Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXVII. Do ḃuáil aingeal Dé 185,000 Assirianaċ. 37 Agus a ṁic féin, Senaċerib.

1 Agus tárla, a nuáir do ċúala an ríġ Heseciah sin, gur ḃris sé a éadaċ, agus dfoluiġ sé é féin le saicéadaċ, agus do ċuáiḋ sé go tiġ an TIĠEARNA.

2 Agus do ċuir sé Eliaċim, noċ do ḃí ós cionn an tiġe, agus Sebna an scriḃneóir, agus sinsir na sagart foluiġṫe le saicéadaċ, gus an ḃfáiḋ Isaiah ṁac Amos,

3 Agus a duḃradar ris, Is marso a deir Heseciah, Is lá buáiḋearṫa, agus bagair, agus blasṗémiġ an láso: óir ṫangadar na leiniḃ a náit a mbeirṫe, agus ni ḃfuil neart ar a mbreiṫ.

4 Do bféidir go ccluinfeaḋ an TIĠEARNA do Ḋíase bríaṫra Rabsáceh, noċ do ċuir ríġ na Hassíria a ṁaiġistir do ṁasIuġaḋ an Dé ḃí, agus go naiṫḃeoruiḋ sé na bríaṫra do ċúala an TIĠEARNA do Ḋíase: uímesin tóg súas hurnaiġ ar son a nfuiġill do fágḃaḋ.

5 Marsin ṫangadar searḃḟoġantuiġe an ríġ Heseciah go Hisaiah.

6 ¶ Agus a duḃairt Isaiah ríu, Marso a déarṫaoi ré ḃur maiġistir, Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná bíoḋ eagla ort ris na bríaṫruiḃ do ċúala tú, ré ar scannluiġiodar searḃḟoġantuiġe ríġ na Hassíria misi.

7 Féuċ, cuirfiḋ mé filleaḋ air, agus cluinfiḋ sé tormán, agus fillfiḋ sé ḋá ṫír féin; agus do ḃéara mé air tuitim ris an ccloiḋeaṁ iona ṫír féin.

8 ¶ Marsin dfill Rabsáceh, agus fuáir sé ríġ na Hassíria ag cogaḋ a naġaiḋ Libnah: oir do ċúala sé gur imṫiġ sé as Laċis.

9 Agus do ċúaluiḋ sé ḋa ráḋ a ttaóiḃ Ṫirhacah ríġ na Hetíopia, Ṫáinic sé amaċ do ċogaḋ riotsa. Agus a nuáir do ċúala sé sin, do ċuir sé teaċda go Heseciah, ġa ráḋ,

10 Is marso laiḃeorṫaói ré Heseciah riġ Iúdah, ġa ráḋ, Ná meallaḋ do Ḋía, iona ḃfuil do ḋóiġ ṫú, ġa ráḋ, Ní ṫiuḃarṫar Ierusalem a láiṁ ríġ na Hassíria.

11 Féuċ, do ċúala tú cred do rinneadar ríġṫe na Hassíria ris a nuile ṫír dá léirscrios; agus an sáorfuiġṫear ṫusa?

12 Nar ṡáoradar dée na ccineaḋaċ an ṁéid do scriosadar maiṫrese, Gósan, agus Háran, agus Reseṗ, agus clann Eden noċ do ḃí a Dtelassar?

13 Cáit a ḃfuil ríġ Hamat, agus ríġ Arṗad, agus ríġ caiṫreaċa Seṗarḃaim, Hena, agus Hiḃah?

14 ¶ Agus do ġlac Heseciah an litir as láiṁ na tteaċdaḋ, agus do léiġ sé í: agus do ċuáiḋ Heseciah súas go tiġ an TIĠEARNA, agus do leaṫnuiġ sé í a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.

15 Agus do ġuiḋ Heseciah ċum an TIĠEARNA, ġa ráḋ,

16 O a ṪIĠEARNA na slóġ, Día Israel, noċ áitreaḃus edir na ċerubíniġ, is tu an Día, ṫúsa féin aṁáin, do uile rioġaċdaiḃ na talṁan: is tú do rinne neaṁ agus talaṁ.

17 Cláon do ċlúas, a ṪIĠEARNA, agus cluin; oscail do ṡúile, a ṪIĠEARNA, agus faic: agus éist uile ḃríaṫra Ṡennaċerib, noċ do ċuir úaḋ do scannluġaḋ an Dé ḃí.

18 Go firinneaċ a ṪIĠEARNA, do rinneadar ríġṫe na Hassíria fásaċ do na huile ċineaḋaċaiḃ, agus dá ttíorṫaiḃ.

19 Agus do ṫeilgeadar a ndée annsa teine: óir níor ḋée íad, aċt obair láṁ daóine, crann agus cloċ: uimesin do sgriosadar íad.

20 A nois ar a naḋḃarsin, a ṪIĠEARNA ar Ndía, sáor sinn ó na láimb, ċor go mbía a ḟios ag uile rioġaċdaiḃ na talṁan gur tú an TIĠEARNA, ṫusa féin aṁáin.

21 ¶ Ann sin do ċuir Isaiah ṁac Amos fios ċum Heseciah, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, A náit ar ġuiḋ tú mé a naġaiḋ Ṡenaċerib ríġ na Hassíria:

22 Ag so an focal do laḃair an TIĠEARNA ḋá ṫáoḃ; Do ṫarcuisniġ, an ṁaiġdion, inġean Síon ṫú, agus do rad gáir ḟoċṁuide fúd; do ċroiṫ inġean Ierusalem a ceann ort.

23 Cía scannluiġ tú agus cía ṁasluiġ tú; agus cía a naġaiḋ ar árduiġ tú do ġuṫ, agus ar ṫóg tú do ṡúile súas go hárd? eaḋon a naġaíḋ Aóin Náoṁṫa Israel.

24 Le do ṡearḃḟoġantuiḃ do ṁasluiġ tú an TIĠEARNA, agus a duḃairt tú, Lé hiomad mo ċarbad ṫáinic mé a níos go hárd na slíaḃ, go himliḃ Lebanon, agus géarrfa mé síos crainn árraċda cedair, agus toġa a ccrann giuṁuis: agus raċaiḋ mé a mullaċ a ṫéorann, agus a ḃforaóis a Ċarmel.

25 Do ṫoċail mé, agus diḃ mé uisge; agus le bonn mo ċoise do ṫiormuiġ mé súas uile ṡroṫa an daingin.

26 Naċ ccúalaiḋ tú fada ó ṡin, cionnus do rinne misi é; agus ó na seanaimsearuiḃ, ciondus do ċum mé é? agus a nois do ċríoċnuiġ mé é, ċor go mbeiṫéasa ag déanaṁ fásaiḋ do ċaiṫreaċaiḃ daingne na ccárnuiḃ folṁa.

27 Uimesin do ḃádar a náitreaḃṫuiġ ar ḃeagán neirt, do lagaḋ agus do hainḃfainneaḋ íad: do ḃádar aṁuil féur na faiġṫe, agus mar an luiḃ nglais, mar an ḃféur ar ṁullaċ na ttiġṫeaḋ, agus mar ġort tséidṫe suil ḟasas sé súas.

28 Aċt atá fios do ċoṁnuiġe agamsa, agus do ḋul amaċ, agus do ṫeaċda a steaċ, agus do ċuṫaċ am aġaiḋsi.

29 Do ḃríġ go ttáinic do ċúṫaċ am aġaiḋ, agus do ḃuaiḋreaḋ, súas am ċlúasaiḃ, uimesin cuirfe mé mo ḋuḃán ann do ṡróin, agus mo ṡrían ann do ḃéul, agus fillfe mé ar hais ṫú annsa tsliġe iona ttáinic tú.

30 Agus biáiḋ so na ċoṁarṫa agad, Iostaói an ḃliaḋainsi an ní ḟasas úaḋa féin; agus an dara blíaḋain an ní ḟásas de sin: agus an treasblíaḋan siolċuiriḋ, agus bainiḋ, agus plannduiġiḋ fineaṁna, agus iṫiḋ a ttoraḋsan.

31 Agus an fuiġioll ḟuigfiġear do ṫiġ Iúdah géaḃuid a rís fréaṁ síos, agus do ḃéaraid toraḋ súas:

32 Oír raċaiḋ fuiġioll amaċ as Ierusalem, agus an dul as ó ṡliaḃ Síon: do ḋéana teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ so.

33 Uime sin is marso a deir an TIĠEARNA a ttáoḃ ríġ na Hassíria, Ní ṫiucfa sé don ċaṫruiġsi, ní ċaiṫfiḋ se soiġiod innte, agus ni ṫiucfa sé as a coinne le scíaṫaiḃ, agus ní ṫeilgfiḋ sé claḋ re na haġaiḋ.

34 Annsa tsliġe iona ttáinic sé, annsa tsliġe ċéadna ḟillfios sé, agus ní ṫiucfa sé don ċaṫruiġsi, a deir an TIĠEARNA.

35 Oír cuiṁdeoċuiḋ misi an ċaṫairsi dá didean ar mo ṡon féin, agus ar son mo ṡeirḃísiġ Dáiḃi.

36 ¶ Annsin do ċuáiḋ aingeal an TIĠEARNA amaċ, agus do ḃuáil sé a ḃfoslongṗort na Nassírianaċ céud ceiṫre fiṫċid agus cúig ṁíle: agus a nuáir do éirġeadar go moċ ar maidin, féuċ do ḃádar uile na ccorpuiḃ marḃa.

37 ¶ Marsin dimṫiġ Sennaċerib ríġ na Hassíria, agus do ġluáis agus dfill sé, agus do rinne sé coṁnuiḋe a Niniḃeh.

38 Agus tárla, mar do ḃí sé ag aḋraḋ a ttiġ Nisroċ a ḋía, gur ḃuáil Adrameleċ agus Sareser a ṁic é leis an ccloiḋeaṁ; agus dimṫiġeadar go críċ an Harménia, agus do ríoġuiḋ Esarhadon a ṁac ionna áit.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan