Isaiah 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V. Dúan Isaiah ataoḃ na fineaṁna spioradalta. 1 Canfad a nois dom ḟíorġraḋaċ caintic mo ġráḋ a ttáoḃ aḟíneaṁna. Atá fineaṁuin ag mo ġráḋ a ccnoc ro ṫóirṫeaċ: 2 Agus do ċuṁdaiġ sé í, agus do ċruinniġ sé na cloċa aiste amaċ, agus do ṗlannduiġ sé í le toġa na fíneaṁna, agus do rinne tor iona lár, agus mar an ccéadna do rinne umar ḃrúiġte fíona innte: agus do ḃí súil aige go ttinḃraḋ sí cáora úaiṫe, agus ṫug sí uáiṫ cáora fíaḋáin. 3 Agus anois, a áitreaḃṫaċa Ierusalem, agus a ḋaoine Iúdah, guiḋim siḃ, déanaiḋ breiṫeaṁnus, eadrum féin agus mfíneaṁuin. 4 Créd dob ḟéidir do ḋéanaṁ ní as mó rem ḟíneaṁuin, ná mar do rinne mé an? air a naḋḃar sin, a nuáir do ṡaóil mé go ttiuḃraḋ sí cáora, cred fa ttug sí cáora fíaḋáin uáiṫe? 5 Agus anois tiomain: inneosa mé ḋuit cioḋ do ḋéan rem ḟíneaṁuin: bainfiḋ mé a fál uáiṫe, agus íostar súas í, agus brisfe mé síos a balla, agus sailteorṫar uirre: 6 Agus do ḋéana mé fásaċ ḋi: ní ḋeiseoċṫar, agus ní róṁarṫar í; aċt fásfaiḋ a níos drise agus dosáin: agus fós fuáigeora mé do na néulluiḃ go naċ ḃfearfuid fearṫuinn uirre. 7 Oír isé tiġ Israel fíneaṁuin ṪIĠEARNA na slóġ, agus fir Iúdah plannda a ṫola: agus do ḃí a ṡúil ré breiṫeaṁnus, aċd féuċ an leaṫtrom; re hionnracus, aċd féuċ an ċoṁairc. 8 ¶ A ṁairg don druing ċeanglas tiġ do ṫiġ, agus ċuirios maċaire a ccionn ṁaċaire, go naċ bí áit, ċor go suiġeoċṫaói ar leiṫ íad a lár na talṁan: 9 Ann mo ċlúasuiḃ a duḃairt TIĠEARNA na slóġ, go fírinneaċ béid móran tiġṫeaḋ na ḃfásaċ, tiġṫe móra agus bréaġa gan áitreaḃaċ. 10 Fós, do ḃéaruid deiċnacra fíneaṁna áoinṁiosúr aṁain, agus síol homer do ḃéara sé eṗah úaḋ. 11 ¶ A ṁairg don luċt éirġios go moċ ar maidin, ċor go leanfaidís ar ḋiġ láidir; noċ ḟanus go hoiḋċe; nó go lasann an fíon a stiġ íad. 12 Agus a mbí an ċláirseaċ, agus an ḃiól, agus an tiompán, agus an píob agus an fíon, ar a ḃféustuiḃ: aċ ní ṁeasuid oibreaċa an TIĠEARNA, agus ní ḟaicid oibriuġaḋ a láṁ. 13 Uimesin do ċúadár mo ḋáoine a mbruid, do ċionn naċ ḃfuil éolus ar bíṫ aca: agus ċúadar a ndaoine ónoraċa do ġorta, agus a slúaġ ar ttiurmuġaḋ lé tart. 14 Uime sin dfáirsingiḋ ifrionn i féin, agus dfoscuil a béul go roṁór: agus raċaiḋ a nglóirsion, agus a niomadaṁlaċd, agus a nainṁeas, agus an té lúaṫġáirios, síos ann. 15 Agus béarṫar an duine uirísiol sios, agus ísleoċṫar an duine cumasaċ, agus uiṁleoċṫar súile an duine áirdintinniġ: 16 Aċt áirdeoċṫar TIĠEARNA na slóġ a mbreiṫeaṁnus, agus Día atá náoṁṫa náoṁṫoċṫar é a nionnracus. 17 Annsin ḋéanuid na húain inġilt do réir a ccleaċdaiḋ, agus íosuid coiṁṫiġiḋ áite fásuiġ na náon méiṫ. 18 ¶ A ṁairg don druing ṫairngís an téigceart le córduiḃ an díoṁaóinios, agus an peacaḋ mar do ḃíaṫ le rópuiḃ cartaċ: 19 Noċ a deir, Déanaḋ sé deiṫnios, agus lúaṫuiġeaḋ ar a obair, ċor go ḃfaicfeam: agus tairngeaḋ coṁairle Aoin Náoṁṫa Israel a ccoṁḟogus, ċor go mbía a ḟios aguinn! 20 ¶ A ṁairg don druing ġoireas don nolc maiṫ, agus don ṁaiṫ olc; agus ċuirios dorċadas ar son soluis, agus solus ar son dórċadais; agus ċuirios searḃus ar son millsi, agus millse ar son searḃuis! 21 A ṁairg don luċt ḃíos glic iona súiliḃ féin, agus críonna iona raḋarc féin! 22 A ṁairg don ṁuinntir ḃíos acfuinneaċ ar ól fíona, agus do na daóiniḃ neartṁara air diṫ láidir do ċumasg: 23 Noċ ḟúagras an ciontaċ ceart áir ċeannaċ, agus ḃeirios ionnracus a nfíréin úaḋ! 24 Uime sin mar loisgios an teine an connlaċ, agus mar loisgios an lasair an cáiṫleaċ, marsin ḃías a ḃfréuṁ mar loḃaḋ, agus raċaid a mbláṫa súas aṁuil luáiṫreaḋ: do ċionn gur ṫeilgiodar úaṫa dliġeaḋ TIĠEARNA na slóġ, agus gur ṫarcuisniġeadar bríaṫar Aóin Náoṁṫa Israel. 25 Uimesin atá fearg an TIĠEARNA ar naġnaḋ a naġaiḋ a ṗobail, agus do ṡín sé a láṁ amaċ na naġaiḋ, agus do ḃuail sé íad: agus do ċrioṫnuiġeadar na cnuic, agus do ḃí a cconabluiḋe réubṫa annsna sráidiḃ. Ar a ṡon so uile níor iompoiġ sé a ḟearg ḋíoḃ, aċt atá a láṁ sínte amaċ a ccoṁnuiḋe. 26 ¶ Agus tóigfiḋ sé brataċ súas do na cinneaḋaċaiḃ a nimċían, agus do ḋéana feadalaċ orra ó ḃrúaċ an doṁuin: agus, féuċ, tiucfuid maille re deiṫnios go tapuiḋ: 27 Ní ḃía áonduine coirṫe, agus ní ḃfuiġe áonduine tuisleaḋ na measg; ní ṫáiṁnéullfuiḋ, agus ní ċoideoluiḋ sé; ní mó scaóilfiġear crios a ṡlíasad, agus ní brisfiġear íallaċ a ḃróg: 28 Noċ ar géar a ṡoiġde, agus a ḃoġaiḋ uile tairngṫe, sáoilfiġear buinn a eaċ uile do ḃeiṫ na ccruáiḋċloiċ, agus a roiṫléan aṁuil gaóṫ ġuáirdeáin: 29 Bíaiḋ a núallġul aṁuil leóṁan, nuállfuiḋ sé aṁuil leoṁánniḃ óga: núallfuiḋ fós, agus greamoċuiḋ air an ccreiċ, agus béaruiḋ leis slán é, agus ní ṡáorfuiḋ aóinneaċ é. 30 Agus annsa lósin conġairfid na aġaiḋ aṁuil confaḋ na fairge: agus má ḟéuċann aon ar an ttír, féuċ dorċadas agus dóbron, agus dorċuiġṫear an solus sin annsna neaṁuiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society