Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 63 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil LXIII. Tairrgir ar an ċoṁraḋ ḃías eidir Criosd, 15 agus a eagluis.

1 Cia hé so ṫig ó Edom, maille ré cúlaḋ ḋaite ó Ḃosrah? an té so atá glorṁar a néadaċ, ag siuḃal a méad a neirt? Misi laḃrus a ḃfíréantaċt, cuṁaċtaċ ċum saorṫa.

2 Cred fá ḃfuil tú dearg ann do ċúlaiḋ, agus téadaċ cosṁuil ris an té ṡaitras a númar a nfiona?

3 Do ṡaltair mé a númar na fíneaṁna am áonar; agus ní raiḃ aoinneaċ don ṗobal agam: óir sailteoruiḋ mé íad ann mfeirg; agus siuḃoluiḋ mé súas orra ann mo ḃuile; agus croiṫfiġear a ḃfuil ar méadaċ, agus bailleoċa mé mo ċúlaiḋ uile.

4 Oír atá lá an dioġaltais ann mo ċroiḋe, agus ṫainic blíaḋum mfúascailteaċ.

5 Agus dféuċ mé, agus ní raiḃ áon do coiḃreoċaḋ; agus dob iongnaḋ liom naċ raiḃ áon do ċongṁaḋ súas: uimesin ṫug mo rúíġ féin coḃair ċugam; agus do ċonnuiṁ mainteas, súas mé.

6 Agus sailteoruiḋ mé na daoine sios ann mfeirg, agus cuirfiḋ me ar meisge ann mo ro ḟearg íad, agus do ḃéara mé a neart síos gus an ttalaṁ.

7 ¶ Cuiṁneoċa mé cinéul gráḋaċ an TIĠEARNA, agus molta an TIĠEARNA, do réir na nuile neiṫe dar ṫioḋluic an TIĠEARNA ḋúinn, agus a ṁaiṫeasa móire a ttaoḃ ṫiġe Israel, noċ do ḃronn sé ḋoiḃsion do réir a ġrás, agus do réir iomuid a ċinéul ngráḋaċ.

8 Oír a duḃairt sé, Go deiṁin is íad mo ṗobalsa íad, clann naċ déana bréag: óir dob eision a Slánaiġṫeóir.

9 Do ḃí seision buáiḋearṫa ann a nuile ḃuáiḋreaḋsan, do ṫárṫuiġ aingeal a aiġṫe iad: ann a ġráḋ agus ann a ṫruáiġe dfúascail sé íad; diomċuir sé, agus rug leis íad uile láeṫe an tsáoġail.

10 Aċt do ċúadar a neasuṁla air, agus do ḃúaireadar a Spiorad naoṁṫa: air anaḃarsin dfill se ċum ḃeiṫ na náṁid, agus do ṫroid sé na naġuiḋ.

11 Annsin do ċuiṁniġ sé na sean láeṫe, Maóise, agus a ṗobal, ġá raḋ, Cáit a ḃfuil an té ṫug as an ḃfairge íad maille re príoṁ aoḋuire a ṫréada? cáit a ḃfuil an té do ċuir Spiorad a náoṁṫaċda ann a lár?

12 Noċ do ṫréoruiġ íad tre ḋeisláiṁ Ṁaóise lé na ríġ ġlórṁair, ag roinn na nuisgeaḋ rompa, do ḋéanaṁ a anma suṫain dó féin?

13 Noċ do ṫréoruiḋ íad ṫríd an nduḃaigéun, mar eaċ annsa ḃfásaċ, ċor naċ ḃfuiġedis tuisleaḋ?

14 Aṁuil téid beiṫeaċ síos annsa ġleann, ṫug Spiorad an TIĠEARNA air coṁnuiġ do ḋéanaṁ: is marsin do ṫréoruiġ tusa do ṗobal, do ḋéanaṁ anma glórṁuir ḋuit féin.

15 ¶ Féuċ a núas ó neaṁ, agus féuċ o áitreaḃ do náoṁṫaċda agus do ġloire: cáit a ḃfuil do ṫeasgráḋ agus do neart, agus fuaim hinneaḋ agus do ṫrócaire? an ḃfuil toirmiosg orra am ṫáoḃsa?

16 Gan aṁarus is tú ar naṫair, bíoḋ naċ aiṫnid do Abraham sinn, agus naċ adṁann Israel sinn: is tusa, a ṪIĠEARNA, ar naṫair, ar slanaiġṫeóir; atá hainm o ṡíorruiḋeaċt.

17 A ṪIĠEARNA, créd fa ttug tú oruinn seaċran o do ṡliġṫiḃ, agus ar ċrúaḋuiġ tú ar ccroiḋe ód eagla? Fill ar son do ṡearḃḟoġantuiḋeaḋ, treaḃa hoiġreaċda.

18 Nior ṡealḃuiḋ pobal do náoṁṫaċda é aċd re beagan aimsire: do ṡaltradar ar neasccáirde do ṡanctóra fáoi na ccosuiḃ.

19 Is sinne do ṁuinntirse; ní raiḃ úaċdaranaċd agad a riaṁ ós a ccionnsan; níor ġoireaḋ íad led ainmsi.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan