Isaiah 31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXI. Mairg na ndaóine ag a mbí a muiniġinn a marcṡluáġ, agus leigeas Día ḋioḃ. 1 Aṁairg don droing ṫéid síos don Négipt ċum caḃra; agus ḟanas ar eaċaiḃ, agus ḋóṫċusuiġios a ccarbaduiḃ, do ḃríġ go ḃfuihd iomadaṁuil; agus a marcṡlúaġ, do ḃríġ go ḃfuilid láidir; aċt ní ḟéaċuid síad Dáon Naoṁṫa Israel, ní íarruid síad an TIĠEARNA! 2 Giḋeaḋ atá seision fós críonna, agus do ḃéara sé olc, agus ní ġoirfiḋ a ḃriaṫra air ais: aċt éireoċuiḋ sé a naḋuiġ ṫiġe na miġníoṁaċ, agus a naġaiḋ ċuidiġṫe na druinge oibriġios éigceart. 3 Anois is daóine na Hégiptiġ, agus ni Día; agus is feóil a neiċ, agus ní spiorad. A nuáir ṡíntios an TIĠEARNA a láṁ amaċ, tuitfiḋ aráon án té ċuidiġios, agus tuittiḋ síos an té ré ccuidiġṫior, agus failleoċuid siad nile a néainḟeaċd. 4 Oir is marso, do laḃair an TIĠEARNA riomsa, Aṁuil mar ḃúirios an leoṁan agus an leoṁan óg air a ċreiċ, a nuáir ġoirṫear mórán áoḋaireaḋ amaċ na aḋaiġ, ní ḃiáiḋ eagla a ngoṫa air, agus ni ísleoċar é ar son a ttormáin: marsin ṫiucfas TIĠEARNA na slóġ á núas do ṫroid ar son sléiḃe Síon, agus ar son a ċnoicsin. 5 Mar éunuiḃ ag eitiolluiġ, is mar sin ċuiṁdeoċus TIĠEARNA na slóġ Ierusalem; agá cuṁdaċ fós sáorfa sé í, agus gaḃáil ṫairis cuiṁdeoċuiḋ sé í. 6 ¶ Filliḋsi ċum an té ór iompoiġeadar clann Israel go doṁuin. 7 Oír annsa ló sin teilgfiḋ gaċ nduine haḋ a ioḋail airgid, agus a ioḋail óir, noċ do rinneadar ḃur láṁa féin díḃ mar ṗeacaḋ. 8 ¶ Annsin ṫuitfios an Tassírianaċ leis an ccloiḋeaṁ, ní lé duine láidir; agus ní cloiḋeaṁ, ḋuine uirísil, ṁuirfios é: aċt teiṫfiḋ sé on ccloiḋeaṁ, agus claóiḋfiġear a ḋaóine óga. 9 Agus raċaiḋ sé anonn dá ionad didin lé heagla, agus béid a ṗrionnsaḋa eaglaċ roiṁe an mbratuiġ, a deir an TIĠEARNA, a ḃfuil a ṫeiniḋ a Síon, agus a ḟuirnís ann Ierusalem. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society