Isaiah 56 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil LVI. Is beannuiġ ar gaċ aón ċor, an ṁéad daḋras Día go bunaiteaċ. 1 Is marso a deir an TIĠEARNA, Coiṁéaduiġsi breiṫeaṁnus, agus déanuiḋ ceart: óir atá mo ṡlánuġaḋsa a ḃfogus do ṫeaċt, agus mfírinne re na foillsiuġaḋ. 2 Is beannuiġṫe an té do ní so, agus mac an duine ḃeirios greim air; noċ ċoiṁéadas an tsaóire gan a truáilleaḋ, agus ċoiṁéadas a láṁ ó ḋéanaṁ uilc ar biṫ. 3 ¶ Ná habraḋ mac an ċoiṁiġṫiḋ, ċeanglas é féin ris an TTIĠEARNA, ġa ráḋ, Do ḋealuiḋ an TIĠEARNA misi go hiomlán ó na ṁuinntir: agus ná habraḋ an cailteanaċ, Féuċ, is crann críon mé. 4 Oír is marso a deir an TIĠEARNA ris na cailteanaċaiḃ ċongṁus mo ṡaóire, agus ṫoġas na neiṫe ṫaitneas riom, agus ḃeirios greim air mo ċunnraḋ; 5 Do ḃéara mé ḋóiḃsinn ann mo ṫiġ agus táoḃ a stiġ dom ḃalluiġiḃ áit agus ainm is feárr ná do ṁacaiḃ nó dinġeanuiḃ: do ḃéara mé ḋóiḃ ainm síorruiḋe, naċ geárrfuiġear amaċ. 6 Mic na ccoiṁiġeaċ mar an ccéadna, íaḋas íad féin leis an TTIĠEARNA, dfoġnaṁ ḋó, agus do ġráḋuġaḋ anma an TIĠEARNA, agus do ḃeiṫ na seirḃíseaċaiḃ aige, gaċ uile ḋuine ċoiṁéadas an tsaóire naċ brisionn í, agus ġlacus gréim dom ċunnraḋ; 7 Do ḃéara mé íad dom ṡlíaḃ náoṁṫa, agus do ḋéana mé lúaṫġáireaċ íad ann mo ṫiġ urnaiġe: glacfuiġear a nofráil loisge agus a níoḋbarṫa ar maltóruiḃ; óir goirfiġear dom ṫiġ tiġ na hurnuiġe do nuile ṗobal. 8 A deir an Tiġearna DIA, noċ ċruinniġeas díṫbearṫuiġ Israel, Cruinneoċa mé fós ċuige, táoḃ amuiġ don ṁéid atá cruinn aige. 9 ¶ Siḃsi a uile ainṁiḋe an ṁaġa, tigíḋ do ṡlugaḋ, siḃsi fós a uile ḃeaṫaċa na foraóise. 10 Atáid a luċt faire dall: ataid uile ainḃfiosaċ, atáid uile na madruiġiḃ balḃa, ní ḟéaduid taṫsann; na ccodlaḋ, na luiḋe síos, atáid gráḋaċ air néullfurtaiġ. 11 Atáid fós, na madruiġiḃ cíocraċa naċ ḃféadann ċoiḋċe a sáiṫ dfaġáil, agus is áoiḋaireaḋ gan tuigsin íad: féuċuid síad uile dá sliġṫiḃ féin, gaċ uile ḋuine ar son a ṫarḃa, ó na ċeaṫraṁuin. 12 Tigiḋ uáiḃ, a deirid síad, do ḃéara misi fíon líom, agus líonfam sinn féin lé díġ láidir; agus biáiḋ a máraċ mar an ló a niuġ, agus ní sa ro ḟairsinge. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society