Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 33 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXIII. Docaṁall na Hassiria arson a slad‐ṁoireaċd.

1 A ṁairg ḋuitsi noċ airgios, agus naċ ar hairgeaḋ ṫú; agus do ní go fealltaċ, agus naċ déarnadar go fealltaċ riot! a nuáir scuirfeas tú do ṁillteaċus, millfiġear ṫú; agus a nuáir scuirfios tú do ḋéanaṁ go fealltaċ, do ḋéanaid síadsan go fealltaċ riotsa.

2 O a ṪIĠEARNA, bí grásaṁuil dúinn; do ḟéiṫeamar ort: bí ad ruiġ aca gaċ maidin, ar slánuġaḋ fós a nam na buáiḋearṫa.

3 Fa ġuṫ an ġioraic do ṫeiṫ an pobal; ar do ṫógḃailse súas do sgabaḋ na cineaḋaċa.

4 Agus cruinneoċṫar ḃur néadáil aṁuil cruinniuġaḋ an ċaterpiller: mar ṡiuḃal an lócuiste ag dul ṫríd siuḃaliḋ se orra.

5 Atá an TIĠEARNA ar na arduġaḋ; óir áitreaḃuiḋ sé ar árd: do líon sé Síon lé breiṫeaṁnus agus lé fíréantaċd.

6 Agus eágna agus eólus ḃus coṫuġaḋ dot aimsearuiḃsi, agus neart slánuiġṫé: isé eagla an TIĠEARNA a ionnṁus.

7 Féuċ, éiġfid a ngaisgiḋ amuiġ: guilfid teaċda na síoṫċána go géur.

8 Atáid na sliġṫe móra na ḃfásaċ, scuiriḋ an fear turais: do ḃris an cunnraḋ, do ṫarcuisniġ sé na caiṫreaċa, ní ḃfuil suim aige a naónduine.

9 Atá an talaṁ ag caói agus ag seargaḋ: atá Lebanon náireaċ agus ar na ġearraḋ síos: atá Sáron cosṁail ré díoṫraṁ; agus croiṫiḋ Basan agus Carmel a ttóirṫe ḋíoḃ.

10 Anois éireoċuiḋ mé, a deir an TIĠEARNA; anois áirdeoċṫar mé; anois ṫóigfeas mé súas mé féin.

11 Cáiṫ ḃus toirrċios díḃsi, béurṫaoi connlaċ: loiscfiḋ, ḃur nanál siḃ, aṁuil teine.

12 Agus biáiḋ an pobal mar losgaḋ aóil: mar ḋosa géarrṫa loisgfiġear annsa teine íad.

13 ¶ Cluiniḋsi, a ḋream atá a ḃfad uáim, cread do rinne mé; agus, a luċd atá láiṁ riom, adṁuiġiḋsi mo ċuṁaċda.

14 Atáid peacaiċ Síon eaglaċ; do lion eagla na fúarċráiḃṫiġ, ġa raḋ, Cia eadruinn aitreaḃus maille le teiniḋ millteaċ? cía eadruinn aitreaḃus maille re loisgṫiḃ síorruiḋe?

15 An té ṡiuḃluiġios go hionnruic, agus laḃrus go díreaċ; an té ṫarcuisniġios tairḃe na héagcóra, ċroiṫios a láṁ ó ġlacaḋ cuṁṫa, stopas a ċlúasa ó ċluinsion fola, agus ḋruidios a ṡúile ó ḟaicsin uile;

16 Aitreoḃuiḋ go hárd: buḋ íad daingneaċ na ccarrag a áit cuṁduiġ: do ḃéarṫar arán dó; buḋ dearḃṫa a uisge.

17 Do ċífid do ṡúile an riġ iona scéiṁ: do ċífid an talaṁ atá a ḃfad úaṫa.

18 Smuáinteoċuiḋ do ċroiḋe úaṁan. Cáit a ḃfuil an scriḃneóir? cáit a ḃfuil an glacadóir? cáit a ḃfuil an té áirṁeas na tuir?

19 Ní ḟaicfe tú daóine fíoċṁara, daóine do ġlór is doiṁne ná mar ḟéadas tú do ṫuigsin; do ṫeangaiḋ ḃriotuiḋ, gan tuigse.

20 Féuċ ar Ṡion, caṫair ar sollamontaċda: do ċífid do ṡúile Ierusalem na áitreaḃ ṡuáiṁniġ, tabernacuil naċ ccuirfiġear sios; ní corroċṫar áon dá ċuáilliḃ go bráṫ, agus ní brisfiġear áon dá ċorduiġiḃ.

21 Aċt annsin ḃias an TIĠEARNA glórṁar ḋúinn na áit sroṫa leaṫuin agus ċaiseaḋ; mar naċ raċa áonlong lé raṁaiḃ, ní mó ġeaḃus áonlong ṁearrgánta ṫairis.

22 Oír isé an TIĠEARNA ar mbreiṫeaṁ, isé an TIĠEARNA taḃarṫaċ ar ndliġe, isé an TIĠEARNA ar ríġ; cuiṁdeoċuiḋ sé sinn.

23 Atáid do ċáḃluiġe sgaóilte; nior ḟéadadar go maiṫ a ccrann seóil do neartuġaḋ, níor ḟédadar a seóil do leaṫnuġaḋ: annsin do roinneaḋ creaċ éadála móire; béuruiḋ an bacaċ an ċreaċ leis.

24 Agus ní aiḃeoruiḋ an táitreaḃṫaċ. Atáim tinn: na daoine áitreaḃus annsin maiṫfiġear ḋóiḃ a néaigceart.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan