Isaiah 53 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil LIII. Soisgeal um ċéasaḋ Ċríosd. 1 Cia ċreid ar niomráḋ? agus cía dar foillsiuġaḋ láṁ an TIĠEARNA? 2 Oír éireoċuiḋ sé súas as a ċoinne aṁuil plannda máoṫ, agus aṁuil fréuṁ as talaṁ ṫirim: ní ḃfuil cuma nó sgéiṁ air; agus núair ċinnd é, ní ḃfuil scíaṁ go níarrfamaóis é, 3 Atá sé ar na ṫarcuisniúġaḋ, agus ar na ṁíṁeas ag na daóiniḃ; duine doilġiosaċ, agus éolaċ ar ḋóbrón: agus foileoċamaoidne mur buḋ eaḋ ar naiġṫe úaḋ; do tarcuisniġeaḋ é, agus ní raiḃ meas aguinn air. 4 ¶ Go deiṁin diomċuir sé ar ndoilġiosa, agus diomċuir sé ar ndóbrón: giḋeaḋ do ṁeasamar é buáilte, buáilte ó Ḋía, agus smaċtuiġṫe. 5 Aċt is ar son ar loċtne do loiteaḋ é, do brúiġeaḋ é ar son ar cciontaḋne: is airsion do ḃí smaċduġaḋ ar síoṫċána; agus is le na ċneaḋuiḃsion atamaóidne slánuiġṫe. 6 Do ċúamar uile aṁuil caóiriḋ ar seaċrán; do ċláonamar gaċ uile ḋuine aguinn air ar sliġe féin; do leag an TIĠEARNA airsion ar ccionta uile. 7 Do brúiġeaḋ, agus do gortuiġeaḋ é, giḋeaḋ níor ḟoscuil sé a ḃéul: tugaḋ mar úan ċum a ṁarḃṫa é, agus mar ḃios cáora balḃ a ḃfíaġnuisi ḟir a béarṫa, marsin níor ḟoscuil sé a ḃéul. 8 Rugaḋ as príosún agus ó ḃreiṫeaṁnus é: agus cía ḟoillseoċus a ġinealaċ? óir do gearraḋ amaċ é as tír na mbéo, ar son ċionta mo ṗobailsi do ḃuáileaḋ é. 9 Agus do rinne sé a uáiġ ag na droċḋaóiniḃ, agus ag na saiḋḃriḃ ann a ḃás; do ḃríġ naċ déarna sé foiréigion ar biṫ, ní mó do ḃí cealg ar biṫ ann a ḃéul. 10 ¶ Giḋeaḋ buḋ toil leis an TTIĠEARNA a ḃrúġaḋ, do ċuir sé ċum doilġis é: a nuáir do ḋéana tú ofráil da anam ar son ṗeacaiḋ, do ċifiḋ sé a ṡíol, faideoċuiḋ sé a láeṫe, agus raċuiḋ deaġṫoil an TIĠEARNA ar a haġaiḋ iona láiṁ. 11 Do ċífiḋ sé do ṡáoṫar anma, agus biáiḋ sé sásta: lé na éolus ṡáorfas mo ṡeirḃíseaċ fíréanta mórán; óir iomċoruiḋ sé a ccionta. 12 Uimesin ḃéara misi cuid ḋó a mórán, agus roinnfe sé an ċreaċ ris an ccuṁaċdaċ; do ḃríġ gur ḋóirt sé amaċ a anam ċum báis: agus gur hairṁeaḋ a measc na cciontaċ é; agus gur iomċuir sé peacuiḋe ṁóráin, agus go ndéarna sé guiḋe ar son na cciontaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society