Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 61 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil LXI. Oifig Ċríosd, ċuirṫear a coríċ ṫríd an Spiorad Naoiṁ.

1 Ata Spiorad an Tiġearna DIA orumsa; do ḃríġ gur ung an TIĠEARNA mé do ṡeanmóir sgéula maiṫe do na ceannsuiġiḃ; do ċuir sé mé do ċeangal súas na ccroiḋṫe mbriste, dfúagra saóirse do na braiġdiḃ, agus oscuilte an ṗríusúin don druing atá ceangailte;

2 Dfúagra blíaḋna taitneaṁuiġ an TIĠEARNA, agus láe dioġaltais ar Ndé; do ċaḃruġaḋ na méide ċaoiḋeas:

3 Dórdúġaḋ don druing ċaoíḋeas a Sion, do ṫaḃairt sgéiṁe ḋóiḃ ar son lúaṫa, ola an ġáirdeaċuis ar son dóbróin, éaduiġ an ṁolta ar son spioruiḋe brúiġte: go ngoirfiḋe crainn na fíroantaċda ḋioḃ, plannduġaḋ an TIĠEARNA, ċor go nglórfuiḋe é.

4 ¶ Agus cuirfid siad súas na seanḟasuiġe, tóigfid súas na seanáite uáigneaċa, agus aṫnúaḋċuid na caiṫreaċa fásuiġ, fásuġaḋ ṁóráin ġinealaċ.

5 Agus seasfuid coiṁṫíġiḋ agus biáḋfid ḃur ttréada, agus buḋ íad clann na neaċtrannaċ ḃur ttreaḃṫaċa agus luċt deasuiġṫe ḃur ḃfíneaṁnaċ.

6 Aċt goirfiġear ḋíḃsi Sagairt an TIĠEARNA: goirfid na daóine Minisdrí ar Ndé ḋíḃ: íostaói saiḋḃrios na ngeinteaḋ, agus ann a nglóir ṁáoiṫfiḋe siḃ féin.

7 Ar son ḃur náire do ġeaḃṫaói dúbalta; agus ar son aiḋṁillte gáirdeoċuid ann a ccuid ronna: uimesin iona ndúṫaiġ sealḃoċuid roinn ḋúbalta: biáiḋ lúaṫġair ṡíorruiḋe aca.

8 Oír misi an TIĠEARNA gráḋuiġim breiṫeaṁnus, is fúaṫ líom sladṁóireaċd mar ofrail loisge; agus séolfa mé a nobair a ḃfírinne, agus do ḋéana mé cunnraḋ súṫain ríu.

9 Agus aiṫeontar a síol a measg na ngeinteaḋ, agus a slioċd a measg an ṗobail: aideoṁuid gaċ a ḃfaicfiḋ íad, gur bíad an síol do ḃeannuiġ an TIĠEARNA.

10 Gáirdeoċuiḋ mé go mór annsa TIĠEARNA, biáiḋ manam sólásaċ ann mo Ḋia; óir déaduiġ sé mé a cculaḋuiḃ an tslánaiġṫe, dfoluiġ sé mé le róba na firéantaċda, aṁuil ċóiriġeas fear núaḋpósta é féin le breáġaċtuiḃ, agus mar ċóiriġeas an ḃean núaḋṗósta í féin lé na séuduiḃ.

11 Oír mar do ḃeir an talaṁ a ḟás amaċ, agus aṁuil do ḃeir an gáirdín ar na neiṫiḃ cuirṫear ann fás a níos; marsin do ḃéar an Tiġearna DIA fíréanntaċd agus molaḋ dfás súas as coinne na nuile ċríoċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan