Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 47 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XLVII. Tairrgir ar léirscrios na Baibiloine, 6 arson a míoṫrúacantaċt, a geasadoireaċt, &c.

1 Tarr anúas, agus suiġ annsa luáiṫreaḋ, a ṁaiġdion inġean na Babilóine, suiġ air an ttalaṁ: ní a ccaṫaóir ríoġa, a inġean na Ccaldeánaċ: óir ní goirfiġear máoṫ agus sgíaṁaċ ḋíot ní sa ṁó.

2 Glac na cloċa muilinn, agus meil min: léig leis do ċíaḃa, déan an ċos lomnoċd, léig leis an laḋairg, imṫiġ ṫar na haiḃniḃ.

3 Leigfiġear leis do ṫárnoċda, do ċífiġear fós do náire: do ḋéana mé dioġaltas, agus ní ṫeigeoṁa mé riot mar ḋuine.

4 Ar son ar slánaiġṫéora, TIĠEARNA na slóġ is ainm ḋó, Aon Náoṁṫa Israel.

5 Suiḋsi ad ṫoċd, agus imṫiġ roṁad a ndorċadus, a inġean na Ccaildéanaċ: óir ni goirfiġear, Baintiġearna rioġaċtaḋ ḋíot ní sa ṁó.

6 Do ḃí misi feargaċ rem ṁuinntir, do ṫruáilliġ mé moiġreaċd, agus ṫug mé ad láiṁsi íad: níor ṫaisbeain tusa grása ar biṫ ḋóiḃ; ar an tseanóir do léig tú an ċuing go ro ṫrom.

7 Agus a duḃairt tú, Biáiḋ misi am ḃaintiġearna go bráṫ: iondus nar ċuir tú na neiṫeso ann do ċroiḋe, ní mó do ċuiṁniġ tú air an ní deiġionaċso.

8 Uimesin cluin so anois, ṫusa atá taḃarṫa daóiḃneas, ċoṁnuiġios a ndóṫċus, a deir ann do ċroiḋe, Atáimse, agus ní ḃfuil áon táoḃ amuiġ ḋíom; ní ṡuiḋfiḋ mé aṁuil baintreaḃaċ, ní mó ḃías fios ċaillte cloinne agam:

9 Aċt tiucfaid an dá ní se ort a móiment a náonló, caill ċloinne, agus baintreaḃaċus: tiucfuid ort ann a niomláine ar son iomadaṁlaċt do ḋraóiġeaċda, agus ar son ró iomaid do ġeasadóireaċt.

10 Oír do ċuir tú do ḋóiġ ann holc: a dúḃrais, Ní ḟaicean aóinneaċ mé. Do ṁill do ġliocus, agus héolus ṫú; agus a dúḃairt tú ann do ċróiḋe, Atáimsi, agus ní ḃfuil aoineaċ táoḃ amuiġ ḋíom.

11 Uimesin tiucfaiḋ olc ort; ní ḃiáiḋ a ḟios agad cáit as a néireoċaiḋ sé: agus tuitfiḋ donus ort; ní ḃiáiḋ air do ċumas a ċur ḋíot: agus tiucfa dólás go hobann ort, naċ bía a ḟios agad.

12 ¶ Seas a nois led ḋroiġeaċd, agus le hiomad do ġeasadóireaċt, ann ar ṡáoṫruiġ tú ód óige; mas éidir go mbía ar do ċumas tarḃuġaḋ, má ṫeagṁann go mbéara tú buáiḋ.

13 Atá tú coirṫe a niomad do ċoiṁairleaċ. Anois seasuiġdís na néulladóiriḋe, luċt feiṫṁiġ na réultan, fáistiniġ na míos, agus sáoraidís ṫusa ó na neiṫiḃsi atá ag teaċd ort.

14 Féuċ, biáiḋ síad aṁuil connlaċ; loisgfiḋ an teine íad; ní ṫárṫoċuid íad féin ó neart na lasraċ: ní ḃiáiḋ sméaróid ċum do ġoraḋ ris, nó teine do ṡuiġe aice.

15 Marso ḃéiḋ síad ḋuit an drong le ar ṡáoṫruiġis, do ċeannuiġṫe, ód óige: seaċránfuiḋ gaċ áon díoḃ dá ċeaṫraṁuin féin; ní ḋídeonuiġ áoinneaċ ṫusa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan