Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 62 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil LXII. Lonnraḋ Sion, 6 agus oifig ṁinisdri no siraire na heagluise.

1 Ar son Ṡíon ní ḃiáiḋ mé am ṫoċd, agus ar ġráḋ Iérusalem ní ċoisgfe mé, nó go ndeaċuiḋ a ḃfíreantaċd amaċ aṁuil déalruġaḋ, agus a slánuġaḋ aṁuil tóirse air lasaḋ.

2 Agus do ċifid na geinte hionnracus, agus na huile ríġṫe do ġlóir: agus goirfiġear ṫú maille re hainm núaḋ, noċ ainmneóċus béul an TIĠEARNA.

3 Biáiḋ tú fós ad ċoróin ġlóire a láiṁ an TIĠEARNA, agus ad ḋiadem ríoġaṁuil a láiṁ do Ḋé.

4 Ní goirfiġear ḋíot ní sa ṁó Tréigṫe; agus ní déarṫar do ḋúṫaiġ ní is mó Uáigneaċ: aċt goirfiġear Haṗsi‐bah ḋíot, agus dot ḋúṫaiġ Beulah: óir dúiliġiḋ an TIĠEARNA ionnad, agus pósfuiġear do ḋúṫaiġ.

5 Oir aṁuil ṗósas ógánaċ maiġdion, is marsin ṗósuid do ṁic ṫusa: agus mar ġáirdiġeas an fear núaḋṗosta ós a ṁnaói núadṗósta, marsin ġáirdiġeas do Ḋía ós do ċionnsa.

6 ¶ Do ċuir mé foraire air do ḃallaḋuiḃ, a Ierusalem, naċ ccoisgfiḋ a lá nó a noiḋċe: ná bíṫise ḃur ttoċd, a ḋrong tig ṫar an TTIĠEARNA,

7 Agus ná léigiḋ suáiṁneas dó, nó go ndaingniḋ sé; agus go ndéarna sé Ierusalem na ṁolaḋ annsa talaṁ.

8 ¶ Do ṁionnuiġ an TIĠEARNA fa na láiṁ ḋeis, agus le rúiġ a neirt, Go dearḃṫa ní ṫiuḃra mé ní as mó ṫarḃarsa do ḃeiṫ na ḃíaḋ dot naiṁdiḃ; agus ní ioḃuid mic na ccoiṁṫiḋeaċ ṫfion ar son ar ṡáoṫruiġ tú.

9 Aċt asíad an luċt do ċruinniġ é íosas é, agus molfuid an TIĠEARNA; agus ioḃuid an drong ṫug a gcionn a ċéile é a ccúirtiḃ mo náoṁṫaċdasa.

10 ¶ Eirgiḋ ṫríd, éirgiḋ ṫríd na geataḋuiḃ; ullṁuiġiḋ sliġe an ṗobail; teilgid súas, teilgiḋ súas an tsliġe ṁór; cruinniġiḋ amaċ na cloċa; tógḃuiḋ súas brataċ don ṗobal.

11 Féuċ, dfúagair an TIĠEARNA go críoċuiḃ na talṁan, Abraiḋse re hinġin Ṡion, Féuċ, atá do ṡlánuġaḋ ag teaċt; féuċ, atá a luáiḋeaċt leis, agus a obair roiṁe.

12 Agus goirfid síad díoḃ, An pobal naoṁṫa, fúascailtiġe an TIĠEARNA: agus goirfiġear ḋíotsa, Ar na hiarruiḋ amaċ, Caṫair naċ ar tréigeaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan