Isaiah 46 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XLVI. Díoṁaoíneas agus díoḟóġna na níoḋol uile. 1 Claonuiḋ Bel síos, cromaiḋ Nebo, do ḃádar a nioḋala ar a mbeaṫaċaiḃ, agus ar a náirnéis: do ḃádar úaluiḋe troma ar ḃur ccaráiste; is muiriġin íad don ḃeaṫaċ ċoirṫe. 2 ¶ Cláonuid síad, claonuid síos a naoinḟeaċt; níor ḟéadadar an teiriġ do ṡeaċadaḋ, aċt do ċúadar féin a mbraiġdionas. 3 ¶ Eist riomsa, a ṫiġ Iácob, agus a nuile ḟuiġioll do ṫiġ Israel, noċ do rugaḋ ón ḃolg, agus do hiomċraḋ ón mbroinn: 4 Agus go nuige a naóis ḟoirfe is misi féin é; agus fós go nuige an ḃfolt líaṫ iomċora mé: is misi do rinne, agus is mé iomċorus; iomċora mé, agus sáorfa mé siḃ. 5 ¶ Cía re a saiṁleoċṫaói mé, agus ré a ndéantaoi ionann mé, agus ré a ccoiṁmeasfuiḋiḋ mé, go mbemis cosṁuil? 6 Dóirtiḋ síad ór go fairsing as an mála, agus coṁṫromaid airgiod ansa meaḋ, agus fostuiġid céard óir; agus do ní sé día ḋe sin: uṁluiġid síad sios, aḋruid, fós. 7 Iomċraiḋ síad air a nguáilliḃ é, iomċraid é, agus suiġid é iona áit, agus seasuiḋ sé; ní ċorroċa sé as a áit: fós, goirfiḋ duine air, giḋeaḋ ní ḟéadann sé freagra, nó an té sin do ṫárṫáil ó ná ḃuáiḋreaḋ. 8 Cuiṁniġiḋ so, agus taisbeanuiḋ siḃ féin ḃur ḃfearuiḃ: tugaiḋ a rís ann ḃur meanmuin é, a ċiontaċa. 9 Cuiṁniġiḋ na cédneiṫe ón tseannaimsir: óir is misi Día, agus ní ḃfuil máiṫearraċ ann; is misi Día, agus ní ḃfuil aóinneaċ cosṁuil riom, 10 Ag foillsiuġaḋ an deiriḋ ón tosaċ, agus ón tseanaimsir na neiṫe naċ déarnaḋ fós, ġa ráḋ, Seasfa mo ċoṁairlesi, agus do ḋéana mé mo ṫoil féin go hiomlán: 11 Ag gairm eúin ċíocraiḋ ó noirṫear, an fear do ḋéanas mo ċoṁairle ó ṫír imċéin: aseaḋ, do laḃair mé é, do ḃéara mé fós ċum críċe é; do ṫionnsguin mé é, do ḋéana mé fós é. 12 ¶ Eistiġ riomsa, a ċroiḋṫe árraċda, atá a ḃfad ó ḟíréantaċt: 13 Do ḃeirimsi mfírinne a ngar; ní ḃiáiḋ sí a nimċían, agus ní ḟanfa mo ṡlánuġaḋ: agus suiġfe mé slánuġaḋ a Sion do Israel mo ġlóir. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society