Isaiah 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXV. Duán Isaias, ag molaḋ an TIĠEARNA . 1 A TIĠEARNA, is tú mo Ḋía; áirdeoċuiḋ mé ṫú, molfa mé hainm; óir do rinne tú neiṫe iongantaċa; síad do ċoṁairliġ ón tseanaimsir ionnracus agus fírinne. 2 Oír do rinne tú cárn do ċaṫruiġ; do rinne tú fásaċ do ċaṫruiġ ḋaingin: pálás do ċoiṁṫiġeaċuiḃ gan ḃeiṫ na caṫruiġ ar biṫ; ní cuirfiġear súas í ċoiḋċe. 3 Uimesin ḋéanuid na daóine láidre do ġlóruġaḋ, eagloċuiḋ caṫair na ccineaḋaċ núaṫḃasaċ ṫú. 4 Oír do ḃí tú ad neart do na boċduiḃ ad neart do na trúaġanuiḃ iona nainnise, ad ḟasgaḋ ón stoirm, ad scáile on tteasḃaċ, a nuáir ḃios tormán na núaṫḃásaċ aṁuil stoirm a naġaiḋ ḃalla. 5 Cuirfiḋ tú síos tormán na ccoiṁṫíġeaċ, aṁail teasḃaċ a náit ṫirim: mar ṫeasḃaċ a scáile neóill: ḃéara tú beangán na ndaóine úaṫḃásaċ go huirísiol. 6 ¶ Agus annsa tsliaḃso do ḋéana TIĠEARNA slóġ féusta do nuile ṗobal do neiṫiḃ méiṫe, féusta fiona ar na ṫaisgiḋ a ḃfad, neiṫe méiṫe lán do smior, agus dfíon ar na ṫaisgiḋ a ḃfad agus ar na ṫarruing go maiṫ. 7 Agus cuirfiḋ sé ar ccúl annsa tslíaḃso aġaiḋ a nfoluiġ do teilgeaḋ ós cionn na nuile ṗobal, agus an scáṫ do leaṫnuiġeaḋ ós cionn a nuile ċríċe. 8 Sluígfiḋ sé súas an bás a mbuáiḋ; agus tiormoċuiḋ an Tiġearna DIA déora do na huile aiġṫiḃ; agus cuirfe sé masla a ṗobail ar ccúl ón ttalaṁ uile: óir do laḃair an TIĠEARNA é. 9 Agus a déarṫar annsa lósin, Féuċ sé so ar Ndía; do ḟeiṫeamar air, agus sláineoċa sé sinn: sé so an TIĠEARNA; do ḟeiṫeamair air, agus bíam lúaṫġaireaċ agus gáirdeoċum iona ṡlánuġaḋ. 10 Oír is annsa tslíaḃso ṡuáiṁneoċus láṁ an TIĠEARNA, agus sailteorṫar Móab faói síos, mar ṡailtearṫar tuiġe síos ċum áoiliġ. 11 Agus leaṫnoċuiḋ sé amaċ a láṁa iona meaḋon, do nós an té ṡnáṁus noċ léaṫnuiġios a láṁa amaċ do ṡnáṁ: agus do ḃéara se a núaḃar síos re millteaċus a láṁ. 12 Agus béarṫar síos daingion ṗuirt áird do ḃallaḋ, leagfuiġṫear go hísiol, agus béarṫar go lár, éaḋon go nuige an luáiṫreaḋ íad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society