Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIX. Breiṫeaṁnus Ariel, no milleaḋ Ierusalem.

1 Aṁairg do Ariel, do Ariel, an ċaṫair ionar ċoṁnuiḋ Dáiḃi! cuiriḋsi blíaḋuin a ccionn ḃlíaḋna; marḃaidís íoḋbarṫa.

2 Ṫairis sin goirtéoċuiḋ mé Ariel, agus biáiḋ dóḃrón agus doilġios annsin: agus biáiḋ sé ḋaṁsa mar Ariel.

3 Agus do ḋéana mé foslongṗort ad aġaiḋ timċioll fá ccuáirt, agus cuirfe mé slúaġ ad aġaiḋ maille re daingneaċ, agus tóigfe mé puirt ad aġaiḋ.

4 Agus béarṫar síos ṫú, agus laiḃeora tú as an ccriáiḋ, agus biáiḋ do ċaint amaċ as an lúaṫreaḋ, agus biáiḋ do ġúṫ, mar áon ága mbí leanuán síġṫe, as an ttalaṁ, agus do ḋéana do ġlór piosarnaċ as an luáiṫreaḋ.

5 Tuilleaṁ oile, biáiḋ iomad do ċoiṁiġṫeaċ cosṁuil ré lúaiṫreaḋ mín, agus biáiḋ iomad na ndaoine úaṫḃásaċ mar an lóċán imṫiġios: biáiḋ sin fós, ar ball go haiṫġéarr.

6 Do ḋéana TIĠEARNA na slóġ cuáirt agad maille re tóirniġ, agus lé crioṫtalṁan, agus lé tormán mor, lé stoirm agus lé hanfa, agus lé lasair ṫeineaḋ loisgniġe.

7 Agus biáiḋ iomad na nuile ċineaḋ noċ ṫroidios a naġaiḋ Ariel, eaḋon gaċ a ttroidionn na haġaiḋ féin agus a naġaiḋ a stóir, agus ṁillios í, ma aisling ḟis oiḋċe.

8 Is aṁluiġ ḃías a nuáir aislingios duine ocraċ, agus, féuċ iṫiḋ se; aċt múscluiġ sé, agus bí a anam folaṁ: nó mar aislingios duine tartṁar, agus, féuċ, iḃiḋ sé; aċt múscluiḋ sé, agus, féuċ, bí sé lag, agus bí míangus air a anam: marsin ḃías iomadaṁlaċd na nuile ċineaḋeaċ, noċ ṫroidios a naġaiḋ ṡléiḃe Síon.

9 ¶ Congṁaḋ siḃ féin, agus iongantaiġ; éiġṁiḋe, agus coṁairciḋ: atáid síad ar meisce, aċt ní lé fíon: tuitiḋ síad a nonn sa nall, aċt ní lé diġ láidir.

10 Oír do ḋóirt an TIĠEARNA spiorad an ċodalta ṫruim amaċ oruiḃsi, agus do íaḋ sé ḃur súile: dfoluiġ sé ḃur ḃfáiġe agus ḃur núaċdaráin, agus na féuċadóiriġ.

11 Agus ṫáinic fís a niomláin ḋaoiḃsi aṁuil bríaṫar leaḃair atá ar na ṡéalaḋ, noċ do ḃeirid daoine dáon ḃíos foġlomṫa, ġa ráḋ, Léiġ so anois: agus a deir seision, Ní ḟéaduim; óir atá séala air:

12 Agus tugaḋ an leaḃar don tí naċ raiḃ foġlomṫa, ġa raḋ, Léiġ so anois: agus a deir seision, Ní ḃfuilim foġlomṫa.

13 ¶ Uime sin a dúḃairt an Tiġearna, Do ḃríġ go ttairingid an ṁuinntirse láiṁ riom le na mbéul, agus go nonóruiġid le na bpuisiniḃ mé, aċt gur áṫruiġeadar a ccroiḋe a ḃfad uáim, agus gur múineaḋ a neagla dom ṫaóiḃsi maille re aiṫne ḋaóine:

14 Uimesin, féuċ, raċuiḋ mé ar maġaiḋ do ḋéanaṁ oibre iongantuiġ a measg an ṗobailsi, eaḋon obair iongantaċ agus iongnaḋ: óir imeoċuiḋ eagna na ndaoine ccríonna seaċad, agus ceilfiġṫear tuigse na neagnuiḋe.

15 A ṁairg don droing ṫéid a ndoiṁne do ċeilt a ccoṁairle ón TTIĠEARNA, agus atáid a noibreaċa a ndorċadas, agus a deirid, Cía ċí sinn? agus cía agá ḃfuil éolus oruinn?

16 Go deiṁin measfuiġṫear ḃur niompoġ bun ós cionn aṁail críaḋ an tí do ní potaḋ: óir a naibéora an obair ris an ti do rinne í, Ní ḋéarna sé mé? no a naibeora an ní cumṫa ris an tí ċumas é, Ní ḃfuil tuigse aige?

17 ¶ Naċ ro aiṫġeárr fós, agus iompóċṫar Lebanon a maċaire tóirṫeaċ, agus measfuiġṫear an maċaire tóirṫeaċ mar ḟoraóis?

18 Agus annsa ló sin cluinfiḋ an boḋar briaṫra an leaḃair, agus do ċífid súile an daill amaċ as an dorċaċd, agus an daille.

19 Méideoċuid fós na daóine macánta a ngáirdeaċus annsa TIĠEARNA, agus lúaṫġáirfid na boiċt a measg an ṗobail ann Aon Náoṁṫa Israel.

20 Oír tugaḋ an túaṫḃásaċ a neiṁní, agus do claóiḋeaḋ an tarcuisneaċ, agus géarrṫar gaċ a ndéan furaċus le hégceart:

21 Noċ do ní ciontaċ do ḋuine arson focail, agus ċuirios paintéur a ccoinne an tí aiṫḃirios annsa ġeata, agus ċuireas an fíréun do leaṫṫaoiḃ ar son neiṫe gan ḃríġ.

22 Uime sin is marso a deir an TIĠEARNA, noċ dfúascail Abraham, a ttaoḃ ṫiġe Iácob, Ní ḃiáiḋ náire anois ar Iácob, agus ní ḃánfuiġ a aġaiḋ a nois.

23 Aċt a nuáir do ċifiḋ sé a ċlann, obair mo láṁsa, iona lár, náoṁṫoċuid síad mainmsi, agus náoṁṫoċuid síad Aon Náoṁṫa Iácob, agus biaiḋ criṫeagal orra roiṁe Ḋía Israel.

24 Tiucfuiḋ fós an drong do rinne carraid a spioraid ċum tuigsiona, agus an drong do rinne iṫiomráḋ foġlomfuid ealaḋa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan