Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Prioṁ‐adṁail na seraṗiniġ ar náoṁṫaċd na Trionnoide.

1 Annsa ḃlíaḋain a ḃfuáir ríġ Ussiah bás do ċonairc mé an TIĠEARNA na ṡuiġe a ccaṫaóir ríoġa, go hárd agus ar na ṫógḃáil súas, agus do líonadar a luċd leanaṁna an teampall.

2 Os a ċionn ṡúas do ṡeasadar na seraṗiniġ: do ḃí sé scíaṫáin ar gaċ aon díoḃ; le cúpla dfoluiġ sé a aġaiḋ, agus lé cúpla dfoluiġ sé a ċosa, agus lé cúpla do eitil sé.

3 Agus do ġoir aon ar oile, agus a duḃradar, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, TIĠEARNA na slóġ: atá an talaṁ uile líonta da ġlóir.

4 Agus do ċorruiġeadar ursanna an doruis le guṫ an té do laḃair, agus do líonaḋ an tiġ le deatuiġ.

5 ¶ Annsin a duḃairt misi, A ṁairg ḋaṁsa! óir atáim millte; do ċionn gur duine do ḃéul neaṁġlan mé, agus go náitreaḃuim a measg daóine ḃéul neaṁġlan: óir do ċonncadar mo ṡúile an Ríġ, TIĠEARNA na slóġ.

6 Annsin do eitil aon do na seraṗiniḃ ċugam, agus sméaróid ḋearg iona láiṁ, noċ do ḃean sé leis a niolġaiḃ don naltóir.

7 Agus do ċuir sé air mo ḃéulsa é agus a duḃairt, Féuċ, do ḃeauso red ṗuisiniḃ; agus rugaḋ héaigceart uáit, agus do ġlanaḋ do ṗeacuiḋ.

8 ¶ Mar an ccéadna do ċúalaiḋ mé gúṫ an Tiġearna, ġa ráḋ, Cía ċuirfeas mé uaim, agus cía raċus air ar son? Annsin a duḃairt misi, Atáimse annso; cúir misi uáit.

9 Agus a dúḃairt seision, Eiriġ, agus innis don ṗobalsa, Eistiġ go deiṁin, aċd ná tuigiḋ; agus faiciḋ go dearḃṫa, aċt ná moṫuiġiḋ.

10 Déana croiḋe na ndaómesi méiṫ, agus déana a cclúasa trom, agus druid a súile; deagla go ḃfaicfidis le na súiliḃ, agus go ccluintidís lé na cclúasaiḃ, agus go ttuigfidís lé na ccroiḋe, agus go ḃfillfidís, agus go mbéidís slán.

11 Annsin a dúḃairt misi, a ṪIĠEARNA, ga fad? Agus do ḟreagair seision, Nó go ḃfásuiġṫear na caiṫreaċa gan áitreaḃaċ, agus na tiġṫe gan fear, agus go mbía an talaṁ ṫríd amaċ na ḟásaċ.

12 Agus go náṫruiġ an TIĠEARNA daóine a nimċían, agus go mbía tréigean mór a lár na críċe.

13 ¶ Giḋeaḋ biáiḋ deaċṁaḋ ann, agus fillfiḋ, agus íostar é: mar buḋ crann teile, agus daruiġ, a mbía a mbríġ ionnta, a nuáir ṫeilgid a nduille: marsin an siol náoṁṫa ḃus substaint dó sin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan