Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXVI. Do ṡuiġ Senaċerib a ttimċioll Ierusalem.

1 Anois tárla annsa ċeaṫraṁaḋ blíaḋain déug don ríġ Heseciah, go ttáinic Senaċerib ríġ na Hassíria súas a naġaiḋ uile ċaiṫreaċ daingean Iúdah, agus gur ġaḃ sé iad.

2 ¶ Agus do ċuir ríġ na Hassíria Rabsáceh ó Laċis go Hierusalem gus an riġ Heseciah maille ré slúaġ mór. Agus do ṡeas sé láiṁ ré píob ṫobair an loċáin úaċdaraiġ a sliġe ṁóir ṁaċaire a núcaire.

3 Ann sin ṫáinic ċuige amaċ Eliacim, ṁac Hilciah, noċ do ḃí ós cionn an tiġe, agus Sebna an scriḃneóir, agus Ioah, ṁac Asaṗ, an cuiṁniġṫeóir.

4 Agus a dúḃairt Rabsáceh ríu, Abruiḋsi anois ré Heseciah, Is marso a deir an ríġ mór, ríġ na Hassíria, Cred é an daingeanso iona ḃfuil do ḋóṫċus?

5 A déarad, aċd is bríaṫra dioṁaine íad, Atá coṁairle agus neart agumsa ċum cogaiḋ: a nois cía as a ḃfuil do ḋóṫċus, as a ḃfuil tú ag cogaḋ am aġuiḋsi?

6 Féuċ, dóṫċusaiġ tú a maide giolcuiġe briste, air a Négipt; noċ má luiġionn duine air, raċas ann a láiṁ, agus ṫollfas í: marsin atá Ṗarao ríġ na Hégipte do gaċ áon ċuirios a ḋóiġ ann.

7 Aċt má deir tusa riomsa, Ata ar ndóṫċus annsa TIĠEARNA ar Ndía: naċ eision an té, a rug Heseciah a áite árda agus a altóra leis, agus a duḃairt ré Iúdah agus re Ierusalem, Aḋorṫaoi a ḃfíaḋnnise na haltórasa?

8 A nois ar a nadḃarsin, guiḋim ṫú, taḃair braiġde, dom ṁaiġstirse ríġ na Hassiria, agus do ḃéara misi ḋuitsi ḋá ṁíle eaċ, mas féidir leaċdsa marcṡlúaġ do ċur orra.

9 Ciondus marsin iompoċus tú ar ccúl aḋaiġ áon ċaiptín aṁain do na serḃíseaċaiḃ is lúġa ag mo ṁaiġistir, agus ċuirfeas tú do ḋoiġ annsa Négipt ar son carbad agus marcṡluáiġ?

10 Agus an ttáinic misi a nois a níos gan an TIĠEARNA a naġaiḋ na tírese dá scrios? a dúḃairt an TIĠEARNA riom, Imṫiġ súas a naġaiḋ na tíresin, agus scrios í.

11 Annsin a dúḃairt Elíacim agus Sebna agus Ioah ré Rabsáceh, Guiḋim ṫú, laḃair, re do ṡearḃḟoġantaiḃ san teangaiḋ Ṡírianta; óir tuigmíd í: agus ná laḃair rinn san teangaiḋ Iúduiġ, a cclúasaiḃ an ṗobail noċ atá air an mballa.

12 Aċt a dúḃairt Rabsáceh, Nar ċuir mo ṁaiġistir misi ċum do ṁaiġistirsi agus ċugadsa do laḃairt na mbríaṫarso? naċ ar ċuir sé mé ċum na ndaóine noċ ṡuiġios air an mballa, ċor go níosaidís a notraċ féin, agus go niḃṫedís a mún féin maille riḃsi?

13 ¶ Ann sin do ṡeas Rabsáceh, agus déiġ sé do ġuṫ árd san teangaiḋ Iúduiġe, agus a dúḃairt, Eistiġsi briaṫra an ríġ ṁóir, riġ na Hassíria.

14 Marso a deir an ríġ; Ná meallaḋ Heseciah siḃ: óir ní ḃiáiḋ air a ċumas ḃur ccosnaṁ.

15 Agus ná tugaḋ Heseciah oruiḃ dóṫċusaḋ ann sa TIĠEARNA, ġa ráḋ, Sáorfuiḋ an TIĠEARNA sinn gan aṁarus: ní ṡeaċodar an ċaṫairsi a láiṁ ríġ na Hassíria.

16 Ná héistiġ re Heseciah: oir is marso a deir ríġ na Hassíria, Déanaiḋ réiteaċ riomsa maille re cúṁa, agus tigiḋ amaċ ċugam: agus iṫeaḋ gaċ aon aguiḃ dá ḟíneaṁuin, agus gaċ aon da ċrann fíge, agus iḃiḋsi gaċ áon aguiḃ uisge a ṫiubraide féin;

17 Nó go ttí misi agus go mbeiriḋ mé liom siḃ go tír cosṁail re ḃur ttír féin, dúṫaiġ arḃa agus ḟíona, dúṫaiġ aráin agus lúḃġort ḟíneaṁna.

18 Bíṫí ar ḃur ccoiṁéad deagla go ccorroċaḋ Heseciah siḃ, ġa ráḋ, Sáorfuiḋ an TIĠEARNA sinn. Nar ṡáor áon do ḋéiḃ na ccineaḋaċ a ḋúṫaiġ as láiṁ ríġ na Hassíria?

19 Cáit a ḃfuilid dée Hamat, agus Arṗad? cáit a ḃfuilid dee Seṗarḃaim? agus nar ṡáoradar Samaria as mo láiṁse?

20 Cía híad a measg uile ḋée ná ttíorṫaḋso, do ṡáor a ndúṫaiġ as mo láiṁsi, as a sáorfaḋ an TIĠEARNA Ierusalem as mo láiṁ?

21 Aċt do ṫoċdadarsan, agus níor ḟreagradar áon ḟocal dó: óir do bí aiṫne an ríġ, ġa ráḋ, Ná freagraiḋ é.

22 Annsin ṫáinic Eliacim, ṁac Hilciah, noċ do ḃí ós cionn an tiġe, agus Sebna an scriḃneóir, agus Ioah, ṁac Asaṗ, an cuiṁniġṫeoir, go Heseciah go na néuduiġiḃ réubṫa, agus dinnsiodar ḋó briaṫra Rabsáceh.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan