Isaiah 58 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil LVIII. Eisiomplar an deaġ ṡeanmontuiġe, 6 agus an deaġ ṫrosgaḋ. 1 Eiġ go hárd, ná coigil, tóig súas do ġuṫ aṁuil stoc, agus taisbeain don ṗobal a sáruġaḋ, agus do ṫiġ Iácob a bpeacuiḋe. 2 Ṫairis sin íarruid síad mise go laéṫeaṁuil, agus dúiliġid a néolús mo ṡliġṫeaċsa, aṁuil cineaḋ do rinne ionnracus, agus nár ṫréig órduġaḋ a Ndé: íarruid síad orumsa breiṫeaṁnus an ċeirt; bí dúil aca teaċt a ngar do Ḋía. 3 Cred fár ṫroisgeamar, a deirid síad, agus naċ ḃfaiceann tusa? créd far ṗíanamar ar nanam, agus naċ ḃfeadair tusa? Féuċ, a ló ḃur ttroisge do ġeaḃṫaoi sólás, agus íarrfuiġe go géar ḃur ḃfíaċa uile. 4 Féuċ, troisgṫí ar son imreasan agus ceannairge, agus do ḃúalaḋ le dórn go hurċóideaċ: ni ṫroisgṫí mar do niṫi annsa lósa, do ḋéanaṁ ḃur ngoṫa ċluinsion go hárd. 5 A ne a leiṫeid sin do ṫrosgaḋ do ṫoġ misi? lá don duine do smaċtuġaḋ a anma? a né do ċromaḋ a ċinn sios aṁuil buigṡiḃinn, agus do leaṫnuġaḋ saicéaduiġ agus luáiṫriġ faói? an ngoireann tú trosgaḋ ḋe so, agus lá taitneamaċ don TIĠEARNA? 6 Naċ é so an trosgaḋ do ṫoġ misi? do sgaoileaḋ cuiḃreaċ a nuilc, déadtromaḋ na núalaċ trom, agus an ṁuinntir ṡaruiġte dḟuasglaḋ, agus go mbriseaḋ siḃ gaċ uile ċuiḃreaċ? 7 Naċ ċum haráin do roinn ar na hocraċaiḃ, agus go ttugṫá dot ṫiġ na boiċt air seaċrán? a nuáir do ċife tú an tárrnoċd, go ḃfoileoċa tú é, agus naċ ḃfoileoċa tú ṫú féin ód ḟeoil féin? 8 ¶ Annsin ḃrisfios do ṡolus amaċ mar an maidin, agus sgiunfiḋ do ṡláinte amaċ go lúaṫ: agus raċaiḋ hionnracus roṁad; cruinneoċuiḋ glóir an TIĠEARNA ṫú. 9 Ann sin ġoirfios tú, agus freagoruiḋ an TIĠEARNA; éiġfiḋ tú, agus a déara seision, Atáim annso. Má ċuirionn tú uáit as do lár an ċuing, cuir amaċ an ṁéir, agus laḃairt díoṁaóinis; 10 Agus má ṫáirngionn tú hanam amaċ do nocraċ, agus go sáiseoċa tú an tanam deireóil; annsin éireoċuiḋ do ṡolus annsa dorċadus, agus biáiḋ do ḋorċaċd aṁuil meaḋón an laói: 11 Agus tréoroċuiḋ an TIĠEARNA ṫú a ccoṁnuiḋe, agus sásfuiḋ sé hanam a ttiormaċ, agus do ḋéana sé do ċnáṁa méiṫ: agus buḋ cosṁuil ṫú re gáirdín ar na ḟliuċaḋ, agus cosṁuíl re tobar fioruisce naċ ḃfáilliġid a uisgeaḋa. 12 Agus áitreoċuid daóine úait na seanáite fasuiġ: tóigfe tú súas bunáite ṁóráin ginealaċ; agus goirfiġear ḋíot, Fear leasuiġṫe an ḃriste, Fear aisigṫe na slíġṫeaḋ áitreaḃ ionta. 13 ¶ Má ḟilleann tú do ċos ón tsaóire, do ḋéanaṁ do ṫoile ann mó ló saóiresi; agus go ngoirfe tú áoiḃneas don tsaóire, lá náoṁṫa onóraċ an TIĠEARNA; agus go nonórfa tú é, gan do ṡliġṫe féin do ḋéanaṁ, nó haoiḃneasa féin dfaġáil, nó gan do ḃríaṫra féin do laḃáirt; 14 Annsin ḃías háoiḃneas annsa TTIĠEARNA; agus do ḃéara misi ort marcuiġeaċd do ḋéanaṁ ar áitiḃ árda na talṁan, agus beaṫoċa mé ṫú a noiġreaċd Iácob haṫair: oir do laḃair béul an TIĠEARNA é. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society