Isaiah 27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVII. Gu ḃfuil leḃiátan, 1 náṁaid neartṁar eagluise Dé, inḃreaṫnuġaḋ. 1 Annsa ló sin smaiċdeoċuiḋ an TIĠEARNA le na ċloiḋeaṁ géur agus mór agus láidir leḃiatan an naiṫir niṁe ṫolltaċ, eaḋon leḃiatan a naiṫir niṁe ċam; agus muirfiḋ sé an dragún atá annsa ḃfairge. 2 ¶ Annsa ló sin canaiḋsi ḋi, Fíneaṁuin a nfíona deirg. 3 Misi an TIĠEARNA ċoiṁéadas í; fliuċfad í gaċ áon ṁóimint; deagla go ngoirteoċaḋ áon í, coiṁéadfa mé í do ló agus doiḋċe. 4 Ní ḃfuil roḟearg ionnamsa: cía ċuirfeaḋ na dreasa agus na dosáin am aḋaiġsi a gcaṫ? do raċuin tríoċa, do loisgfinn lé ċéile íad. 5 Nó glacaḋ sé greim dom neart, ċor go ndéana sé síoṫċáin riom; agus do ḋeana síoṫċain riom. 6 Do ḃéara sé air an ndroing ṫiucfas ó Iácob fréuṁ do ġlacaḋ: fásniḋ bláṫ agus gineaṁuin Israel, agus líonfuiḋ aġaiḋ na talṁan le toraḋ. 7 ¶ Nar ḃuáil sé é, mar do ḃuáil sé an drong do ḃuáil é? no an ḃfuil sé marḃ do réir áir na druinge do ṫuit leis? 8 A miosúr, a nuáir ṡínfeas sé a maċ é, do ḋéana tú imreasan ris; congmbuiḋ sé a ġáoṫ ġarḃ a ló na gaóiṫe a noir. 9 Leis so ar a náḋḃarsin glanfuiġṫear éigceart Iácob; agus isé so uile ṫoraḋ do ċur a ṗeacaiḋ ar ccúll; a núair do ḋéana sé cloċa na haltóra uile aṁuil cloċa cailce noċ ḃristior ó ċéile, ní ṡeasfuid na garráin nó na hioṁáiġe súas. 10 ¶ Giḋeaḋ biáiḋ an ċaṫair ḋaingion na fásaċ, agus tréigfiġṫear a náit coṁnuiḋe, agus fúigfiġṫear í aṁuil fasaċ: annsin inġeiltfios an láoġ, agus annsin luiġfios sé síos, agus íosfuiġ a ḃeangáin. 11 A nuáir ḃéid a ġéaga críon, brisfiġṫear amaċ íad: tiucfaid mná, agus cuirfid tré ṫeine íad: óir is daóine gau tuicsin ar biṫ íad: uimesin ní ḃí truáiġe ag an té do ċom íad dóiḃ, agus ní ṫaisbeanfa an té do ċrúṫaiġ íad faḃar ḋóiḃ. 12 ¶ Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin, go mbuáilfiḋ an TIĠEARNA ó ġrinnioll an tsroṫa go caise na Hégipte, agus cruinneoċṫar siḃ áon air áon, siḃsi a ċlann Israel. 13 Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin, go séidfiġṫear stoc mór, agus tiucfuiḋ an drong do ċuáiḋ seaċad a ttír na Hassíria, agus do ḋíbearṫuiġ a ccríċ na Hégipte, agus aḋoruid an TIĠEARNA annsa tslíaḃ náoṁṫa ag Ierusalem. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society