Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 43 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XLIII. Tairrgir ar ġairm na gcineaḋaċ.

1 Aċt a nois is marso a deir an TIĠEARNA do ċruṫaiḋ ṫusa, a Iácob, agus an té do ċum ṫú, a Israel, Ná himeagluiġ: óir dfúasguil mé ṫú, do ġoir mé ṫú as hainm; is liomsa ṫú.

2 A nuáir ġaḃus tú ṫríd na huisgeaḋuiḃ, biáiḋ misi ad ḟoċair; agus ṫríd na haiḃniḃ, ní ḟoileoċuid síad ṫú: a nuáir ṡíuḃolas tú ṫríd an tteine, ní loisgfiġear ṫú; ní mó ḋeargfas an lasair ort.

3 Oír is misi an TIĠEARNA do Ḋía, Aon Naomṫa Israel do ṡlánaiġṫeóir: ṫug mé an Négipt ar ṫfúasclaḋ, an Netiópia agus Seba air do ṡon.

4 O ḃí tú mórlúaiġ ann mo raḋarc, do ḃí tú onóraċ, agus do ġráḋuiġ mé ṫú: uimesin do ḃéara mé daóine ar do ṡon, agus pobal ar son hanma.

5 Ná bíoḋ eagla ort: óir atáimsi maille riot: do ḃéara mé do ṡíol ó noirṫear, agus cruinneoċa mé ó níarṫar ṫú;

6 Déara mé ris an ttuáisceart, Taḃair uáit; agus ris an deisceart, Ná connuiṁ ar ccúl: taḃair mo ṁaca as imċéin, agus minġeana ó ṫéorannaiḃ na talṁan.

7 Eaḋon gaċ uile ḋuine da ngoirṫear am ainmsi: óir do ċruṫaiġ mé é ar son mo ġlóire, do ċum mé é; fós, do rínne mé é.

8 ¶ Taḃair amaċ na daóine dalla agá ḃfuilid súile, agus na boḋair agá ḃfuilid clúasa.

9 Cruinniġṫear na huile ċineaḋaċa a ḃfoċair a ċeile, agus bídís na dáoine cruinn: cía iona measc sin ḟéadas so dfoillsiuġaḋ, agus ṫaisbéanas ḋúinne neiṫe roiṁe so? tugaidís amaċ a ḃfíaḋnuiseaḋa, ċor go ḃfíorfuiġear íad: nó cluinedís, agus abraidís, Is fírinne é.

10 Is siḃsi mfíaḋnuisesi, a deir an TIĠEARNA, agus mo ṡeirḃiseaċ noċ do ṫoġ mé: ċor go naiṫeontaói agus go ccreidfiḋe mé, agus go ttuigṫí gur misi é: níor cumaḋ Día ar biṫ roṁamsa, ní mó ḃías am ḋiáiġ.

11 Is misi, misi féin, an TIĠEARNA; agus táoḃ amuiġ ḋiomsa ní ḃfuil áon slánaiġṫeoir ann.

12 Dfoíllsiġ mé, agus do ṡáor mé, do ṫaisbéin mé, a núair naċ raiḃ aóindía coiṁiḋṫeaċ eadruiḃse: uime sin is siḃ mfiaḋnuise, a deir an TIĠEARNA, gur misi Día.

13 Fós, suil do ḃí an ló ann is misi an té sin; agus ní ḃfuil aoinneaċ ḟéadas sáḃáil óm láiṁ: oibreoċa mé, agus cía ḃacfas é.

14 ¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, ḃur slánaiġṫeóir, Aon Naoṁṫa Israel; Is ar ḃur sonsa do ċuir mé fios don Ḃabilóin, agus ṫug mé a núas a nuáisle uile, agus na Caldeánuiġ, agá ḃfuilid a ccoṁairc annsna longaiḃ.

15 Is misi an TIĠEARNA ḃur Náon Naoṁṫa, cruṫaiġṫeóir Israel, ḃur Ríġ.

16 Is marso a deir an TIĠEARNA, noċ do ní slíġe annsa ḃfairge, agus casán annsna huisgeaḋuiḃ neartṁara;

17 Noċ do ḃeir amaċ an carbad agus an teaċ, an slúaġ agus na cuṁaċda; luiġfid síad síos le ċéile, ní éireoċuid síad: atáid múiċte, do ṁúċaḋ íad aṁuil barraċ.

18 ¶ Naċ cuṁain liḃ na neiṫe roiṁe, naċ meastaói na neiṫe a nallúd.

19 Féuċ, do ḋéana misi ní núaḋ; a nois fásfuiḋ sé amaċ; naċ aiṫeona siḃse é? eaḋon do ḋéana mé sliġe annsa ḃfásaċ, agus aiḃne annsa díoṫraṁ.

20 Do ḃéaruiḋ beaṫaċ an mbaċaire onóir ḋaṁ, na dragúin agus na hulċaḃcáin: do ḃriġ go ttugaim uisge annsa ḃfasaċ, agus aiḃne annsa díoṫraṁ, do ṫaḃairt diġe dom ṗobal, mo ṫoġa.

21 Do ċum mé an pobalso ḋaṁ féin; taisbéanfuid s ad amaċ mo ṁolaḋ.

22 ¶ Aċt níor ġoir tusa orum, a Iácob; aċt do ḃí tusa tuirsioċ ḋíom, a Israel.

23 Ní ṫug tú ċugam áirnéis ḃeag hofrala loisge; ní mó donóruiġ tú mé led íoḋbarṫaiḃ. Ní ṫug mé ort foġnaṁ le hofráil, agus ní ṫug mé ort sáoṫruġaḋ lé túis.

24 Níor ċeamuiġ tú giolcah milis daṁ ar airgiod, ní mó do líon tú mé lé méuṫus híobarṫaċ: aċt ṫug tú orum foġnaṁ maille red ṗeacaḋuiḃ, ṫug tú orum sáoṫruġaḋ led égceartaiḃ.

25 Is Misi, Misi féin an té scriosas amaċ do ṡáruiġṫe ar mo ṡon féin, agus ní ċuiṁneoċad do ṗeacuiḋe.

26 Cuir misi a ccuiṁne: tagram re ċéile: foillsiġ ṫusa, a ccruṫ go mbia tú fírmneaċ.

27 Do ṗeacaiḋ do ċéad aṫair, agus do ċiontuiġeadar do luċd múinte am aġaiḋsi.

28 Unnesin do ṫruáilliġ mé prionnsaḋa na sanctóra, agus ṫug mé Iacob don ṁalluġaḋ, agus Israel do na scannlaċaiḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan