Isaiah 60 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil LX. Ata Críosd ná ṡolas da ḋaoiniḃ uile, 15 ag taḃairt ṁóir‐ḃeannaċda ḋóiḃ tar éis fulang. 1 Eiriġ, déalruiġ; óir ṫáinic do ṡolus, agus déiriġ glóir an TIĠEARNA ort. 2 Oír, féuċ, foileoċuiḋ an dorċadus an talaṁ, agus dorċadas tiuġ an pobal: aċt éireoċuiḋ an TIĠEARNA ortsa, agus do ċífiġear a ġlóir ort. 3 Agus tiucfuiḋ na geintiḋe ċum do ṡoluis, agus ríġṫe ċum soillsi héirġe. 4 Tóig súas do ṡúile timċioll fa ccuáirt, agus faic: cruinniġid síad íad féin a ccionn a ċéile, tigid síad ċugadsa: tiucfaid do ṁic ó himċéin, agus oilfiġear hinġeana red ṫáoḃ. 5 Annsin do ċífe tú, agus líonfuiḋear ṫú, agus eagloċuid do ċroiḋe, agus fairseongṫar é; do ḃríġ go ḃfilifiġear ċugadsa iomadaṁlaċd na fairge, go ttiucfaiḋ neart na ngeinteaḋ ċugad. 6 Foileoċuiḋ iomadaṁlaċd na ccáṁall ṫú, dromedari Ṁídian agus Eṗah; ttiucfuid síad uile ó Ṡéba: do ḃéaruid ór léo agus túis; agus foillseoċuid amaċ molta an TIĠEARNA. 7 Cruinneoċṫar tréuda Cedar uile mar áon ċugadsa, foiġeonuid reiṫeaḋ Nebaiot ḋuit: tiucfuid súas maille ré mo ḋeaġṫoilsi ar maltóir, agus glóirfiodsa tiġ mo ġlóire. 8 Cía híad so eitiollus mar néull, agus mar ċoluma ċum a ḃfuinneóg? 9 Go deiṁin feiṫṁid na hoiléain riomsa, agus loingios Ṫarsis ar ttús, agus do ḃéuruid do ṁicsi ó himċéin, a nór agus a nairgiod léo, go hainm an TIĠEARNA do Ḋía, agus go Háon Naoṁṫa Israel, do ḃríġ gur ġlóruiġ sé ṫusa. 10 Agus cuirfid mic na ccoiṁiḋṫeaċ do ḃallaḋa súas, agus foiġeonuid a riġṫe ḋuitsi: óir do ḃuáil misi ann mfeirg ṫú, aċt an mo ḋéaġṫoil do rinne mé trócaire ort. 11 Uimesin béid do ġeataḋa foscuilte do ġnáṫ; ní druidfiḋear íad a ló nó a noiḋċe, ċum go ttuga daóine ċugad neart na ngeinteaḋ, agus go ttugṫar a ríġṫe. 12 Oír an cineaḋ nó an rioġaċt naċ ḃfoiġeonuiḋ ḋuit sgriosfuiġear é; fáiseaċṫar fós; na cineadaċa sin uile. 13 Tiucfa glóir Lebanon ċugad, an crann giuṁais, an crann pine, agus an bocsa a néinḟeaċd, do sgíaṁuġaḋ aite mo ṡanctóra; agus do ḋéana mé áit mo ċos glórṁar. 14 Tiucfuiḋ fós mic na ndaoine do ġortuiġ ṫú do ċláonaḋ ḋuit; agus a nuile ḋuine do ṫarcuisniġ ṫú cromfuiḋ síad síos ag bonnuiḃ do ċos; agus goirfid Caṫair an TIĠEARNA ḋíot, Sion Aóin Náoṁṫa Israel. 15 ¶ A náit ar tréigeaḋ agus ar fúaṫuiġeaḋ ṫú, iondus nár ġaḃ áonduine ṫríod, do ḋéana mé oirḋearcus síoṫḃúan díot, gáirdeoċus morán ginealaċ. 16 Díulfuiḋ tú fós bainne na ngeinteaḋ, agus díulfa tú cíċe na ríoġ: agus biáiḋ a ḟios agad gur misi an TIĠEARNA do Ṡlánaiġṫeóir agus Ṫfúascaltóir, áon cuṁaċdaċ Iácob. 17 Ar son práis do ḃéara mé ór liom, agus ar son íaruinn do ḃéara mé airgiod, agus ar son connaiḋ prás, agus ar son cloċíarrann: do ḋéanad fós síoṫċain dot leaṫtrom, agus dot ḋaoirċíos fíréuntaċd. 18 Ní cluinfiġear foiréigion ann do ṫír ní sa ṁó, fásuġaḋ nó aiḋṁilleaḋ táoḃ a stiġ dot ṫéorannuiḃ; aċt goirfiḋ tú dot ḃallaḋuiḃ Slánuġaḋ, agus dot ġeataḋuiḃ Molaḋ. 19 Ní buḋ hé an ġrían feasda do ṡolus annsa ló; agus ní hi an ġealaċ ḃéuras solus mar loinnir ḋuit: aċt isé an TIĠEARNA ḃus solus síorruiḋe ḋuit, agus do Ḋía do ġlóir. 20 Ní raċuiḋ do ġrían faói ní as mó; agus ní ṡeaċona do ġealaċ í féin: óir isé an TIĠEARNA ḃus solus síoṫḃúan duit, agus críoċnoċṫar láeṫe do ġuḃa. 21 Béid fós huile ḋaóine fíréunta: geaḃuid oiġreaċd na dúiṫċe go bráṫ, géug mo ṗlannduiġṫesi, ohair mo láṁ, ċor go nglóruiġṫear mé. 22 Biáiḋ an beag na ṁíle, agus an fann na ċineaḋ ṁór: misi an TIĠEARNA deiṫfreóċad sin ion am. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society