Isaiah 59 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil LIX. Ata neart‐saóraiḋ Dé ionann do ġná, 2 muna toirmisc peacaḋ damanta an duine é. 1 Feuċ, níor giorruiġeaḋ láṁ an TIĠEARNA, as naċ ḃféadann sé tarṫáil, agus ní trom a ċlúas, as naċ ḃféadann cluinsion: 2 Aċt do rinne ḃur cciontasa dealuġaḋ idir siḃsi agus ḃur Ndía, agus dfoluiġeadar ḃur bpeacuiḋe a aġaiḋ uáiḃ, go naċ ccluinfiḋ sé. 3 Oir do salċaḋ ḃur láṁa lé fuil, agus ḃur méir lé héigceart; do laḃradar ḃur bpuisiniġ bréaga, do smúaineadar ḃur tteangṫa urċóid. 4 Ní ġoireann áonduine ar ċeart, agus ní ṫagrann aoinneaċ ar son firinne: dóṫċusuiġid síad a ndíoṁaóineas, agus a deirid bréaga; tionnscnuid dioġḃáil, agus beirid amaċ éigceart. 5 Do ḃrisiodar uiġe an ċocatrís, agus dfiġeadar líonraḋ daṁáin ealluiġ: an té iṫios dá nuiġiḃ éuguiḋ sé, agus an ní ḃrúiġtear brísiġ sé amaċ na aiṫir niṁe. 6 Ní ḃéid a líonta na néuduiġiḃ, ní mo ḟoileoċuid síad íad féin le na noibreaċaiḃ: is oibreaċa éigceirt a noibreaċa, agus atá gníoṁraḋ foiréigin iona láṁuiḃ. 7 Rioṫuid a ccosa ċum uilc, agus do níd deiṫníos do ḋórtaḋ fola neiṁċiontuiġ: is smuáintiġṫe uilc a smuáintiġṫe; atá fásuġaḋ agus aiḋṁilleaḋ iona sliġṫiḃ. 8 Ni haiṫnid dóiḃ sliġe na síoṫċána; agus ni ḃfuil breiṫeaṁnus ar biṫ iona nimṫeaċduiḃ: do rinneadar ḋóiḃ féin sliġṫe cama: giḋ bé ṫéid annsin ní ḃía fios síoṫċána aige. 9 Uimesin atá breiṫeaṁnus a ḃfad uáinne, agus ní ḃeirionn an ceart oruinn: féiṫmíd ar ṡolus, aċt féuċ dorċadus; ar ḋéalraḋ, aċt siuḃluiġmíd a ndorċadus. 10 Do nímid sméarraċt ar na balluiḃ aṁuil dalla, agus do nímid sméarraċt mar naċ beidís súile aguinn: tuislemid annsa meaḋon laói mar a noiḋċe; atámuid a náitiḃ uáigneaċa aṁuil daóina marḃa. 11 Núallamuid uile aṁuil maṫġaṁna, agus guḃamaoid go doiliġ aṁuil columa: atá ar súil ré breiṫeaṁnus, aċt ní ḃfuil ar faġáil; ar son tárṫala, atá sí a ḃfad uáinn. 12 Oír atáid ar ccionta ar ḃfoirlíonaḋ ad laṫairsi, agus fiaġnuiġid ar bpeacuiḋe ar naġaiḋ: óir atáid ar sáruiġṫe maille rinn; agus ar son ar néigceirt, is aiṫnid dúinn íad; 13 A sáruġaḋ agus a mbréagaiḃ a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus a nimṫeaċd ar siuḃal ó ar Ndía, ag laḃairt leaṫtruim agus easuṁla, ag tionnscnaṁ agus ag laḃairt ó ċroiḋe bríaṫra bréagaċa. 14 Agus do filleaḋ breiṫeaṁnus ar ccúl uáinn, agus seasuiḋ an ceart a ḃfad uáinn: óir do ṫuit a nfírinne annsa tsráid, agus ní ḟéadann an ċóir dul a steaċ. 15 Dfailliġ fós, a nfírinne; an té ṡeaċnus an tolc do ní sé creaċ ḋe féin: agus do ċonnairc an TIĠEARNA sin, agus dob olc leis naċ raiḃ breiṫeaṁnus air biṫ ann. 16 ¶ Agus do ċonnairc sé naċ raiḃ áonduine, agus dob iongnaḋ leis naċ raiḃ impiḋeaċ ar biṫ ann: uimesin ṫug a ruiġ slánuġaḋ ċuige; agus a ḟíréantaċt, do ċoṫuiġ sí é. 17 Oír do ċuir sé fíréantaċd uime mar uċtéadaċ, agus clogad an tslánuiġṫe ar a ċeann; agus do ċuir sé cúlaiḋ an dioġaltais uime mar éadaċ, agus do éaduiġeaḋ é le teasġráḋ aṁuil clóca. 18 Do réir a ngníoṁ, is mar an ccéadan ċuiteoċus sé, buile re na náṁuid, luáiġeaċt dá eascáirdiḃ, do ḃéara sé luáiġeaċd do luċd na noiléan. 19 Marsin ḃías eagla anma an TIĠEARNA orra ó náird ṡíar, agus a ġlóire ó éirġe na gréine. A nuáir ṫiucfas an náṁuid a steaċ aṁuil tuile tóigfe Spiorad an TIĠEARNA brataċ súas na aġaiḋ. 20 ¶ Agus tiucfa an Slánaiġṫeoir go Sion, agus ċum na druinge ḟilleas ó ṗeacaiḋ ann Iácob, a deir an TIĠEARNA. 21 Ar mo ṡonsa, isé so mo ċunnraḋ ríu, a deir an TIĠEARNA; Mo spiorad noċ atá ortsa, agus mo ḃríaṫra do ċuir mé ann do ḃéul, ní ḋeileoċuid ré do ḃéul, no re béul do ṡíl, nó re béul síl do ṡíl, a deir an TIĠEARNA, ó so amaċ agus go bráṫ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society