Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXVIII. Gu ḃfuil Día na ċoróin dá ḋaoiniḃ, 16 agus críosd na ċloċ ċuáinne do Ṡion.

1 Aṁairg do ċoróin a núaḃair, dfearuiḃ meisce Eṗraim, noċ ar ḃláṫ diombúan a sgíaṁ ġlórṁar, noċ atá ar ċeann na ngleann méiṫ an drong air a rug an fíon buáiḋ!

2 Féuċ, atá áon cúṁaċdaċ láidir ag an Ttiġearna, noċ atá aṁuil cloiċṡneaċda agus aṁuil stoirm ḋioġḃálaċ, aṁuil tuile uisgeaḋ neartṁar ag dul tar ḃrúaċ, caiṫfiḋ sé síos ċum na talṁan leis an láiṁ íad.

3 Coróin a núaḃair, luċd meisge Eṗraim, sailteorṫar faói ċosuiḃ íad:

4 Agus biáiḋ an ṁaise ġlórṁar, noċ atá ar ċeann an ġleanna ṁéiṫ, mar ḃláṫ ċríon, agus aṁuil an toraḋ lúaṫ roimbe an tsaṁraḋ; noċ do ċí an té ḟéuċus air, agus an feaḋ ḃíos fós iona láiṁ iṫiḋ sé súas é.

5 ¶ Annsa ló sin biáiḋ TIĠEARNA na slóġ mar ċoróin sgéiṁe, agus mar ḋiadem glóire, air an ccuid oile dá mbuinntir,

6 Agus mar spioraid ḃreiṫeaṁnuis don tí ṡuiġios a mbreiṫeaṁnus, agus mar neart don luċt iompoiġios an caṫ ag an ngeata.

7 ¶ Aċt do ṡeaċránadarsan fós tré ḟíon, agus tré ḋiġ láidir atáid as a tsliġe; do ṡeaċráin an sagart agus an fáiġ tré ḋiġ láidir, do sluigeaḋ súas íad lé fíon, atáid as a tsliġe tré ḋiġ láidir; seaċránuid a bfis, oilḃéimid a mbreiṫeaṁnus.

8 Oír ata a nuile ċlár lán do sgeaṫruiġ agus do ṡalċar, ní ḃfuil áon áit glan.

9 ¶ Cía dá múinfiḋ sé éolus? cía air a ttiuḃra sé teagasg do ṫuigsin? an drong ḃearṫar ó ḃainne, agus ṫairngṫear ó na cíċiḃ.

10 Oír atá aiṫne air aiṫne, aiṫne air aiṫne; líne air líne, líne ar líne; annso beagán, agus annsúd beagán:

11 Oir is le puisíniḃ briotaċa agus lé teangaiḋ oile laiḃeorus sé ris an bpobalso.

12 Ré ndúḃairt sé, Isé so an socoṁal lé a ttiuḃarṫaói suáiṁneas don duine ċoirṫe; agus isé so an súaiṁneas: giḋeaḋ níor ḃáill léo a ċlós.

13 Aċt do bé focal an TIĠEARNA ríu aiṫne air aiṫne, aiṫne air aiṫne; líne air líne, líne air líne; annso beagán, agus annsúd beagán; ċor go nimeoċaidís, agus go ttiucfaidís ar a nais, agus go mbeidís briste, agus ar na bpaintéuraḋ, agus gaḃṫa.

14 ¶ Uimesin éistiġ focal an TIĠEARNA, a ḋaóine tarcuisneaċ, noċ ríaġlas an pobalso atá ann Ierúsalem.

15 Do ḃríġ go ndúḃraḃair, Do rinneamar cconraḋ ris an mbás, agus atámaóid a réiġteaċ ré hifrionn; a nuáir raċus an scíursa díḃṫeirgeaċ ṫort, ní ṫiucfa sé orruine: óir do rinneamar ar ndídean don ḃréig, agus faói an mbréig dfolċamar sinn féin:

16 ¶ Ar a naḋḃarsin is marso a deir an Tiġearna DIA, Féuċ cuirfiḋ mé cloċ a Sion mar ḃunáit, cloċ ḋearḃṫa, cloċ ṁórluáiġ ċuáinne, bunáit ḋaingean: an té ċreidios ní ḋéana sé deiṫnios.

17 ¶ Cuirfe mé fós breiṫeaṁnus ċum an líne, agus firéantaċd ċum an ṗlumma luáiġe: agus scuábfuiḋ an ċloiċṡneaċda an dídean ón mbréig, agus tuileoċuid uisge a náit ḟoluiġṫe.

18 Agus cuirfiġear ḃur ccunraḋ ris an mbás ar ccúl, agus ní ṡeasfa ḃur réiġteaċ ré hifrionn; a nuáir raċus an scíursa tuiliġeaċ ṫairis, annsin sailteorṫar síos siḃsi leis.

19 O a nam fa raċaiḋ sé amaċ géaḃa sé siḃ; óir, ó ṁaidin go maidin raċa sé ṫairis, do ló agus doiḋċe: agus buḋ buáiḋreaḋ an túarusgḃáil aṁáin do ṫuigsin.

20 Oír is giorra an leaba ná mar do ḟéadfaḋ duine é féin do ṡíneaḋ uirre: agus an folaċ ní is cunga na mar do ḟéadfaḋ duine é féin do ċrapaḋ ann.

21 Oír éireoċuiḋ an TIĠEARNA súas aṁuil a sliaḃ Perasim, biáiḋ sé feargaċ aṁuil do ḃí a ngleann Gíbeon, ċor go ndéana sé a obair, a obair iongantaċ; agus go ttiuḃra ċum críċe a ġníoṁ, a ġnioṁ iongantaċ.

22 Anois ar a naḋḃarsin na bíṫíse ḃur luċd magaiḋ, deagla go ndéantaoi ḃur ccuiḃriġṫe láidir: óir do ċúala mé ón Dtiġearna DIA na slóġ aiḋṁilleaḋ, ar na ṫionnscnaḋ ar an ttalaṁ go hiomlán.

23 ¶ Tugaiḋ éisteaċt, agus cluiniḋ mo ġúṫ, airiġiḋ, agus cluiniḋ mo ġlór.

24 An ttreaḃana an treaḃṫaċ ar feaḋ an laói do ṡíolċur? an ḃfosclann sé agus an mbriseann fóide a ḟearuinn?

25 A nuáir do ní sé aġaiḋ a nfearuinn mín, naċ tteilgionn sé a ḟiatġal as, agus naċ sreaṫnuiġionn an cuimin, agus naċ ccuireann ann an ċruiṫneaċd is féarr agus a neórna ċinnte agus an seagal iona áit?

26 Oír teagaisgiḋ a Ḋía é ċum discréide, agus múiniḋ sé é.

27 Oír ní buáiltear an fiatġal lé súiste, ní mó iompoiġṫear roiṫleáin cartaċa timċioll air an ccuimin; aċt buáiltear an fiatġail a maċ lé maide, agus an cuimín lé slait.

28 Brúiġtior arḃar a naráin; do ḃríġ naċ bía sé ċoiḋċe ag buálaḋ, agus naċ brisfiḋ é lé roiṫléan a ċartaċ, agus naċ brúiġfiḋ é lé marcṡlúaġ.

29 Ṫig so mar an ccéadna ó TIĠEARNA na slóġ, noċ atá iongantaċ a ccoṁairle, agus oirḋeirc a noibriuġaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan