Isaiah 49 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XLIX. Gurab mó gráḋ Dé dá ṡearḃontaiḃ nográḋ máṫar dá cloinn. 1 Eistiġ, riomsa, a oiléana; agus cluiniḋ, a ḋaoine, tar léar; Do ġoir an TIĠEARNA misi ón mbroinn; as ionaṫar mo ṁaṫar do rinne sé luáḋ ar mainm. 2 Agus do rinne sé mo ḃéul cosṁuil re cloiḋeaṁ géur; a scáile a láiṁe dfoluiġ sé mé, agus do rinne sé soiġead snoiġte ḋiom; iona ḃolgán dfoluiġ sé mé. 3 Agus a dúḃairt sé riom, Is tú mo ṡeirḃíseaċ, a Israel, iona mbía mé glórṁar. 4 Annsin a dúḃairt mé, Fuáir mésáoṫar díoṁaóin, do ċaiṫ mé mo neart gan aḋḃar, agus go díoṁaoin: aċd ċeana atá mo ḃreiṫeaṁnus ag an TTIĠEARNA, agus mobair ag mo Ḋía. 5 ¶ Agus a nois, a deir an TIĠEARNA ċum ón mbroinn mé do ḃeiṫ am ṡeirḃíseaċ aige, do ṫaḃairt Iácob ċuige a rís, Má atá nar cruinniġeaḋ Israel, ṫairis sin biáiḋ misi glórṁar a súiliḃ an TIĠEARNA, agus buḋ é mo Ḋía mo neart. 6 Agus a dúḃairt sé, Is ní éattrom go mbeiṫeása ad ṡeirḃíseaċ agumsa do ṫógḃáil tréaḃa Iácob súas, agus daiseág ar cuṁduiġeaḋ Disrael: do ḃéara mé fós ṫú mar ṡolus do na geintiḃ, ċor go maḋ tú mo ṡlánuġaḋ go teóruinn na talṁan. 7 Is marso a deir an TIĠEARNA, Fuáscaltóir Israel, agus a Aón Náoṁṫa, ris an té air a mbí tarcuisne ag duine, ris an té air a mbí gráin ag cinéaḋaċaiḃ, re seirḃíseaċ úaċdarán, do ċífid ríġṫe agus éireoċuid, aḋoruiḋ prionnsaḋa mar an ccéadna, do ḃríġ an TIĠEARNA atá díleas, agus Aon Náoṁṫa Israel, noċ do ṫoġ ṫusa. 8 Is marso a deir an TIĠEARNA, Ar an deaġuáir do ċúala mé ṫú, agus a ló an tslánuiġṫe do ċoḃruiġ mé ṫú: agus cuiṁdeoċa mé ṫú, agus do ḃéara mé ṫú mar ċunnraḋ don ṗobal, do ḋaingniuġaḋ na talṁan, do ġaḃáil oiġreaċda na noiġreaċd nuáigneaċ; 9 Ċor go naibéora tú ris na priosúnaċaiḃ, Eirġiḋe amaċ; ris an luċd atá a ndorċadus, Taisbeanuiḋ siḃ féin. Iosaid síad ansna sliġṫiḃ, agus biáid a ninḃior annsna huile áitiḃ arda. 10 Ní ḃiáid ocraċ ná tartṁar; ní mo ġoirteoċus an teasḃaċ nó an ġrían íad: óir tréoroċuiḋ an té agá ḃfuil truáiġe ḋóiḃ íad, eaḋon láiṁ ris na tiobruiḃ fíoruisge ḃéaras sé éolus dóiḃ. 11 Agus cuirfiḋ misi mo ṡléiḃte uile as, agus áirdeoċṫar mo ṡliġṫe móra. 12 Féuċ, tiucfaid so as imċéin: agus, féuċ, íadso ón tuáisceart agus ó níarṫar; agus íad so ó ċríċ na Sinim. 13 ¶ Canuiḋ, a ḟlaiṫeasa; agus bí súgaċ, a ṫalaiṁ; agus a ṡléiḃte, brisiḋ amaċ a ccéoil: óir do ċoḃruiġ an TIĠEARNA a ṗobal, do ḋéana sé grása air a ṫrúaġaiḃ. 14 Aċt a dúḃairt Sion, Do ṫréig an TIĠEARNA misi, agus do ḋearmaid mo Ṫiġearna mé. 15 An ḃféadann bean leanaḃ a cíċ do ṫréigion, as naċ bíaṫ trúaiġe aice do ṁac a bronn? a seaḋ, féaduid síad a ḋearmad, giḋeaḋ ní ḋearmodfa misi ṫusa. 16 Féuċ, do ġrean mé ṫú ar ċlár mo ḋeárnainne; atáid do ḃallaḋa a ccoṁnuiġ am laṫair. 17 Do ḋéanuid do ċlann deiṫfir; do ṁillteoiríġe agus an luċt do rinne fásaċ ḋíot raċuid síad asad amaċ. 18 ¶ Tóig súas do ṡúile timċioll fa ccuáirt, agus féuċ: do ċruinniġeadar so uile íad féin a ccean a ċeile, agus tiucfuid ċugad. Mar ṁairimsi, a deir an TIĠEARNA, go deiṁin éideoċa tú ṫú féin léo uile, aṁail le córuġaḋ, agus ceangolair ort íad, mar do ní an ḃean núaḋ ṗósta. 19 Oír béid ṫfásuiġe agus háite uáigneaċa, agus dúiṫċe haiḋṁillte, ar ball ro ċuṁang do ḃríġ na náitreaḃaċ, agus biaiḋ an drong do ṡluig súas ṫú a ḃḟad uáit. 20 An ċlann ḃías agad, tar éis na cloinne oile do ċaill, a déaruid áris ann do ċlúasaiḃ, Is ro ċuṁang a náitsi ḋaṁsa: taḃair áit daṁ le náitreoḃaiḋ mé. 21 Annsin a déara tú ann do ċroiḋe, Cía fuáir íad so ḋaṁ? ó ċaill mé mo ċlann, agus go ḃfuilim aonranaċ, agus am ḃráġaiḋ, agus ag áṫruġaḋ ó áit go háit? agus cía ṫug íadso súas? Féuċ, do fágḃaḋ am áonar mé; cáit a raḃadar so? 22 Marso a deir an Tiġearna DIA, Féuċ, tóigfeadsa mo láṁ súas ċum na Ngeinteaḋ, agus cuirfiod brataċ na seasaṁ don ṗobal: agus do ḃéaraid síad do ṁicsi leo iona láṁuiḃ, agus iomċoruid hinġeana ar a nguáilliḃ. 23 Agus buḋ ríġṫe ḃías na naiṫreaċuiḃ oileaṁna agad, agus bainríoġna na mbanaltrannuiḃ: cromfuid síos duit go na naiġṫiḃ ċum na talṁan, agus liġfid súas luáiṫreaḋ do ċos; agus aiṫeonuiḋ tú gur misi an TIĠEARNA: óir ní ḃiáiḋ náire ar an luċd ḟeiṫios orumsa. 24 ¶ An mbéarṫar an ċreaċ ón ccuṁaċdaċ, nó a naiseogṫar an ḃráiġe ḟire? 25 Aċt mar so a deir an TIĠEARNA, Béarṫar fós braiġde na neartṁar ar siuḃal, agus seaċodṫar creaċ a núaṫḃásuiġ: óir troidfiḋ misi ris an té ṫroidios ríotsa, agus cuiṁdeoċuiḋ mé do ċlann. 26 Agus an dream ḃrúiġeas ṫú, beaṫoċa me íad le na ḃfeóil féin; agus béid ar meisce le na ḃfuil féin, aṁuil buḋ lé fion milis: agus aiṫeonuiḋ a nuile ḟeóil gur misi an TIĠEARNA do Ṡlánaiġṫeóir, agus Ṫfúascaltóir, Aon cuṁaċtaċ Iácob. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society