Isaiah 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Smaċt, 5 arson úaḃar na nóigfear, 16 uaill agus ancaiṫeaṁ na mban. 1 Oir, féuċ, beiriḋ an Tiġearna, TIĠEARNA na slóġ, ó Ierusalem agus ó Iúdah, an fulang agus an bata, coṫuġaḋ iomlán a naráin, agus coṫuġaḋ iomlán a nuisge. 2 An duine láidir, agus an fear cogaiḋ, an breiṫeaṁ, agus an fáiḋ, an glic, agus an sean, 3 An caiptín caógaid, agus an duine onóraċ, an cóṁairleaċ, agus an ceárd fóġlomṫa, agus an déaġlaḃarṫaċ. 4 Agus do ḃéara mé leiniḃ dá mbeiṫ na núaċdaranuiḃ orra, agus ríaġloċuid naóiḋin ós a ccionn. 5 Agus héid na daóine da ccráḋ, gaċ áon ó aroile, agus gaċ aón ó na ċoṁarsum: iomċoruiḋ an leanaḃ é fein go huáiḃreaċ a naġaiḋ an tsinnsir, agus an tuirísiol a naġaiḋ a nonóruiġ. 6 A nuáir ḃéaras duine greim ar a ḃraṫair do ṫiġ a aṫar, ga ráḋ. Atá éadaċ agadsa, bí ad úaċdarán oruinne, agus bíoḋ an díṫ sinesi fad láiṁ: 7 Annsa ló sin do ḃéara a ṁionna, ḋa ráḋ, Ní ḃía mé am ḟear leiġis; óir ní ḃfuil bíaḋ no éadaċ ann mo ṫiġ: ná déanuiḋ úaċdarán díomsa ar an bṗobal. 8 Oír do sgriosaḋ Ierusalem, agus do ṫuit Iúdah, do ċionn go ḃfuil a tteanga agus a ngníoṁa a naġaiḋ an TIĠEARNA, dfadóġ fa ṡúiliḃ a ġlóire. 9 Do ní taisbeanaḋ a ngnúise fiaġnuise na naġaiḋ; agus foillsiġid a bpeacaḋ aṁuil Sodom, ní ḟólċuid síad é. A ṁairg dá nanam! óir do ċúitiġeadar olc ríu féin. 10 ¶ Abruiḋ ris an ḃfíréun, Go mbeiṫior go maiṫ aige: óir íosfuiḋ síad toraḋ a ngníoṁ. 11 A ṁairg don ċiontaċ! óir is olc ḃeiṫior aigesion: óir do ḃéarṫar lúaċ sáoṫair a láṁ féin dó. 12 ¶ Ar son mo pobailsi, is leiniḃ do ní leaṫtrom orra, agus mná ríaġluiġios ós a ccionn. O mo ṗobal, cuirid an drong ṫréoruiġios ṫú, dfíaċaiḃ ort seaċrán, agus millid sliġe do ċasán. 13 Seasuiḋ an TIĠEARNA súas do ṫagra, agus seasuiḋ do ḃreaṫnuġaḋ an ṗobail. 14 Raċaiḋ an TIĠEARNA ċum breiṫeaṁnuis re sinnsioruiḃ a ṗobail, agus ré na bprionnsaḋuiḃ: óir a dúaḃair súas a nfíneaṁuin; agus atá éadáil na mboċd ann ḃur ttiġṫiḃ. 15 Cred é ḃur ccíall as a mbrúiġtiġe mó ḋaóine na bpíosuiḃ, agus as a meiltíġe aiġṫe na mboċt? ar sa TIĠEARNA Día na slóġ? 16 ¶ Tuilleaṁ oile a deir an TIĠEARNA, Do ċionn go ḃfuilid inġeana Sion uallaċ, agus go siuḃluiġid lé muinealuiḃ sínte amaċ agus le súiliḃ míonáireaċ, ag imṫeaċd agus ag gearraḋ mar imṫiġid, agus ag déanaṁ fuáime le na ccosuiḃ: 17 Uimesin buáilfiḋ an TIĠEARNA lé carra, mullaċ ċeanu inġean Síon, agus léigfiḋ an TIĠEARNA a mballa foluiġṫe leis. 18 Annsa lá sin béaruiḋ an TIĠEARNA as breáġaċd a cculaḋ ḃfuáimneaċ, agus a noibreaċa líonruiḋ, a néuduiġe cruinne cosṁuil ris an ngéaluiḋ, 19 Na slaḃruiḋe, agus na bráisléid, agus na muifléid, 20 Na buinéid, agus coisḃeart na ccos, agus na cinnḃeirte, agus na taibléid, agus na clúaisfáinniḋe, 21 Na fáinniḋe, agus seóid na srón, 22 Na culaiḋeaċa malairteaċa éaduiġ, na fallaingeaċa, agus na failéid, agus na sparáin. 23 Na sgaṫáin, agus an línéadaċ fínealta, agus na húduiġe, agus na foluiḋe. 24 Agus tiucfa a ccríċ, ar son an ḃolaiḋ ṁaiṫ go mbía bréantas; agus a náit an ċreasa go mbía réubaḋ; agus a náit na gruáige cóiriġṫe maóile; agus a náit a nuċtaiġ criosluġaḋ saicéaduiġ: agus losgaḋ a náit na sgéiṁe. 25 ¶ Tuitfid do ḋaóine leis an ccloiḋeaṁ, agus do neartṁair annsa ċogaḋ. 26 Agus caóinfid agus guilfid a geataḋ; agus ar mbeiṫ ḋi folaṁ suiḋfiḋ si air an ttalaṁ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society