Isaiah 52 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil LII. Gaḃaiḋ luċt muinntire Dé re na ḟocal, agus re na ṡearmonuiġiḃ. 1 Muscail, múscail; cuir ort do neart, a Ṡion; cuir ort do ċúlaḋa breáġa, a Ierusalem, an ċaṫair náoṁṫa: oir ó so amaċ ní ṫiucfuid na neiṁṫimċillġéarrṫa, agus na neaṁġloin a steaċ ionnad. 2 Croiṫ ṫú féin ón luáiṫreaḋ; éiriġ, agus suiġ síos, a Ierusalem: scaóil ṫú féin ó ċuiḃriġiḃ do ṁuinéil, a inġean ċeangailte Ṡion. 3 Oír is mar so a deir an TIĠEARNA, Do reacaḃair siḃ féin a nasguiḋ; agus fúasgaltar siḃ gan airgiod. 4 Oír is mar so a deir an Tiġearna DIA, Do ċuáiḋ mo ṗobal síos don Négipte roiṁe so do ċoṁnuiġe ann; agus do ḃrúiġ an Tassírianaċ íad gan aḋḃar. 5 Anois ar a naḋḃarsin, cred atá agam annso, a deir an TIĠEARNA, as a rugaḋ mo ḋaóine uáim gan aḋḃar? do ḃeir an luċt ríaġlas ós a ccionn orra núallġul, a deir an TIĠEARNA, agus atá mainmsi a gcoṁnuiḋe gaċ láe ar na ṁasluġaḋ. 6 Uimesin aiṫeonuid mo ṁuinntir mainm: uimesin aiṫeonuid síad annsa ló sin gur misi an té laḃrus, féuċ is misi é. 7 ¶ Cred é scíaṁuiḋe ar na sléiḃtiḃ atáid cosa an té do ḃeir scéala maiṫe leis, ḟuagras síoṫċáin; do ḃeir scéala maiṫe leis ar ṁaiṫ, ḟoillsiġeas slánuġaḋ; noċ a deir ré Sion, Atá do Ḋía a ríoġaċt! 8 Tóigfid do luċt faire a nguṫ súas; ré guṫ a naóinḟeaċd canfuid síad: óir do ċífid síad súil ar ṡúil, a nuáir do ḃéara an TIĠEARNA Sion leis a rís. 9 ¶ Brisiġ amaċ a ngáirdeaċus, canuiḋse lé ċéile, a áite fásuiġ Ierusalem: óir do ċoḃruiḋ an TIĠEARNA a ḋaóine, dfúascail sé Ierusalem. 10 Do noċd an TIĠEARNA a ruiġ náoṁṫa a súiliḃ na nuile ċineaḋaċ; agus do ċífid uile ṫéoranna na talṁan slánuġaḋ ar Ndénne. 11 ¶ Filliġiḋ, filliġiḋ, éirgiḋe amaċ as sin, ná beanaiḋ re ní neaṁġlan; éirġiḋe amaċ as a lár; biṫísi glan, noċ iomċras soiġṫiġe an TIĠEARNA. 12 Oír ní raċṫaói amaċ lé deiṫnios, agus ní imṫeoċtaoi lé teiṫeaṁ: óir raċaiḋ an TIĠEARNA roṁuiḃ; agus buḋ é Día Israel ċruinneoċus siḃ. 13 ¶ Féuċ, do ḋéana mo ṡeirḃíseaċ go críonna, áirdeoċṫar é agus tóigfiġear súas é, agus biáiḋ sé go ré‐ard. 14 Aṁuil mar do ḃeiṫ mórán ag maċtnaṁ ort; (do ḃí a ġnúis coiṁmillte sin ní is mó ná aonduine, agus a ḋealḃ ní is mó ná mic na ndaóine): 15 Is marsin ċroiṫfios seision ar ṁóran do ċineaḋaċaiḃ; druidfid na ríġṫe a mbéul uime: óir do ċífid an ní nar hinnseaḋ ḋóiḃ; agus measfuid an ní naċ ccúaladar. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society