Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 35 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXV. Sonas na heagluise re linn na tiomna nuáiḋ.

1 Biaiḋ lúaṫġáir air an ḃfásaċ agus ar a náit áonrácanuiġ ar a son; agus gáirdeoċuiḋ an díoṫraṁ, agus bláṫoċuiḋ sé aṁuil rósa.

2 Bláṫoċuiḋ sé go líonṁar, gáirdeoċuiḋ sé fós lé lúaṫġáir agus le céol: do ḃéarṫar glóir Lebanon dó, oirḋearcus Ċarmel, agus Ṡáron, do ċífid síad glóir an TIĠEARNA, agus oirḋearcus ar Ndénne.

3 ¶ Neartuiġiḋsi na láṁa laga, agus daingniġiḋ na glúine éittréoraċ.

4 Abruiḋ ris a ndroing agá ḃfuil croiḋe eaglaċ, Bíṫí láidir, ná himeagluiġiḋ: féuċuiḋ, tiucfaiḋ ḃur Ndía lé dioġaltas, tiucfaiḋ Dia lé luáiḋeaċd; tiucfa sé agus sáorfa sé siḃ.

5 Ann sin oisceoltar súile na ndall, agus biáiḋ clúasa na mboḋar gan stopaḋ.

6 Annsin lingfios an duine bacaċ aṁuil fíaḋ, agus canfuiḋ teanga an ḃailḃ céol: agus brisfid uisgeaḋa amaċ annsa ḃfásaċ, agus sruṫáin annsa díoṫraṁ.

7 Agus tiucfuiḋ an fearann tirim ċum ḃeiṫ na loċán, agus an fearann tartṁar na ṡroṫaiḃ uisge: a náitreaḃ na ndragún, mar a luiġionn gaċ áon, biáiḋ féur maille re giolcaċ agus re lúaċair.

8 Agus biáiḋ sliġe ṁór ann sin, agus bealaċ, agus goirfiġear ḋe, Bealaċ na náoṁṫaċda; ní ṡíuḃolnid na neaṁġloin ṫríd; aċt biáiḋ sé na ccoinnesion: an fear siuḃail, agus na hamadáin, ní raċuid a muġa ann.

9 Ní ḃiáiḋ leoṁan ar biṫ annsin, ní mo raċus aóinḃeaṫaċ fúaduiġṫe súas ann, ní ḃfuiġṫior annsin é; aċt siuḃoluiḋ an drong ḟúascaltar ann:

10 Agus fillfid an ṁéid ḟúasglas an TIĠEARNA, agus tiucfuid go Síon maille re céol agus re gáirdeaċus síorruiḋe ar a cceannuiḃ: glacfuid síad gáirdeaċus agus lúaṫġáir, agus teiṫfiḋ dóbrón agus osnaḋaċ úaṫa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan