Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 57 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil LVII. Ṫig claóċlo árid re linn báis ṁóran do ḋaóiniḃ maiṫe, go minic.

1 Imṫiḋ an fíréun seaċad, agus ní ċuireann áonduine ann a ċroiḋe é: agus beirṫear na daóine trócaireaċa as, gan áonduine do ċur a suim go mbeirṫear na fíréin as ó nolc atá ag teaċt.

2 Raċaiḋ sé a síoṫċáin: coiṁneoċuid iona leapṫaċaiḃ, gaċ aon ṡiuḃlas iona ionnracus.

3 ¶ Aċt tairngiḋ a ḃfogus a leiṫ annso, a ṁaca na ban druiḋe, slioċd a naḋaltrannuiġ agus na stríopuiḋe.

4 Cía a naġaiḋ a ndéantaoi ḃur macnus? cía a naġaiḋ a ndéantaoi béul fairsing, agus a ttairngṫí an teanga amaċ? naċ clann an tsárruiġṫe siḃ, síol na mbréag,

5 Da ḃur lasaḋ féin lé hioḋaluiḃ faói gaċ aon ċrann glas, ag marḃaḋ na leanaḃ annsna gleanntuiḃ fa scealpuiḃ na ccarrac.

6 A measc na ccloċ mbláiṫ an tsroṫa atá do ċuid ronna; is íad, íad sin do ċuid ronna: eaḋon is dóiḃsin do ḋóirt tú ofráil diġe, do íoḋbair tú ofráil ḃíḋ. An ḃfuiġinnse sólás ar biṫ ionta so?

7 Ar ċnoc árd úaċtaraċ do ṡuiġiḋ tú do leabuiḋ: eaḋon is annsin súas do ċúaiḋ tú dofráil íoḋbarṫa.

8 Ar ċúl an doruis mar an ccéadna agus na bpostaḋa, do ċuir tú súas do ċuiṁne: óir dfoillsiġ tú ṫú féin dfior oile táoḃ amuiġ ḋíomsa, do ċuáiḋ tú súas; dfairsingiḋ tú do leaba, agus do rinne tú cunnraḋ riúsan; do ġraḋuiġ tú a leaba mar a ḃfaca tú a náit.

9 Agus do ċuáiḋ tú a gcionn an ríġ lé hola, agus do ṁéaduiġ tú do ḋeaġḃoltuiḋ, agus do ċuir tú do ṫeaċta a ḃfád uáit, agus duirísliġ tú ṫú féin go hifrionn.

10 Atá tú coirṫe ó ṁéud hastair; giḋeaḋ ní abair tú, Ní ḃfuil dóṫċus ar biṫ: fuáir tú beaṫa do láiṁe; uime sin ní raiḃ tú doilġiosaċ.

11 Agus cía roiṁe agá raiḃ úaṁan ort nó dimeagluiġ ṫú, as a ndéarna tú bréag, agus naċ ar ċuiṁniġ tú misi, agus naċ ar ċuir tú ann do ċroiḋe é? naċ ar ṫoċd misi fós re fada, agus níor eagluiḋ tusa roṁam?

12 Foillseoċuiḋ mé ṫfíreantaċd, agus hoibreaċa; óir ní ṫairḃeoċuid síad ḋuit.

13 ¶ A nuáir éiġfios tú, tárṫuiġidís do ċompanuiġ ṫú; aċt béara an ġaoṫ ar siuḃal íad uile; béara an dioṁaoíneas air siuḃal íad: aċt sealḃoċuiḋ an té ċuirios a ḋóiġ ionnamsa an dúiṫċe, agus do ġeaḃuiḋ oiġreaċt mo ṡléiḃe náoṁṫa;

14 Agus a déaruid, Teilgiḋ súas, teilgiḋ súas, ullṁuiġiḋ an tsliġe, beiriḋ an ceap tuisliġe as sliġe mo ṁuinntire.

15 Oír is marso a déaruiḋ an Táon árd úaċdaraċ noċ áitreaḃus a siorruiġeaċd, darab ainm Náomṫa; áitreaḃad ann sa náit áird agus náoṁṫa, agus maille ris an té atá do spioruid ċoṁmbrúiġte agus uṁail, daiṫḃéoġaḋ spioraide na nuṁal, agus daiṫḃéoġaḋ croiḋe na druinge ḃios coṁmbrúiġte.

16 Oír ní ċeannairgfiḋ mé go siorruiḋe, ní mó ḃías mé a ccoṁnuiḋe feargaċ: óir dfáilleoċaḋ an spiorad roṁamsa, agus na hanmanna noċ do rinne mé.

17 Arson éigceart a ṡainte iseaḋ do ḃí mé feargaċ, agus do ḃuáil mé é: dfoluiġios mé féin, agus do ḃí mé feargaċ, agus do ċuáiḋ seision ar aġaiḋ go dona a sliġe a ċroiḋe.

18 Do ċonnairc mé a ṡliġṫe, agus leiġeosuiḋ mé é: tréoroċuiḋ mé é fós, agus aiseoga mé coṁḟurtaċda ḋó féin agus dá ċaóinteaċaiḃ.

19 Cruṫuiġim toraḋ na bpuisíneaḋ; Sioṫċáin, síoṫċáin don tí ḃíos a nimċéin, agus don tí atá ḃfogus, a deir an TIĠEARNA; agus leiġeosuiḋ mé é.

20 Aċt is cosṁuil na ciontuiġ ris an ḃfairge ḃuaiḋearṫa, a nuáir naċ ḃféadann sí suaiṁneas do ḋéanaṁ, a tteilgid a huisgeaḋa súas salċar agus lábpan.

21 Ní ḃfuil síoṫċáin ar biṫ, ag na ciontaċaiḃ, a deir mo Ḋíasa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan