Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 39 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXIX. Peacaḋ Heseciah, 6 a smaċt, 8 agus a aiṫreaċus.

1 Annsa namsin do ċuir Merodaċ‐Baladain, ṁac Baladan, ríġ na Babilóine, litreaċa agus preasanta go Heseciah: óir do ċúala sé go raiḃ sé tinn, agus go ttáinic sé as.

2 Agus do ḃí Heseciah lúaṫġáireaċ rompa, agus do ṫaisbéin sé ḋóiḃ tiġ a ṡéud mórluáiġ, an tairgiod, agus an tór, agus na spíosra, agus a nola ṁórluáiġ, agus tiġ a arm uile, agus a nuile ní dá raiḃ iona ionnṁusaiḃ: ní raiḃ aoinní ann a ṫiġ, nó ann a ṫiġearnus uile, naċ ar ṫaisbéin Heseciah ḋóiḃ.

3 ¶ Annsin ṫáinic Isaiah an fáiḋ gus an ríġ Heseciah, agus a duḃairt ris, Cred a duḃradar na daóinesi? agus cáit as a ttangadar ċugadsa? Agus a duḃairt Heseciah, Ṫangadar as tir imċéin ċugam, eaḋon ón Ḃabilóin.

4 Annsin a duḃairt seision, Cred do ċonncadar ann do ṫiġ? Agus do ḟréagair Heseciah, Do ċonncadar a nuile ní dá ḃfuil ann mo ṫiġ: ní ḃfuil aoinni a measg mionnṁuis naċ ar ṫaisbéin mé ḋóiḃ.

5 Annsin a duḃairt Isaiah re Heseciah, Eíst bríaṫar ṪIĠEARNA na slóġ:

6 Féuċ, tiúcfuid na láeṫe, iona mbéarṫar a ḃfuil an do ṫiġ, agus ar ċuireadar haiṫre súas a stór gus an ló a niuġ, don Ḃabilóin: ní ḟúigriġear aóinní, a deir an TIĠEARNA.

7 Agus béaruid léo, cuid dot ṁacaiḃ noċ ṫiucfas uáit, noċ ġinfeas tú; agus béid na ccaillteannaċuiḃ a bpálás riġ na Babilóine.

8 Annsin a duḃairt Heseciah re Hisaiah, Is maiṫ briaṫar an TIĠEARNA noċ do laḃair tusa. Agus a duḃairt sé, Oír biáiḋ síoṫċain agus fírmne ann mo láeṫiḃsi.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan