Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 54 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil LIV. Gur bí eagluis na ncineaḋaċ fairsing, 4 socair, 11 scíaṁaċ, 15 seasṁaċ.

1 Can, a aimrid, ṫusa naċ rug; bris amaċ a ccéol, agus fúagair ós áird, ṫusa naċ raiḃ re nioḋnuiḃ: óir is mó clann na haonránuiġ ná clann na mná pósta, a deir an TIĠEARNA.

2 Fairsingiḋ áit do lóistín, agus leaṫnuiġedís cuirtíne háitreiḃṫe amaċ: ná coigil, fadaiġ do ċordaḋa, agus neartuiġ do ċuáilleaċ;

3 Oír brisfe tú amaċ ar an láiṁ ḋeis agus ar an cclé; agus géaḃa do ṡlioċd oiġreaċd na ngeinteaḋ, agus do ḋéanair na caiṫreaċa uaigneaċa áitiġṫe.

4 ¶ Ná heagluiḋ; óir ní ḃía náire ort: ní mo ċuirṫear as órduġaḋ ṫu; óir ní ċuirṫear ċum naire ṫú: óir dearmadfuiḋ tú náire hóige, agus ní ċuiṁneoċa tú masla do ḃaintreaḃaċus ní as mó.

5 Oír isé do Ċruṫaiġṫeóir ṫfear; TIĠEARNA na sloġ isé a ainm; agus do Ṡlánaiġṫeóir Aon Náoṁṫa Israel; Día na talṁan go hiomlán ġoirfiġear ḋe.

6 Oír do ġoir an TIĠEARNA ṫusa mar ṁnaói ar na tréigean agus duḃaċ a spioraid, agus mar ṁnaói óige, a nuáir do díultaḋ ṫú, a deir do Ḋía.

7 Do ṫréig misi ṫú a móment ḃig; aċd cruinneoċa mé ṫú lé grásuiḃ móra.

8 A mbeagán feirge dfoluiġ mé maġaiḋ uáit ar feaḋ mómeinte; aċt do ḋéanad trócaire ort lé cineal síorruiḋe, a deir an TIĠEARNA Ṫfúascaltóir.

9 Oír atá so mar uisgeaḋuiḃ Noah ḋaṁsa: óir mar do ṁionnuiḋ mé naċ raċaidís uisgeaḋa Noah ní as mó ar an ttalaṁ; marsin do ṁionnuiġ mé naċ béinn feargaċ riotsa, agus naċ maisleoċuinn ṫú.

10 Oír imeoċuid na sléiḃte, áṫroċar na cnoic; aċt ní imeoċuiḋ mo ċínealsa uáitsi, ní mo áṫroċṫar cunnraḋ mo ṡíoṫċána, a deir an TIĠEARNA do rinne trócaire ort.

11 ¶ Oh ṫusa atá a naindise, ar do ṫeilgion ag a nanfa, agus gan ċoṁḟurtaċt, féuċ, suiġeoċa mé do ċloċa maille re daṫaiḃ ḃreáġa, agus leagfa mé do ḃunáite le saṗíoruiḃ.

12 Agus do ḋéana mé ṫfuinneoga do agatuiḃ, agus do ġeataḋa do ċarbuccail, agus himle uile do ċloċuiḃ breáġa.

13 Agus múinfiġear do ċlann uile leis an TTIĠEARNA; agus buḋ mór síoṫċáin do ċloinne.

14 Daingneoċṫar a ḃfíréantaċt ṫú: biáḋ tú a ḃfad ó ḃrúġaḋ; óir ní ḃiáiḋ eagla ort: agus ó ċriṫeagala; óir ní ṫiucfa sé ad ġar.

15 ¶ Féuċ, go deiṁin cruinneoċuid síad a gcionn a ċéile, aċd ní líomsa: giḋ bé ċruinneoċus a gceann a ċéile ad aġaiḋ tuitfid síad ar do ṡonsa.

16 Féuċ, do ċruṫaiġ mé an gaḃa ṡéideas an gúal annsa teine, agus do ḃeir amaċ ball óirnéisi ċum a oibre; agus do ċruṫaiġ mé an millteóir daiḋṁilleaḋ.

17 Ní ḃéara arm ar biṫ dá ccuimeaċṫar buáiḋ ad aġaiḋsi; agus gaċ teanga dá néireoċuiḋ ad aġaiḋ daimneoċa tú í a mbreiṫeaṁnus. Así so oiġreaċd ṡeirḃíseaċ an TIĠEARNA, agus is uáimsi atá a ḃfíreantaċd, a deir an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan