Isaiah 45 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XLV. Fuásclaḋ Iúdah ó ḃrúid Ḃabiloin, ré Ċirus an rí. 1 Marso a deir an TIĠEARNA re na ungṫaċ, re Cirus, ar ċonnaiṁ mé a láṁ ḋeas, do ċlaói cineaḋaċ ḋá laṫair; agus sgaóilfe mé leasraċ ríoġ, dosclaḋ roiṁe geataḋa an dá leaṫ ċoṁlaḋ; agus ní druidfiġear na doirse; 2 Raċa misi roṁad, agus do ḋéana mé háite cama díreaċ: brisfiḋ mé na mbloḋuiḃ na geataḋa práis, agus géarrfa mé ó ċéile na barraḋa íaruinn: 3 Agus do ḃéara mé ḋuitsi ionnṁus na ndorċadus, agus saiḋḃrios foluiġeaċ áiteaċ nuáigneaċ, ar ċor go naiṫniġe tú gur misi, an TIĠEARNA, noċ ġoirios órt as hainm, gur mé Día Israel. 4 Ar son Iácob mo ṡeirḃíseaċ, agus Israel mo roġa, do ġoir mé ort as hainm: do ṡloinn mé ṫú, bíoḋ nar ḃfeas duit mé. 5 ¶ Is misi an TIĠEARNA, agus ní ḃfuil áon oile ann, ní ḃfuil áoindía ann táoḃ amuiġ ḋíomsa: do ċriosluiġ mé ṫú, bioḋ nár aiṫin tú mé. 6 Ċor go mbía a ḟios aca ó éirġe gréine, agus ó náird ṡíar, naċ ḃfuil aoindía aċd mé. Is misi an TIĠEARNA, agus ní ḃfuil maiṫearraċ ann. 7 Cuniaim an solus, agus crúṫuiġim an dorċadas: do ním síoṫċáin, agus crúṫuiġnn olc: misi an TIĠEARNA do ní gaċ aoinní ḋíoḃsa. 8 Feáruiḋsi a núas, a neaṁa, ó náird ṡúas, agus dóirtedís na spéiriġ síos firéantaċd: fosclaḋ an talaṁ, agus tugaidís slánuġaḋ amaċ, agus fasaḋ firéantaċt súas le ċéile; misi an TIĠEARNA do ċruṫaiḋ é. 9 A ṁairg don té ṫroideas ré na Ċruṫaiġṫeoir! Déanaḋ an pota bruiġean re potuiġiḃ don talaṁ. A naibéora an ċré ris an té ċumas í, Créd do ni tú? nó hobairse, Ní ḃfuilid láṁa aige? 10 A ṁairg don té a deir re na aṫair, Cred ġineas tú? nó rís an mnaói, Cred rug tú? 11 Is marso a deir an TIĠEARNA, Aon Náoṁṫa Israel, agus a Ċrúṫaiġṫeóir, Fíafruiġ ḋíomsa na neiṫe atá ag teaċt a ttaoḃ mo ṁac, agus a ttaoḃ oibreaċ mo láṁ áiṫniġiḋ ḋíom. 12 Do rinne mé an talaṁ, agus do ċrúṫaiġ mé an duine air: misi, eaḋon mo láṁasa do leaṫnuiġ amaċ na flaiṫis, agus do ríaġluiḋ mé a slóiġ uile. 13 Do ṫóg mé súas é a ḃfíreantaċt, tréoroċa mé a ṡliġṫe uile: cuirfe sé mo ċaṫair súas, agus léigfiḋ sé mo ḃraiġde amaċ, ní ar lúaċ nó ar ċuṁaiḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ. 14 Marso a deir an TIĠEARNA, Sáoṫar na Hégipte, agus ceannuiġeaċd na Hetíopia agus na Sabeánaċ, tiucfuid daoine árraċda, láiṁ riot, agus buḋ leatsa íad: tiucfaid síad ad ḋiáiġ; a slaḃraḋuiḃ ṫiucfaid síad ṫairis, agus uiṁleoċuiḋ síad duitse, do ḋéanuid iarruiḋ ċugadsa, ġa ráḋ, Go deiṁin atá Día ionnad; agus ní ḃfuil áon óile, ní ḃfuil Día oile ann. 15 Go deiṁin is Día ṫú ḟolċus ṫú féin, a Ḋé Israel, an Slánaiġṫeóir. 16 Biáiḋ náire orra, agus fós béid claóite uile: raċuid a neiṁní go léir luċt déanta na nioḋal. 17 Aċt sáorfuiḋear Israel ansa TIĠEARNA maille le slánuġaḋ síorruiḋe: ní ḃeiṫí náireaċ nó claóite go sáoġal na sáoġal. 18 Oír is marso a deir an TIĠEARNA do ċrúṫaiġ na neaṁa; Día féin do ċum an talaṁ agus do rinne é; do ḋaingniḋ sé é, ní go díoṁaoin do ċrúṫaiġ sé é, do ċum sé é dá áitreaḃaḋ: is misi an TIĠEARNA; agus ní hé maiṫearaċ. 19 Ní a ḃfolaċ do laḃair mé, a náit ḋorċa don talaṁ: ní dúḃairt mé re síol Iácob, Iarruiḋ mé go díoṁaóin: misi an TIĠEARNA laḃrus fírinne, foillsiġim neiṫe atá ceart. 20 ¶ Cruinniġiḋ siḃ féin agus tigiḋ; láiṁ ré ċéile, a ḋrong do ċuáiḋ as do na cineaḋaċaiḃ: ní ḃfuil éolus ar biṫ ag an ṁéid ċuireas súas maide a níoṁáiġeaḋ greanta, agus ġuiḋios ċum dé naċ ccaḃruiġionn íad. 21 Innisiḋ, agus tugaiḋ a ḃfogus íad; gaḃaidís fós, coṁairle agá ċéile: cía dfoillsiġ so ón tseanaimsir? cía dinnis é ó sin a leiṫ? naċ déarna misi an TIĠEARNA? agus ní ḃfuil Día ar biṫ ann taóḃ amuiġ ḋíomsa: Día ceart agus Slánaiġṫeoir; ní ḃfuil maiṫearraċ ann. 22 ¶ Féuċaiḋ orumsa, agus bíṫí sáḃalta, a uile ṫéoranna na talṁan: óir is misi Día, agus ní ḃfuil maiṫearraċ ann. 23 Do ṁionnuiġ mé ṫríom féin, do ċuáiḋ an fócal amaċ as mo ḃéul a ḃfírinne, agus ní ḟillfe sé, Go nuiṁleoċuiḋ gaċ uile ġlún daṁsa, mionnoċa gaċ uile ṫeanga. 24 Go deiṁin, a déara neaċ, is ansa TIĠEARNA atá fíréantaċt ḋaṁsa agus neart: is ċuige ṫiucfuid daóine: agus an ṁéid atá ar lasaḋ na aḋuiġ béid síad náireaċ. 25 Annsa TIĠEARNA fíréanfuiġear síol Israel uile, agus is ann do ḋéanaid glóir. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society