Isaiah 34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXIV. Diḃfearg Dé ar naiṁdiḃ na heagluise. 1 Tigiḋ a ngar, a ċineaḋaċa, deisdeaċd; agus tugaiḋ aire, a ṗobal: cluineaḋ an talaṁ, agus gaċ a ḃfuil ann; an sáoġal, agus gaċ a ttig amaċ as. 2 Oír atá díḃḟearg an TIĠEARNA ar na huile cineaḋaċaiḃ, agus a ṫeas féirge air a nuile ṡlúaġ: do scrios sé ṫríd amaċ íad, ṫug se do nárṁaċ íad. 3 Teilgfiġear fós a mairḃ amaċ, agus tiucfaiḋ a mbréuntas súas as a cconablaċaiḃ, agus leaġfuiġear na sléiḃte le na ḃfuil. 4 Agus cuirfiġear ó ċéile uile ṡlúaġ niṁe, agus crapfuiġear na flaiṫis a ccionn a ċéile aṁuil scrola: agus tuitfiḋ a slúaġ uile síos, mar ṫuitios an duille do nfineaṁuin, agus aṁuil fíge ṫuiteas don ċrann fíge. 5 Oír biáiḋ mo ċlóiḋioṁ ar na ḟoṫraġaḋ a ḃflaiṫeaṁnus: féuċ, tiucfuiḋ sé a núas ar Idumea, agus ar ṗobal mo ṁallaċd, ċum breiṫeaṁnuis. 6 Atá cloiḋioṁ an TIĠEARNA líonta dfuil, do rinneaḋ méuṫ lé méuṫus é, agus lé fuil úan agus ġaḃar, agus le geir ḋuḃán na reiṫeaḋ: óir atá íoḋbairt ag an TTIĠEARNA a Mbosrah, agus ár mór a ttír Idumea. 7 Agus tiucfaid na hunicorn léo a núas, agus na bulóga leis na tarḃuiḃ; agus fliuċfuiġear a ḃfearann lé fuil, agus do ḋeantar a luáiṫreaḋ méiṫ lé méuṫus. 8 Oír isé lá dioġaltais an TIĠEARNA é, agus blíaḋain na luáiḋeaċda ar son imreasuin Ṡíon. 9 Agus iompoċar a sroṫa sin a bpic, agus a luáiṫreaḋ a ruiḃ, agus a ḟearann ċum ḃeiṫ na ṗic loisgniġ. 10 Ní múċfuiġear a noiḋċe ná a ló é; raċaiḋ a ḋeataċ súas go bráṫ: ó ġinealaċ go ginealaċ biáiḋ sé aonrácanaċ; ní ġeaḃa duine ar biṫ ṫríd go saoġal na sáoġal. 11 Aċt sealḃoċuiḋ an fíaċ mara agus an bunnán léanaḋ é; coiṁneoċuiḋ fós an tulċaḃcán agus an fíaċduḃ ann: agus sínfiḋ sé doruḃa a naiḋṁillte fair, agus cloċa na foilṁe. 12 Goirfid síad a uáisle ċum na rioġaċda, aċt ní ḃiáiḋ áonduine ann sin, agus buḋ neiṁní a príonnsaḋa uile. 13 Agus tiucfuid droiġne tré na pálásaiḃ, neantóg agus dreasóga iona daingneaċaiḃ: agus biáiḋ sí na háitreaḃ dragún, agus na cúirt dulċaḃcánuiḃ. 14 Teigeoṁuid fós beaṫuiġ állta an díoṫraiṁ ré beaṫuiġiḃ állta a noiléin, agus goirfiḋ an sáitír a ċompánaċ; suáiṁneoċuiḋ fós an ċoirrscréaḋóg annsin, agus do ġeaḃa sí áit coṁnuiġe ḋi féin. 15 Is ann sin do ḋéana an tulċaḃcán mór a nead, agus luiḋfios, agus ġoirfios, agus ċruinneoċus fa na sgáṫ: annsin fós cruinneoċuid na ḃultuir, gaċ áon maille re na ċompanaċ. 16 ¶ Iarruiḋsi amaċ as leaḃar an TIĠEARNA, agus léiġiḋ: ní ḟailleoċuiḋ áon díoḃso, ní ḃiáiḋ easḃuiġ a ċompanuiġ ar áon díoḃ: óir daiṫin mo ḃéulsa é, agus do ċruinniḋ a spiorad íad. 17 Agus do ṫeilg sé crannċar ar a son, agus do roinn a láṁ eatorra é lé slaḃraḋ: sealḃoċuiḋ síad go bráṫ é, ó ġinealaċ go ginealaċ coṁnoċuid ann. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society