Isaiah 50 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil L. Tugaḋ leaḃar dealuiġe do eagluis na Niúdaiġe. 1 Is marso a deir an TIĠEARNA, Cáit a ḃfuil bille dealuiġṫe ḃur máṫar, noċ do ċuir misi uáim? nó cía dom ḟeiṫeaṁnuiḃ re ar reac mé siḃ? Féuċ. Do reacaḃair siḃ féin ar son ḃur nolc, agus ar son ḃur cciontaḋ do cuireaḋ ḃur maṫair ar siuḃal. 2 Uimesin, a nuáir ṫáinic misi, an raiḃ neaċ ar biṫ? a nuáir do ġoir mé, an raiḃ aoinneaċ do ḟreagoraḋ? Nar giorruiġeaḋ mo láṁ ar áonċor, go naċ ḃféadann fúasglaḋ? nó naċ ḃfuil cuṁaċd ar biṫ sáorṫa agamsa? féuċ, lém aċṁusán tiormuiġim súas a nfairge, do ním na sroṫa na ḃfásaċ: bréanuiḋ a níasc, do ḋíṫ uisge, agus éaguid do ṫart. 3 Eáduiġim na flaiṫis lé duiḃe, agus do ním saicéadaċ dá ḃfolaċ. 4 ¶ Ṫug an Tiġearna DIA ḋaṁsa teanga na ndáoine foġlomṫa, go mbeiṫ a ḟios agam ciondus do laiḃeoruinn focal a nam ris an té ḃíos coirṫe: múscluiḋ sé ó ṁaidin go maidin, múscluiḋ sé mo ċluás do ċluinsion mar a néagnuiḋe. 5 ¶ Dfoscuil an Tiġearna DIA mo ċlúas, agus ní raiḃ mé easurramaċ, ní mó dfill mé ar ais. 6 Ṫug mé mo ḋruim do na buáilteoriḃ, agus mo ġruaiḋe don druing do ṫarruing an fionnaḋ asta: níor ḟoluiġ mé mo ġnúis ó náire agus ó ṡeiliġiḃ. 7 ¶ Oír cuideoċuiḋ an Tiġearna DIA liom; uimesin ní ḃía mé claóiḋte: uimesin do ṡuiġiḋ mé maġaiḋ aṁuil cloiċṫineaḋ, agus atá a ḟios agam náċ bía náire orum. 8 Is fogus daṁ an té ċruṫaiġios mfírinne; cía ċeannaircfios riom? seasamaoid láiṁ ré ċéile: cía hé meascara? tigeaḋ sé a ḃfogus daṁ. 9 Féuċ cuideoċuiḋ an Tiġearna DIA liom; cía hé an té ḋamnuiġeas mé? féuċ, raċfuid uile a nárrsuiġeaċd aṁuil éadaċ; íosuiḋ an léamann suas íad. 10 ¶ Cía atá ḃur measg air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA, uṁluiġios do ġuṫ a ṡeirḃísiġ, ṡiuḃluiġios a ndorċadus, agus ag naċ ḃfuil solus ar biṫ? cuireaḋ sé a ḋóiġ a nainm an TIĠEARNA, agus seasaḋ sé ar Ḋía. 11 Féuċuiḋ, a ḋrong uile ḋeargus teine, noċ ċompasuiġeas siḃ féin timċioll lé driṫliḃ: siuḃluiġiḋ a solus ḃur tteineaḋ, agus annsna driṫliḃ do ḋeargaḃair. Do ġeaḃṫaoi so as mo láiṁsi; luiḋfiḋe síos a ndólás. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society