na cnocaiḃ: ar a naḋḃarsin toiṁeosuiḋ mé a ccéadobair iona mbrollaċ. 8 ¶ Marso a deir an TIĠEARNA, Mar ġeiḃṫear an fíon núaḋ san triopaill, agus a deir duine, Ná mill é; óir atá beannuġaḋ ann: mar sin do ḋéanas mé ar son mo ṡeirḃíseaċ, iondus naċ scriosfa mé uile íad. 9 Agus do ḃéara mé amaċ síol as Iácob, agus as Iúdah oiġre ar mo ṡléiḃtiḃ: agus géaḃuid mo roiġne a oiġreaċd, agus áitreoḃuid mo ṡeirḃísiġ ann. 10 Agus biáiḋ Saron na ṁáinnriġ ṫréud, agus gleann Aċor na áit airġeaċ do luiḋe sios ann, ar son mo ṗobail noċ díarr mé. 11 ¶ Aċt is siḃsi an drong ṫréigios an TIĠEARNA, ḋearmaduiġeas mo ṡlíaḃ náoṁṫa, noċ ġléusas bórd do ṡlúaġ neiṁe, agus ḟoirlíonas deoċofrála do na plaineadúiḃ. 12 Uimesin áireoṁuiġ misi siḃ ċum an ċloiḋiṁ, agus cromfuid uile síos ċum a náir: do ḃríġ nár ḟreagraḃair, a nuair do ġoir mé; a núair do laḃair mé, ní ċúalaḃair; aċd do rinneaḃair olc as coinne mo ṡúl, agus do ṫoġaḃair an ní ann naċ ar ḋúiliġ misi. 13 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA, féuċ, íosuid mo ṡeirḃísiġ, aċt bíaiḋ ocras oruiḃsi: féuċ, mo ṡeirḃísiġ, aċt beiṫise tartṁar: féuċ, gáirdeoċuid mo ṡeirḃísiġ, aċt béiṫisi fa náire: 14 Féuċ, canfuid mo ṡeirḃísiġ lé lúaṫġáir ċroiḋe, aċd coṁaircfiḋesi le doilġios ċroiḋe, agus núallfúiḋe le buáiḋirt spioruide. 15 Agus fuigfiḋe ḃur nainm mar ṁailaċt ag mo ḋáoine toġṫasa: óir muirfiḋ an Tiġearna DIA ṫú, agus goirfiḋ sé a ṡeirḃísiġ re amm oile: 16 Iondus an té ḃeannuiġeas é féin annsa talaṁ, beinneoċuiḋ sé é féin an Ndía na firinne, agus an té ṁionnoċus air an talaṁ mionnoċa sé fa Ḋía na fírinne; do ḃríġ gur dearmaduiġeaḋ na céad ḃuaiḋearṫa, agus do ḃríġ gur ḟoluiġeaḋ iad as mo raḋarcsa. 17 ¶ Oir, féuċ, cruṫuiġim neaṁ núaḋ agus talaṁ núaḋ: agus ní cuiṁneoċṫar na céidneiṫe, agus ní mó ṫiucfuid a ninntinn. 18 Aċt bíṫíse lúaṫġaireaċ agus gáirdiġiḋ go síorruiḋe annsa ní ċruṫaiġim: óir, féuċ, cruṫuiġim lúaṫġáir Dierusalem, agus sólás dá pobal. 19 Agus gáirdeoċuiḋ misi ann Ierusalem, agus solasfuiḋ mé ann mo ṗobal féin: agus ní ccluinfíġear gúṫ an ġola innte ní sa ṁó, nó fuáim na ccoṁarc. 20 Ní ḃía annsin feasda naóiḋe laéṫeaḋ, nó duine foirfe naċ ar ċoiṁlíon a laéṫe: óir éugfuiḋ an leanaḃ a ccionn a ċéud blíaḋan; aċt biáiḋ an peacaċ ḃíos a ccionn a ċéad blíaḋan malluiġṫe. 21 Agus tógfuid tiġṫe, agus áitreoḃuiḋ íad; agus plainndeoċuid fineaṁna, agus íosuid dá ttoraḋ. 22 Aċt ní ṫóigfid síadsan, agus neaċ oile dá áitreahh; ní plainndeoċuid síad, agus neaċ oile dá iṫe: óir aṁuil atáid láeṫe crainn is marsin atáid láeṫe mo ḋaóinesi, agus sealḃoċuid mo ṫoġṫa a ḃfad oibreaċa a láṁ féin. 23 Ní ṡáoṫroċuid go díoṁaóin, agus ní ṫiuḃruid amaċ ċum buaiḋearṫa; óir isíad síol beannuiġṫe an TIĠEARNA íad, agus a slioċd maille riú. 24 Agus tiucfa a gcríċ, suil ġoirfeas síad, go ḃfreagora misi, agus an fad ḃéid fós ag laḃairt, go ccluinfe mé. 25 Iosuiḋ an mactíre agus an túan a ḃfoċair a ċéile, agus íosuiḋ an leoṁan tuiġe mar an ndaṁ: agus buḋ lúaiṫreaḋ beaṫa na naiṫreaċ niṁe. Ní ġoirteoċuid agus ní ṁuirfid ann mo ṡlíaḃ náoṁṫasa uile, a deir an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society