Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 42 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XLII. Teaċd Iosa Críosd, 2 le trócaire, 13 agus le mórḋaċt.

1 Feuċ mo ṡeirḃíseaċ, noċ gaḃuim orum; mo roġa, ann a ḃfuil dúil manma; do ċuir mé mo spiorad air: do ḃéara sé breiṫeaṁnus amaċ ċum na ngeinteaḋ.

2 Ní ḋéanaiḋ sé éiṁġe, ní ṫóigfe sé súas, agus ní ṫiuḃra fa deara a ġuṫ do ċluinsion annsa tsráid.

3 Ní ḃrisfe sé giolcaċ brúite, agus ní ṁúċfa sé an líon deataṁuil: do ḃéara sé breiṫeaṁnus amaċ ċum fírinne.

4 Ní ḟailleoċaḋ sé agus ní ḃiáiḋ sé meata, nó go ccuiriḋ sé breiṫeaṁnus annsa talaṁ: agus feiṫfiḋ na hoiléin ar a ḋliġeaḋ.

5 ¶ Is marso a deir Día an TIĠEARNA, an té do ċrúṫaiġ na neaṁa, agus do ṡín amaċ íad; an té do ṡreaṫnuiġ amaċ an talaṁ, agus an ní ṫig amaċ as; an té do ḃeir anál do na daoiniḃ air, agus spiorad don ṁéid ṡiuḃluiġios ann:

6 Misi an TIĠEARNA do ġoir ṫú a ḃfiréantaċd, agus coinneoċa mé do láṁ, agus coṁéadfad ṫú, agus do ḃéarad ṫusa mar ċunraḋ don ṗobal, mar ṡolus do na geintiḃ;

7 Dfosclaḋ na súl ndall, do ṫaḃairt na bpríosúnaċ amaċ as an bpríosún, agus na muinntire ṡuiḋios a ndorċadas amaċ as tiġ an ṗríosúin.

8 Is misi an TIĠEARNA: sé sin mainm: agus ní ṫiuḃra mé mo ġlóir do neaċ oile, nó mo ṁolaḋ díoṁáiġiḃ gráḃálta.

9 Féuċ, ṫangadar na céidneiṫe a ccríċ, agus foillsiġim na neiṫe núaḋa: suil ḟásaid síad amaċ innisim ḋiḃ íad.

10 ¶ Canaiḋ don TIĠEARNA caintic núaḋ, agus a ṁolaḋ ó imiol na talṁan, siḃsi do ṫéid síos ċum na fairge; agus a nuile ní dá ḃfuil innte; na hoiléin, agus a náitreaḃṫaċa.

11 Tógḃaḋ an fásaċ agus a ċaiṫreaċa súas a nguṫ, na bailte ann a náitriġionn Cédar: canaidís dúṫċusaiġ na cairge, gáiredís ó ṁullaċ na slíaḃ.

12 Tugaidís glóir don TIĠEARNA, agus foillsiġedís a ṁolaḋ annsna hoiléanuiḃ.

13 ¶ Raċaiḋ an TIĠEARNA amaċ aṁuil duine cuṁaċtaċ, coirreoċuiḋ sé éud súas aṁuil fear cogaiḋ: gáirfiḋ sé, fós, núallfa sé; béara sé buáiḋ ar a naiṁdiḃ.

14 Do ċoisg mé re fada; do ḃí mé am ṫoċd, agus do ċuir mé srían riom féin: anois coṁaircfe mé aṁuil bean re nioḋnuiḃ; scriosfa mé agus millfe me a naóinḟeaċt.

15 Do ḋéana mé sléiḃte agus cnoic na ḃfásaċ, agus críonfa mé súas a luiḃe uile; agus do ḋéana mé oiléin do na haiḃniḃ, agus tiormoċa mé súas na loċáin.

16 Agus do ḃéara mé na daill a sliġe naċ aiṫne ḋóiḃ; tréoroċuiḋ mé íad a sliġe nar ḃfeas dóiḃ: do ḋéana mé an dorċadas na ṡolus rompa, agus na neiṫe cama díreaċ. Ag so na neiṫe ḋéanas mé ḋóiḃ agus ní ṫréigfe mé íad.

17 Fillfíġṫear ar a nais íad, biáiḋ náire ṁór air an droing, ḋóṫċusuiġios a níoṁáiġiḃ ġreanta, noċ a deir ris na híoṁáiġiḃ leaġṫa, Is siḃ ar ndée.

18 ¶ Cluiniḋ, a ḃoḋra; agus féuċuiḋ, a ḋalla, ċor go ḃfaicfiḋe.

19 Cía is dall, aċd mo ṡeirḃíseaċsa? nó boḋar, mar mo ṫeaċtaire do ċuir mé úaim? cía as dall mar an té atá iomlán? nó dall mar ṡearḃḟoġantuiġ an TIĠEARNA?

20 Ag faicsin ṁóráin neiṫe, aċt ní ṫaḃair tú dot aire; ag fosclaḋ na cclúas, aċd ní ċluin sé.

21 Do ṫaitin ris an TTIĠEARNA ar son a ḟíréantaċda; dó ḋéana sé an dliġeaḋ do ṁóruġaḋ, agus do ḋéana sé oirḋeirc é.

22 Aċt is daóine íadso sladṫa agus creaċta; atáid síad uile gaḃta a bpollaiḃ, agus atáid a ḃfoláċ a ttiġṫiḃ príosúin: atáid síad na ccreiċ, agus ní ḃfuil áon dá ttárṫáil; mar éadáil, agus ní abaír áon, Aisig.

23 Cía aguiḃsi ḃéaras éisteaċd dó so? cía éistfios, agus ċluinfios ċum na haimsire atá ag teaċt?

24 Cía do ṡeaċuid Iácob mar éadáil, agus Israel do na sladṁóiriġiḃ? naċ déarna an TIĠEARNA, an té ar ṗeacuiḋeamar na aġaiḋ? óir níor ṡiuḃluiġeadar ióna ṡliġṫiḃ, ní mó do ḃádar úṁal dá ḋliġeaḋ.

25 Uimesin do ḋóirt sé air ainteas a ḟeirge, agus neart an ċaṫa: agus do ċuir sé tré ṫeine é timċioll fa ccuáirt, aċt ní raiḃ a ḟios aige; agus do loisg sé é, aċt níor ċuir sé íona ċroiḋe é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan