Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 44 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XLIV. Geallaḋ ar ṫioluicṫiḃ spioradalta. 9 Agus scrios na nioṁaiġe neaṁṫarḃaċ.

1 Giḋeaḋ cluin a nois, a Iácob mo ṡeirḃiseaċ; agus a Israel, noċ do ṫoġ mé:

2 Is marso a deir an TIĠEARNA do rinne ṫú, agus do ċum ṫú as an mbroinn, noċ ċuideoċus leáċd; Ná húaṁnuiġ, a Iácob, mo ṡeirḃíseaċ, agus ṫusa a Iesúrun, do ṫoġ mé.

3 Oír dóirtfiḋ mé uisge air an té ḃías tartṁar, agus tuilte ar an ttalaṁ ttirim: dóirtfiḋ mé mo spiorad air do ṡíol, agus mo ḃeannaċd air do ṡlioċd:

4 Agus fásfuid síad aṁuil a measc a nféir, mar ṡuileógaiḃ láiṁ re riṫ na nuisgeaḋ.

5 A déara áon, Leis an TTIĠEARNA misi; agus goirfiḋ duine oile é féin a nainm Iácob; agus scríobṫuiḋ duine oile lé na láiṁ don TIĠEARNA, agus sloinnfiḋ é féin lé hainm Israel.

6 Is marso a déir an TIĠEARNA Ríġ Israel, agus a ḟúascaltóir TIĠEARNA na slóġ; Is misi an céad, agus is mé an deiġionaċ; táoḃ aṁuiġ ḋíom ní ḃfuil Día ar biṫ.

7 Agus cía, mar misi, ġoirfeas, agus ḟoillseoċus é, agus ċuirfeas a nordúġaḋ ḋaṁ é, ó nuáir do órduiġ mé na daoine aosda? agus na neiṫe atá ag teaċd, agus ṫiucfas, taisbeanaidís ḋóiḃsion íad.

8 Ná hímeagluiġiḋ, agus ná bíoḋ úaṁan oruiḃ: naċ ar innis misi ḋuit ó namsin, agus dfoillsiġ mé é? siḃsi féin mo ḟíaḋnuiġṫe. An ḃfuil Día táoḃ amuiġ ḋíomsa? a seaḋ, ní ḃfuil aóin Día; ní haiṫniḋ daṁ áon.

9 ¶ An drong do ní íoṁáiġe ġreanta atáid uile na ndioṁáioneas, agus ní ṫairḃeoċuid a neiṫe dúileaṁla; agus a síad féin a ḃfíaḋuin; ní ḟaicid síad, agus ní ḃfuil a ḟios aca; ar ċor go mbía náire orra.

10 Cía ċum día, nó do leaġ íoṁáiġ ġreanta naċ tarḃaċ ċum neiṫe ar biṫ?

11 Féuċ, béid a ċompánuiġ uile náireaċ: agus an luċt ceirde, is do ḋaóiniḃ íad: cruinniġṫear íad uile a ḃfoċair a ċéile, seasfuid; béid eaglaċ, agus biáiḋ náire orra a naóinḟeaċd.

12 An gaḃa gun a ṫeanċoir oibriġ sé aráon annsa ġúal, agus cumaiḋ sé é lé hórduiḃ, agus oibriġ sé é le neart a láṁ: fós, bí sé ocraċ, agus failliġ a neart: ní iḃionn sé uisge, agus bí sé lag.

13 Smiḋ an sáor a ríaġail amaċ; coṁarṫaiġ sé amaċ é leis an doruḃa; deasuiġ sé é le na locraiḃ, agus coṁarṫuiġ sé amaċ é leis an ccompás, agus do ní é do réir ḟioġraċ duine, do réir scéiṁe duine; ar ċor go mbía annsa tiġ.

14 Gearraiḋ sé síos dó féin seadair, agus beanaiḋ an síprus agus an dair, noċ neartuiġios sé ḋó féin a mease ċrann na foráóise: planuduiġ sé fuinnséog, agus oiliḋ a nfearṫuinn í.

15 Annsin biáiḋ sí ag an nduine re a losgaḋ: óir glacfa ḋe sin, agus gorfuiḋ é féin; féuċ, dearguiḋ sé é, agus bacalúiḋe sé arán; fós, do ní sé dia, agus aḋruiḋ sé; do ní sé íoṁáiġ ġreanta ḋe, agus léigiḋ é féin ar a ġluiniḃ ḋó.

16 Loisgiḋ sé cuid de annsa teine; le cuid de iṫe sé feóil: do ní sé rósta, agus bí sé sáiṫeaċ: do ní fós, é féin do ġoraḋ, agus a deir, Aha, atáim goirṫe, do ċonnairc mé an teine:

17 Agus do ní se día don ċuid oile ḋe, eaḋon íoṁáiġ ġreanta: cláonuiḋ sé síos di, agus aḋraiḋ sé í, agus guiḋiġ sé ċuige, agus a deir, Sáor mé, óir is tú mó ḋía.

18 Níor aiṫniġeadar agus níor ṫuigiodar: óir do ḋruid seision a súile, go naċ féidir léo faicsin; agus a ccroiḋṫe, go naċ féidir léo tuígsin.

19 Agus ní ṁeasann áonduine iona ċroiḋe, ní mó atá éolus nó tuigse a ráḋ, Do loisg mé cuid de annsa teine: aseaḋ, fós do ḃacail mé arán ar a sméaróidiġiḃ; do róst mé feóil, agus a duáiġ mé í: agus a ndéana mé aḋḟúaṫṁaireaċd don ċuid oile ḋe sin; a nuiṁleoċa mé sios do ḃun crainn?

20 Bíaṫuiḋ sé ar lúaiṫ, dfill croiḋe meallta do leaṫtaoiḃ é, go naċ ḃféadann sé anam do ṡáoraḋ, nó a ráḋ, Naċ ḃfuil bréag am láiṁ ḋeis.

21 ¶ Cuiṁniġ íad so, a Iácob agus a Israel; óir is tú mo ṡeirḃíseaċ: do ċum mé ṫú, is tú mo ṡeirḃiseaċ: a Israel, ní ḃiáiḋ tú ar dearmad agam.

22 Do scrios mé, do ċionta amaċ, aṁuil néull ṫiuġ, agus, do ṗeácuiḋ, aṁuil néull: fill ċugamsa; óir dfúascuil mé ṫú.

23 Canuiḋ, a neaṁa; óir do rinne an ṪIĠEARNA é: gáiriḋ, a ċodċa íoċtaraċa na talṁan: brisiġ amaċ a cceol, a ṡléiḃte, a ḟoraóis, agus gaċ crann ionnad: óir dfúasgail an TIĠEARNA Iácob, agus do ġlóruiḋ sé é féin a Nísrael.

24 Is marso a deir an TIĠEARNA, ṫiuascaltóir, agus an té do ċum ṫú as an mbroinn, is misi an TIĠEARNA do ní gaċ uile ní; noċ aṁáin ṡíneas amaċ na neaṁa; leaṫnuiġios amaċ an talaṁ liom féin;

25 Neiṁniġios coṁarṫaḋa na mbréugaċ, agus do ḃeir luċt na fáistine ar cúṫaċ; iompoiġios daóine ġoca ar ccúl, agus do ní a néolus leaṁ:

26 Noċ ḋaingniġios focal a ṡearḃḟoġantuiġe, agus ċoiṁlionas coṁairle a ṫeaċtaireaḋ; a deir re Ierusalem, Aitreoċṫar ṫú; agus ré caiṫreaċaiḃ Iúdah, Cuirfiġear súas siḃ, agus tóigfe misi súas a náite sgriosta.

27 Noċ a deir ris a naigéan, Bí tirim, agus tiormoċa mé súas do ṡroṫa.

28 Noċ a deir ar Ċírus, Sé máoḋaire é, agus coiṁlionfuiḋ mfonn uile: eaḋon ḋá ráḋ re Hierusalem, Cuirfiġear súas ṫú; agus rís an tteampall, Cuirfiġear do ḃunáit fúd.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan