Isaiah 64 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil LXIV. Urnaiḋ ag foillsiuġaḋ neart, 5 agus trócaire Dé, 6 agus peacaḋ ġráineaṁuil an duine. 1 Do bfeárr liom go mbreisfá na flaiṫis, go ttigṫea a núas, ċor go ttuileoċaidís na sleiḃṫe síos dot laṫair, 2 Aṁuil mar lasas an teine leaġṫaċ, ḃeir an teine ar na huisgeaḋuiḃ fíuċaḋ, dfoillsiuġaḋ hanma dot naiṁdiḃ, ċor go ccriṫneoċuid na críoċa dot laṫair! 3 A nuáir do rinne tú neiṫe úaṫḃásaċa naċ raiḃ súil aguinne ríu, ṫáinic tú a núas, do ṫuiliġiodar na sléiḃte síos led ḟaicsin. 4 ¶ Oír ní ċúaladar daóine ó ṫosaċ an doṁuin, níor ṁoṫuiġeadar leis an ccluáis, ní mó do ċonnairc an tsúil, a Ḋía, taoḃ amuiġ ḋiotsa, an ní dullṁaiġ sé don tí ḟeiṫios air. 5 Teagṁuiḋ tú don té ġáirdiġeas, agus oibriġios fíréantaċd, cniṁniġid siad ort ann do ṡliġṫiḃ: féuċ, atá fearg ort; do ḃríġ gur ṗeacuiġeamairne: ionta so atá búanfus, agus sáorfuiġear sinn. 6 Aċt atámaóid uile aṁuil neaṁġlan, agus atáid ar nionnracus uile aṁuil ceirteaċa salċa; agus seargamaoid uile aṁuil duilléog; agus rugadar ar bpeacuiḋ leó sinn cosṁuil ris an ngaóiṫ. 7 Agus ní ḃfuil áon ġoireas air mainmse, ċorruiġeas é féin súas do ġaḃáil greama ḋíotsa: óir dfoluiġ tú haġaiḋ oruinn, agus do leaġ tú sinn, ar son ar cciontaḋ. 8 Aċt anois, a ṪIĠEARNA, is tú ar naṫair; is sinne an ċré, agus is tusa ar ccumadóir; agus sinne uile obair do láiṁe. 9 ¶ Ná bíoḋ fearg ro ḋoiliġ ort, a ṪIĠEARNA, agus ná cuiṁniġ peacaḋ go síoṫ húan: féuċ, aṁairc, íarrmaoid dáṫċuinge ort, is sinn uile do ṗobal. 10 Atáid caíṫreaċa do náoṁṫaċda uile na ḃfásaċ, atá Sion na fásaċ, Ierusalem air na léirsgrios. 11 Atá ar ttiġ náoṁṫa agus sgíaṁaċ, ar na losgaḋ uile re teine, áit ar ṁoladar ar naiṫre ṫusa; agus ar neiṫe sólásaċ uile ar na léirsgrios. 12 An ccuirfiḋ tusa srían riot féin ar na neiṫiḃsi, a ṪIĠEARNA? an mbía tú ad ṫoċd, agus sinne do ġortuġaḋ go géur? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society