Isaiah 51 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil LI. Tarrṫar caḃar bioḃúan ó Ċriosd, do réir eisiomlar Abraham. 1 Eistiġ riomsa, a ḋrong leanas a ndiáiġ na fíréantaċda, a luċt iarrus an TIĠEARNA: féuċuiḋ ar an ccarruic as ar snoiġeaḋ siḃ, agus ar ṗoll an luig as ar toċlaḋ siḃ. 2 Féuċuiḋ air Abraham ḃur naṫair, agus ar Ṡarah do rug siḃ: óir do ġoir misi eision aṁáin, agus do ḃeannuiġ mé é, agus do ṁéaduiġ mé é. 3 Oír coiḃreoċuiḋ an TIĠEARNA Sion, coiḃreoċuiḋ sé a háite fásuiġ uile; agus do ḋéana sé a fásaċ cosṁuil ré Heden, agus a díoṫraṁ cosṁuil ré gáirdin an TIĠEARNA; do ġeiḃṫear gáirdeaċus agus sólás ann sin, breiṫ ḃuiḋe, agus guṫ ceóil. 4 ¶ Eístiġ riomsa, mo ṗobal; agus tugaiḋ aire ḋaṁ, mo ċineaḋ: óir tiucfaiḋ dliġeaḋ uáimsi, agus do ḃéara mé air mo ḃreiṫeaṁnus seasaṁ mar ṡolus do na daóiniḃ. 5 Atá mfíréantaċd a ḃfogus; do ċuáiḋ mo ṡlánuġaḋ amaċ, agus do ḋéanaiḋ mo láṁ breiṫeaṁnus ar an bpobal; féiṫṁid na hoileáin orum, agus ar mo láiṁ ḃías a ndóṫċus. 6 Tógḃuiḋ súas ḃur súile ċum na neaṁ, agus féuċuiḋ ar an ttalaṁ síos: óir leaġfuid na neaṁa ṫort aṁuil deataċ, agus raċuiḋ an talaṁ a nárrsuiġeaċd aṁuil éadaċ, agus raċaiḋ an ṁéid ċoṁnuiġeas ann déug ar an moḋ ccéadna: aċd biáiḋ mo ṡlánuġaḋsa go bráṫ, agus ní cuirfiġear mfíréantaċd ar ccúl. 7 ¶ Eístiġ riomsa, a luċd dar buḋ aiṫnid ionnracus, an pobal agá ḃfuil mo ḋliġeaḋ iona ccroiḋe; na heagluiġiḋ roiṁe ṁasla na ndaóine, agus ná bíoḋ eagla a ccáinteoireaċd oruiḃ. 8 Oír íosuiḋ an léamann súas íad aṁuil éadaċ, agus íosuiḋ an ṗéist íad aṁuil olann: aċt biáiḋ mfírinnesi ann go bráṫ, agus mo ṡlánuġaḋ ó ġinealaċ go ginealaċ. 9 Músgáil, músgáil, cuir neart ionnad, a ríġ an TIĠEARNA; músgail, aṁuil annsna seanláeṫiḃ, annsna ginealaċaiḃ áosda. Naċ tusa sin do ġéarr Rahab, agus do loit an dragún? 10 Naċ tusa sin do ṫiormuiġ a nfairge, uisgeaḋa a naigéin ṁóir; noċ do rinne sliġe do ḋoiṁne na fáirge go ttiucfaidís na daóine do fúasclaḋ ṫairis? 11 Uimesin fillid fúascailtiġ an TIĠEARNA, agus tiucfuid go Sion maille ré céol; agus biáiḋ sólás suṫain ar a ccionn: do ġeaḃuid lúaṫġáir agus gáirdeaċus; agus teiṫfiḋ dóbrón agus dólás uaṫa. 12 ¶ Is misi, misi féin, an té ċoḃruiġeas siḃsi: cía ṫusa, as a mbíaṫ eagla ort roiṁe ḋuine raċus déug, agus roiṁe ṁac an duine noċ do ḋéantar mar an ḃféur; 13 Agus ḋearmaduiġios an TIĠEARNA do ċruṫaiġṫeóir, noċ do leaṫnuiġ amaċ na neaṁa, agus do ṡuiġiḋ bunáit an doṁuin; agus go raiḃ eagla ort gaċ aon lá go cinnte do ḃríġ cuṫaiġ an ṁilltéora, fa mar do ḃiaṫ réiḋ ċum scriosta? agus cáit a ḃfuil cuṫaċ an ṁillteóra? 14 Deiṫfriġ an ḃráiġe ḋíbirṫeaċ ċor go scaóilfiḋe é, agus naċ ḃfuiġeaḋ bás annsa lóg, agus naċ mó do ḟáilleoċaḋ a arán. 15 Aċt is misi an TIĠEARNA do Ḋía, noċ roinneas a nfairge, ar ḃéiceadar a tonna: TIĠEARNA na slóġ isé a ainm. 16 Agus do ċuir misi mó ḃríaṫar ad ḃéul, agus dfoluiġ mé ṫú ar scáile mo láiṁe, ċor go bplainndeoċuinn na neaṁa, agus go suiġfinn bunáite na talṁan, agus go naibeorúinn, re Sion, Is tú mo ṗobal. 17 ¶ Múscail, múscail, seas súas, a Ierusalem, noċ do iḃ as láiṁ an TIĠEARNA cupán a ḟeirge; diḃ tú dearcaiḋ cupáin an ċreaṫa, dfáisg tú amaċ íad. 18 Ní ḃfuil áon do ṫréoroċaḋ í a measg a nuile ṁac dá rug sí féin; ní mó atá aon ḃéarus ar láiṁ uirre do na huile ṁacaiḃ ṫug sí súas. 19 Ṫangadar an dá nísi ċugad; cía air a mbiáiḋ doilġios umad? dólás, agus milleaḋ, agus gorta, agus an cloiḋeaṁ: cía lé a ndéana mé do ċoḃruġaḋ? 20 Do anḃfainniġeadar do ṁic, luiġid ag cinn na sráideann uile, aṁuil tarḃ fíaḋta a líon: atáid lán dfíoċ an TIĠEARNA, daiṫḃear do Ḋési. 21 ¶ Uimesin éist so anois, ṫusa atá buáiḋearṫa, agus atá ar meisce, aċd ní lé fíon: 22 Is marso a deir do Ṫiġearna an TIĠEARNA, agus do Ḋía ṫagras cúis a ṁuinntire, Féuċ, do ḃean mé a maċ as do láiṁ cupán an ċreaṫa, eaḋon deascuiḋ ċupáin mfeirge; ní ioḃa tú níosa ṁó a rís é: 23 Aċt cuirfe mé é a láiṁ na muinntire ṗíanas ṫú; noċ a duḃairt red anam, Crom síos, go ndeaċamaois ṫairis: agus do leag tú do ċorp mar an ttalaṁ, agus mar an tsráid, don droing do ċuáiḋ ṫairis. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society