Isaiah 26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVI. Caintic Ṡion, 5 arson ċearl‐ḃreiṫeaṁuas Dé, 12 agus an ċairdeas. 1 Annsa ló sin cánfuiġṫear an ċainticsi a ttir Iúdah; Atá caṫair ḋaingean aguinn; cinnfiḋ Día slánuġaḋ mar ḃallaḋa agus mar ṗortaiḃ. 2 Oscluiḋ na geataḋa, ċor go ndeaċaiḋ an cineaḋ a steaċ ċoiṁéadas a nfirinne. 3 Coiṁdeoċuiḋ tú an té sin a síoṫċáin iomláin, noċ agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do ḃríġ go ḃfuil a ḋóiġ ionnad. 4 Dóṫċusáiḋ annsa TIĠEARNA go bráṫ: óir is annsa TIĠEARNA IEHOḂAH atá an neart síorruiḋe: 5 ¶ Oír do ḃeir sé a núas an drong áitreaḃus go hárd; leagaiḋ sé síos go hísiol, an ċaṫair árd; leagaiḋ sé go hísiol í, eaḋon go nuige an ttalaṁ; do ḃeir sé fós go nuige an luáiṫreaḋ í. 6 Sailteoruiḋ an ċos síos í, eaḋon eos na mboċd, agus coisċéimiḋe na neasḃuiḋeaċ. 7 Is ionnracus sliġe na ḃfíréun: coṁṫromuiġ ṫusa is ionnraca casán a nfíréin. 8 Fós, a sliġe do ḃreiṫeaṁnuisi, do ḟeiṫiomar ort, a ṪIĠEARNA; atá fonn ar nanma dot ainm, agus dot ċuiṁne. 9 Lé manam díarr mé ṫú san noiḋċe; fos, lé mo spioraid a stiġ ionnam íarrfas mé ṫú go moċ: óir a nuáir ḃéid do ḃreaṫeaṁnuis annsa talaṁ, foġlaimfid áitreaḃuiġ na talṁan fíreantaċd. 10 Taisbeantar faḃar don ċiontaċ, giḋeaḋ ní ḟoġluimfiḋ sé fíréantaċd: a ndúṫaiġ an ċeirt do ḋéanuiḋ go hégceart, agus ní ḟéuċfuiḋ sé air ṁórḋáċd an TIĠEARNA. 11 A ṪIĠEARNA, a núair ṫóigfiġear do láṁ súas, ní ḟaicid síad: aċt do ċífid, agus béid náireaċ ar son a ttnúṫa ris an bpobal; loisgfiḋ fós, teine do náṁadsa íad. 12 ¶ A ṪIĠEARNA, órdeoċuiḋ tusa síoṫċáin dúinn: óir is tú fós do oibriġ ar noibreaċa uile ionnuinn. 13 O a ṪIĠEARNA ar Ndía, do ḃí tiġearnus ag tiġéarnuiġiḃ oilc táoḃ amuiġ ḋíotsa oruinn: aċd is ionnadsa aṁáin ṫiucfam ṫar hainm. 14 Déagadar, ní ṁairfid síad; fúaradar bás, ni éireoċuid siad: uimesin do ċúartuiġ tusa agus do scrios tú íad, agus do sgrios tú a ccuiṁne uile. 15 Do ṁéaduiġ tú an cineaḋ, a ṪIĠEARNA, do ṁéadniġ tú an cineaḋ: do glóruiġeaḋ ṫú: dáṫruiġ tú sin a ḃfad go huile imliḃ na talṁan. 16 A ṪIĠEARNA, iona ṁuáiḋreaḋ ṫangadar ar cuáirt ċugadsa, do ḋóirteadar amaċ urnaiġ a nuáir ṫáinic do smaċduġaḋsa orra. 17 Mar ḃíos bean ṫorraċ a bpéin, ṫig a ḃfogus dam a tuismiġṫe, agus éiġios go hárd ann a doċar; marsin do ḃámairne ann do raḋarcsa, a ṪIĠEARNA. 18 Do ḃámar torraċ, do ḃámar a bpéin, rugamar mar do ḃeiṫ gáoṫ; níor oibriġeamar tuismeaḋ ar biṫ ar an ttalaṁ, agus níor ṫuiteadar áitreaḃuiġ an doṁuin. 19 Mairfid do ḋaóine marḃa, eireoċuid a naóinḟeaċd re mo ċorp marḃsa. Músclaiḋ agus cánaiḋ, a ḋrong ċóṁnuiġios annsa luáiṫreaḋ: óir atá do ḋrúċd mar ḋrúċd luiḃionn, agus teilgfiḋ an talaṁ amaċ na mairḃ. 20 ¶ Tigiḋsi, mo ṗobalsa, éiriġ ṫusa dot ṡeomraḋuiḃ, agus druid do ḋoirse ad ṫimċioll: foluiġ ṫú féin mar buḋ eaḋ tamall beag, nó go ndeaċaiḋ an dioġaltas ṫort. 21 Oír, féuċ, tiucfa an TIĠEARNA amaċ as a áit do smaċduġaḋ áitreaḃaċ na talṁan arson a négceirt: léigfiḋ an talaṁ mar an ccéadna a fuil leis, agus ní ḟoileoċuiḋ sí a mairḃ ní sa ṁó. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society