Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 41 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XLI. Bioḋ gur beag tréud Israel, 10 neartoċuiḋ Día íad.

1 Toċduiġiḋ dom laṫairsi, siḃsi a oiléana; agus aṫnúaḋaidís na daoine a neart: tigdís a ccoṁḟogus; laḃraidís annsin: tigeam a bfogus a naóinḟeaċd ċum breiṫeaṁnuis.

2 Cia ṫóg súas an fíréan ó noirṫear? do ġoir ċum a ċoise é, ṫug na cineaḋaċa dá laṫair, agus ṫug air ríaġlaḋ ós cionn ríġṫe? ṫug sé íad aṁuil luáiṫreaḋ ḋa ċloiḋeaṁ, agus mar ċonnlaċ teilgṫe, ḋa ḃoġa.

3 Do lean sé íad, agus dimṫiġ sé slán; eaḋon annsa tsliġe ann nar ṡiuḃuil sé le na ċosaiḃ.

4 Cía doibriġ agus do rinne é, ag gairm sleaċdan o ṫosaċ? misi an TIĠEARNA, céadna, agus leis a ndeiġionaċ; is misi é.

5 Do ċoncadar na hoileáin sin, agus degluiġeadar ris; do ḃádar corra an doṁain eaglaċ, do ṫairngiodar a ngar, agus ṫangadar.

6 Do ċuidiġ gaċ áon aca le na ċoṁarsoin; agus a duḃairt gaċ aon aca re na ḋearḃraṫair, Bí meisneaṁuil.

7 Marsin ṫug an sáor meisneaċ do ċéard a nóir, agus an té ṁíniġios leis a nórd don té ḃuáileas a ninneóin, ġa ráḋ, Atá sé réiḋ ċum táṫuiġe: agus do ḋaingniḋ sé é lé tairngiḃ, iondus naċ ccoirreoċṫaói é.

8 Aċt is tusa, a Israel, mo ṡearḃḟoġantuiġe, Iácob noċ do ṫoġ mé, síol Abraham mo ċara.

9 Ṫusa noċ ṫug mé ó ċorruiḃ na talṁan, agus do ġoir mé ṫú ó na daoiniḃ oirḋearca, agus a duḃairt riot, Is tú mo ṡeirḃíseaċ; do ṫoġ mé ṫú, agus níor ṫeilg mé seaċad ṫú.

10 ¶ Ná bíoḋ eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigḃríġeaċ: óir is misi do Ḋía: neirteoċuiḋ mé ṫú: fós, cuideoċa mé leaċd; fós, cuinneoċa mé súas ṫú le láiṁ ḋeis mo ċeirt.

11 Féuċ, náireoċa agus claoiḋfiġear íad uile noċ do las ad aġaiḋ: béid síad aṁuil neṁní; agus díoġḃáiḋfiḋ an ṁéid ṫroídfios riot.

12 Iárfa tú íad, agus ní ḃfuiġe tú íad, eaḋon an drong do ċeannairg riot: biáiḋ an luċt do ċogaiḋ ad aġaiḋ aṁuil neṁní, agus mar ní gan ḟéiḋm.

13 Oír misi an TIĠEARNA do Ḋía ċoinneoċus do láṁ ḋeas, ġá ráḋ riot, Ná himeagluiḋ; cuideoċuiḋ mé leaċd.

14 Ná heagluiḋ, ṫusa a ċnuiṁ Iácob, agus siḃsi a ṗobal Israel; cuideoċuiḋ mé liḃsi, a deir an TIĠEARNA, agus do ṡlánaiġṫeóir, Aon Náoṁṫa Israel.

15 Féuċ, do ḋéana mé ḋíot núaḋionstrument ḃuáiltegeur agá mbéid fíacla: buáilfe tú na sléiḃte, agus buáilfe tú go mion íad, agus do ḋéana tú na cnoic aṁuil cáiṫ.

16 Cáiṫfiḋ tú íad, béaruiḋ an ġaoṫ lé íad, agus cráoḃsgaóilfe an ġáoṫ ġuáirdeáin íad: agus gáirdeoċuiḋ tusa annsa TIĠEARNA, agus do ḋéana tú gloir a Náon Náoṁṫa Israel,

17 A nuáir íarrfuid na boiċt agus na ríaċdanuiġ uisge, agus naċ bía sin ann, agus go ḃfailleoċuiḋ a tteanga lé tart, cluinfiḋ misi an TIĠEARNA íad, misi Día Israel ní ṫréigfe mé íad.

18 Oisceoluiḋ mé aiḃne a náitiḃ arda, agus toibreaċa a lár na ngleann: do ḋéana mé loċán uisge do nfásaċ, agus tiobruide fíoruisge do nfearann ṫirim.

19 Plainndeoċa mé na Séadair annsa ḃfásaċ, an crann Sittah, agus an mirtle, agus an crann ola; cuirfe mé annsa díoṫraṁ an crann giuṁais, agus an pínan, agus an crann bocsa a naóinḟeaċd:

20 Iondus go ḃfaicfid, agus go naiṫeonuid, agus go measfuid, agus go dtuicfid a naóinḟeaċd, gur bí láṁ an TIĠEARNA do rínne so, agus gur bé Aon Náoṁṫa Israel do ċruṫaiġ é.

21 ¶ Taḃruiḋ ḃur ccúis a laṫair, ar san TIĠEARNA; tugaiḋ a laṫair ḃur ḃfáḋ neartṁarṫa, ar sa Ríġ Iácob.

22 Tigedís, agus foillsiġedís ḋúinn cred ṫeigeoṁus ann: táisbeanaidís na céaidneiṫe, cred íad féin, ċor go measfuim íad, agus go mbía fios a ccríċedeiġionuiġe aguinn; nó foillsiġedís dúinn na neiṫe atá ag teaċd.

23 Taisbeanuiḋ na neiṫe atá ag teaċd na ḋiáiġ so, agus biáiḋ a ḟios aguinn gur dée siḃ: déanaiḋ fós maiṫ, nó déanaiḋ olc, marsin úaṁnuiġeam, agus ċífeam a naóinḟeaċd.

24 Féuċuiḋ, ní ḃfuil ionnuiḃ aċt neiṁní, agus ḃur nobair gan táḃaċd: is aḋfúaṫṁar an té ṫoġas siḃ.

25 Do ṫog misi áon súas as an ttuáisceart, agus tiucfa sé: ó éirġe gréine ġoirfios sé air mainmsi: agus tiocfa sé air ṗrionnsaḋuiḃ aṁuil ar ṁoirtéur, agus aṁuil ṡaltras fear déanta na bpotaḋ an ċríaiḋ.

26 Cía ṡoillsiġ ó ṫosaċ, ċor go mbía a ḟios aguinne? agus roiṁe a naimsir, ċor go naibéoraidís, Atá sé fíréunta? aseaḋ, ní ḃfuil aon ṫaisbeanas, ní ḃfuil fós, áon ṡoillsiġios, fós, ní ḃfuil áon éistios ḃur mbríaṫra.

27 Déara an céidḟear re Sion, Féuċ, féuċ íad, agus do ḃéara misi do Ierusalem áon noċ do ḃéuras scéula maiṫe léis.

28 Oír dféuċ misi, agus ní raiḃ duine ar biṫ iona measc; agus ní raiḃ coṁairleaċ ar biṫ, noċ, a núair do ḟíafruiġ mé ḋiofa, do ḟreagraḋ focal.

29 Féuċ, atáid síad uile na ndíoṁaóineas; is neiṁní a noibreaċa: is gáoṫ agus is eadarḃuáis a níoṁáiġe leaġṫa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan