Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 40 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XL. Tairrgir air aimsir Ċríosd agus an tsoisgeil, 3 lé reaṁġairm Eoín ḃaiste.

1 Meisniġiḋ siḃ, meisniġiḃ siḃ mo ṗobal, deir ḃur Ndía.

2 Laḃruiḋ go meisneaṁuil ré Hierusalem, agus fúagruiḋ ḋi, gur críoċnuiġeaḋ a cogaḋ, gur maiṫeaḋ a héigceart: óir do ġlac sí as láiṁ an TIĠEARNA díol dúbalta ar son a huile peacaiḋ.

3 ¶ Guṫ an té ḟúagras ann sa ḃfásaċ, Gléasuiḋ sliġe an TIĠEARNA, déanaiḋ díreaċ annsa díoṫraṁ sliġe ṁór dar Ndía.

4 Airdeoċṫar gaċ uile ġleann, agus ísleoċṫar gaċ slíaḃ agus gaċ cnoc: agus do ḋéantar an cam díreaċ, agus na háite garḃa mín:

5 Agus foillseoċar glóir an TIĠEARNA, agus do ċífiḋ a nuile ḟeóil é a néainḟeaċd: óir béul an TIĠEARNA do laḃair é.

6 A duḃairt an guṫ, Fúaguir. Agus a duḃairt seision, Cred ḟuaigeoras mé? Is féur a nuile ḟeoil, agus atá a ṁaiṫ uile mar ḃláṫ an ṁaċaire:

7 Críonuiḋ an féur, searguiḋ an bláṫ: do ḃríġ go séidionn spiorad an TIĠEARNA air: go deiḃin is feur na daoine.

8 Críonuiḋ an féur, searguiḋ an bláṫ: aċd seasfuiḋ bríaṫar ar Ndé go bráṫ.

9 ¶ A Ṡíon noċ do ḃeir leaċd scéula maiṫe, éiriġ súas air a tslíaḃ árd; a Ierusalem, do ḃeir scéula maiṫe leaċd, tóg súas do ġuṫ maille re neart; tóg súas é, ná bíoḋ eagla ort; abair re caiṫreaċaiḃ Iúdah, Féuċaiḋ ḃur Ndía!

10 Féuċ, tiucfuiḋ an Tiġearna DIA lé láiṁ láidir, agus ríaġloċuiḋ a ríġ ar a ṡon: feuċ, atá a luáiḋeaċd maille ris, agus a obair roiṁe.

11 Beaṫoċuiḋ sé a ṫréud aṁúil áoḋaiare: cruinneoċaiḋ se na huáin le na láiṁ, agus iomċoruiḋ sé iona uċt íad, agus tiomáinfiḋ go mín an ċuid iona mbí óig.

12 ¶ Cía ṫoṁais na huisgeaḋa a cclár a ḋéarnainne, agus do ḋíriġ amaċ neaṁ lé réis, do ċruinniḋ luáiṫreaḋ na talṁan a miosur, agus do ċoṁṫromuiġ na sléiḃte a gcoṁṫrom, agus na cnoic a sgála?

13 Cía ḋíriġ Spiorad an TIĠEARNA, nó ar mbeiṫ na ċoṁairleaċ aige cía ṁúin é?

14 Cía ré a ndéarna sé coṁairle: agus cía ṫeagaisg é, agus do ṁúm é a ccasán an ḃreiṫeaṁnuis, agus do ṁúin éolus do, agus do ṫaisbem dó sliġe na tuigse?

15 Féuċ, atáid na cineadaċa aṁail bráon buicéid, agus atáid ar na meas aṁuil luáiṫreaḋ beag an scála: Féuċ, tógḃuiḋ sé súas na hoiléin mar ní ro ḃeag.

16 Agus ní lór Lebanon ré a losgaḋ, agus ní lór a ḃeaṫuiġ mar ofrail loisge.

17 Is neiṁní na cineaḋaċ uile dá laṫair: agus meastar leision íad ní sa luġa ná neiṁni, agus díoṁaoineas.

18 ¶ Marsin cía ré saiṁleoċuiḋe Día? no cía an ċosaṁlaċd ċuirfiḋe iona ċoiṁmeas?

19 Leaġaiḋ an fear oibre íoṁáiġ ġreanta, agus folċaiḋ céard a nóir í timċioll le hor, agus teilgiḋ sé slaḃraḋa airgid.

20 An té boċtuiġṫear mar sin, ionnus naċ ḃfuil ofráil aige toġuiḋ sé crann naċ loḃann; íarruiḋ sé ċuige oibriġ glic dullṁuġaḋ íoṁáiġe greanta naċ ccorroċṫár.

21 Naċ fios daóiḃsi? naċ ccúalaḃair? naċ ar hinnseaḋ ḋíḃ ó ṫosaċ? naċ ar ṫuigeaḃair ó ḃunáitiḃ na talṁan?

22 An té ṡuiḋios ar roṫa na talṁan, agus atáid áitreaḃṫuiġ sin aṁuil dreoláin teasḃuiḋ; noċ leáṫnuiġios amaċ na neaṁa aṁuil cúirtín, agus ṡreaṫnuiġios amaċ íad aṁuil páilhúin do ḋéanaṁ coṁnuiġe:

23 Noċ do ḃéir na prionnsaḋa a neiṁní; do ní sé breiṫeaṁuin na talṁan aṁuil díoṁaóineas.

24 Fós, ní planndoċṫar íad: fos, ní siolċuirfiġear íad: fós, ní ġéaḃuiḋ a mbun fréuṁ annsa talaṁ: agus séidfiḋ sé fós orra mar an ccéadna, agus críonfuid, agus béaruiḋ an ġáoṫ ġuairdéain lé íad aṁuil connlaċ.

25 Ar a naḋḃarsin, cía ré saiṁleoċṫáoi misi, nó cía re a mbíad cosṁail, a deir an Táon Naoṁṫa?

26 ¶ Tógḃuiġ súas ḃur súile go hárd, agus féuċaiḋ cía do ċruṫaiḋ na neiṫesi, noċ do ḃeir a slóġ amaċ le háireaṁ: goiriḋ sé uile íad as a nanmannaiḃ le méud a ċuṁaċd, óir atá sé láidir a ccuṁaċdaiḃ; ní ḟailliġionn áon é.

27 Cred fá nabair tusa, a Iácob, agus a laḃranu tú, a Israel, Atá mo ṡliġe a ḃfolaċ air an TTIĠEARNA, agus do ċuáiḋ mo ḃreiṫeaṁnus ṫairis óm Ḋía?

28 Naċ raiḃ a ḟios agad? naċ ccúala tú, naċ lagaiḋṫear an Día siorruiḋe, an TIĠEARNA, Cruṫaiġṫeóir ṫéorann na talṁan, agus naċ ccuirṫior é? ní ḃfuil scrúdaġ ar biṫ air a ṫuigsin.

29 Do ḃeir sé cuṁaċda do nanḃfann; agus don droing ag naċ bí neart méuduiġiḋ sé neart.

30 Laigeoċṫar fós na hogánuiġ agus beid coirṫe, agus tuitfid na hóigḟir ṫríd amaċ:

31 Aċt an drong ḟeiṫios air an TTIĠEARNA aṫnúaḋuiġid síad a neart; éreoċuid súas le sciaṫánuiḃ aṁuil iolair; rioṫfaid siad, agus ní ḃéid coirṫe; agus siuḃoluid, agus ní ḃéid síad anḃfann.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan