Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 38 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXVIII. Heseciah ar faġail a ṡlainte, 9 tug se do Ḋia buiḋeaċas.

1 Annsna láeṫiḃsi do ḃí Heseciah tinn ċum báis. Agus ṫainic an fáiḋ Isaiah ṁac Amos ċuige, agus a duḃairt ris, Marso a deir an TIĠEARNA, Cuir do ṫiġ a nórduġaḋ: óir do ġeaḃa tú bás, agus ní ṁairfe tú.

2 Ann sin dfill Heseciah a aḋaiġ leaṫ ris an mballa, agus do ġuiḋ sé ċum an TIĠEARNA,

3 Agus a duḃairt, Cuiṁniġ anois, a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, mar do ṡiuḃuil mé ann ṫfiaġnuise a ḃfírinne agus maille ré croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní is maiṫ ann do raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur.

4 ¶ Annsin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Hisaiah, ga ráḋ,

5 Imṫiġ, agus abair re Heseciah, Mar so a deir an TIĠEARNA, Día Ḋáiḃi haṫar, do ċúala mé do ġuiḋe, do ċonnairc mé do ḋéora: féuċ, cuirfiḋ mé a cionn do láeṫeaḋ cúig bliaḋna déug.

6 Agus sáorfa mé ṫúsa, agus an ċaṫairsi as láiṁ ríġ na Hassíria: agus dídeonuiḋ mé an ċaṫairsi.

7 Agus biáiḋ so na ċoṁarṫa agad ón TTIĠEARNA, go ndéana an TIĠEARNA an ní so a duḃairt sé;

8 Féuċ, do ḃéara mé a rís sgáile na ccéimionn, do ċúaiḋ síos don ġréin a ccéimiḃ Ahas, deiċ ccéime ar a nais. Annsin dfill an ġrían deiċ ccéime, réir na céimiḃ lé a ndeaċuiḋ síos.

9 ¶ Scríḃinn Heseciah ríġ Iúdah, a nuáir do ḃí sé tinn, agus déirġiḋ sé ó na ṫinneas:

10 A duḃairt misi a ngearraḋ mo laéṫeaḋ, Raċaiḋ mé go geataḋuiḃ na huáiġe: do beanaḋ an ċuid oile dom ḃlíaḋnuiḃ ḋíom.

11 A duḃairt mé, Ní ḟaicfe mé an TIĠEARNA, eaḋon an TIĠEARNA, a ttir na mbéo: ní ḟaicfiḋ mé duine ní as mó maille ré háitreaḃaċaiḃ an doṁuin.

12 Dimṫiġ máitreaḃaḋ, agus do háṫruiġeaḋ uáim í mar lóistín áoḋaire: do ġeárr mé aṁuil fiġeadóir mo ḃeaṫa: gearrfa sé amaċ mé maille re tinnios fadálaċ: ón ló gus a noiḋċe ċuirfios tú deireaḋ liom.

13 Do ċoṁáir mé go maidin, aṁuil leoṁan, brisfe sé mo ċnáṁa uile: ón ló gus a noiḋċe ċuirfios tú deireaḋ líom.

14 Aṁuil corr nó áinléog, is marsin do ċanráin mé: dosnuiġ mé mar ċolum: do ḃadar mo ṡúile, tógṫa suas a náirde: a ṪIĠEARNA, atáim ar mo ṡáruġaḋ; gaḃ do láiṁ mé.

15 Cred a déara mé? do laḃair sé féin riom, agus isé féin do rinne riom é: imeoċaiḋ mé go mín ar feaḋ mo uile ḃlíaḋan a searḃus manma.

16 O a ṪIĠEARNA, is leis na neiṫiḃsi ṁairíd daóine, agus annsna neiṫiḃsi uile atá beaṫa mo spioraide: léoso ṫárṫoċuis tú mé, agus do ḃéara tú orum marṫainn.

17 Féuċ, arson síoḋċana fuáir mé searḃus mór: aċt ar ġráḋ manma do ṡáor tusa é ó ṗoll an truáilliġṫe: óir ro ṫeilgis mo ṗeacuiḋe uile táoḃ ṡíor dot ḋruim.

18 Oír ní ḟéadann a nuáiġ do ṁolaḋ, ní ḟéadann an bás do ṁóraḋ: ní ḟéadann an drong ṫéid síos san ṗoll dóṫċusuiġ ann ṫfírinne.

19 An béo, an béo, molfa sé ṫú, mar do nímsi a niuġ: agus foillseoċuiḋ an taṫair ṫfírinne don ċloinn.

20 Do ḃí an TIĠEARNA ullaṁ ċum mo ṡáorṫa: uimesin canfam ar ccaintice uile láeṫe ar mbeaṫa a ttiġ an TIĠEARNA.

21 Oír a duḃairt Isaiah, Glacaidís meall fígeaḋ, agus leagaidís mar ċeirín ar an neascóid é, agus mairfiḋ sé.

22 A duḃairt fós Heseciah, Créd é an coṁarṫa le a raċa mé súas go tiġ an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan