Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 55 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil LV. Cuireaḋ ċum suipier ṁóir an TIĠEARNA , 3 ċum creideaṁ, 6 agus aiṫreaċas.

1 Ho, tigeaḋ gaċ uile ḋuine tartṁar, ċum na nuisgeaḋ, agus an té ag naċ ḃfuil airgiod; tigiḋse, ceannċuiḋ, agus iṫiḋ, tigiḋ, fós, ceannċaiḋ fíon agus bainne gan airgiod agus gan lúaċ.

2 Cred fá ccaiṫiġe airgiod ar ní naċ arán? agus ḃur sáoṫar re ní naċ sásuiġeann? eístiġ go dúṫraċtaċ riomsa, agus iṫiḋ an ní is maiṫ, agus bíoḋ dúil ag ḃur manam a méuṫus.

3 Cláonuiḋ ḃur cclúas, agus tigiḋ ċugamsa: clúiniḋ, agus mairfiḋ ḃur nanam, agus do ḋéana misi ccunnraḋ síorruiḋe riḃ, eaḋon grása daingne Ḋáiḃi.

4 Féuċ, ṫug mé eision mar ḟiaḋnuisi don ṗobal, na ṫréoraiġṫeóir agus na ċaiptín don ṗobal.

5 Féuċ, goirfiḋ tú cineaḋ naċ feas duit, agus críoċa da nár ḃaiṫnid ṫusa riṫfid síad ċugad do ḃríġ an TIĠEARNA do Ḋía, agus ar son Aóin Náoṁṫa Israel; óir do ġlóruiḋ sé ṫú.

6 ¶ Lorguiḋsi an TIĠEARNA an feaḋ ḃías sé ar faġáil, goiriḋ air an feaḋ atá sé a ḃfogus:

7 Tréigeaḋ an droċduine a ṡliġe, agus an duine neiṁḟíréanta a smuaintiġṫe: agus filleaḋ sé ċum an TIĠEARNA, agus do ḋéana sé trócaire air; agus ċum ar Ndénne, óir maiṫfiḋ sé go líonṁar.

8 ¶ Oír ní híad mo smúaintiġṫe ḃur smuáintiġṫesi, ní mo asíad ḃur sliġṫe mo ṡliġṫesi, a deir an TIĠEARNA.

9 Oír fa mar is áirde na neaṁa ná an taláṁ, is marsin is áirde mo ṡliġṫesi ná ḃur sliġṫesi, agus mo smuáintiġṫe ná ḃur smuáintiġṫe.

10 Oír fa mar ṫig a nfearṫuinn a núas, agus an sneaċta ó neaṁ, agus naċ ḃfilleann annsin, aċd go ḃflinċann an talaṁ, agus go ttaḃair air gineaṁ agus fás, ċor go ttiuḃraḋ sé síol don tsíoladóir, agus arán don té íosas é:

11 Marsin ḃías mo ḃríaṫarsa noċ ṫéid amaċ as mo ḃéul: ní ḟilliḋ sí ċugam go díoṁaóin, aċt coiṁlionfuiḋ sí an ní is toil liom, agus raċaiḋ ar a haġaiḋ annsa ní ċum ar ċuir mé í.

12 Oír raċṫaóisi amaċ maille re meanmuin, agus béarṫar amaċ siḃ maille re síoṫċáin: brisfid na sléiḃte agus na cnoic amaċ roṁuiḃ a gceól, agus buáilfid uile ċranna an ṁaġa a láṁa.

13 Fásfuiḋ an crann giuṁuis a náit an droiġin, agus a náit na dreise tiocfaiḋ an crann mirtail a níos: agus biáiḋ sé mar ainm don TIĠEARNA, mar ċoṁarṫa bioṫḃúan naċ gearrfuiġear amaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan