Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIV. Ré linn léir‐scrios Hierusalem, foillsiġiḋ Día riġeaċd Ċriosd.

1 Feuċ, do ní an TIĠEARNA an talaṁ folaṁ, agus do ní fásaċ ḋe, agus iompóiġiḋ sé bunascionn é, agus scáruiḋ sé a ḋúṫċusaiḋ ó ċéile.

2 Agus aṁuil mar ḃías, ag an bpobái, is mar sin ḃías ag an tsagart; agus mar ḃías ag an tseirḃíseaċ, seaḋ ḃías ag an maiġistir; mar ḃías ag an ccailín, seaḋ ḃías ag an maiġistreás; mar ḃías ag an cceannuiġe, mair sin ḃías ag an reacadóir; mar ḃías ag a náirlicṫeaċ, is mairsin ḃías ag an té áirlicṫeas; mar ḃías ag an té ġlacas a núsúireaċd, is mairsin ḃías ag an té ḃeir a núsúireaċt dó.

3 Foilṁeoċṫar an tír lé ċéile, agus millfiġear ṫríd amaċ í; óir a dúḃairt an TIĠEARNA an focalso.

4 Caóiḋiġ an talaṁ agus seargaiḋ sé, anḃfainniġ an doṁan agus meaṫaiḋ sé, anḃfuinniġid daóine móra an doṁuin.

5 Do truáilleaḋ an talaṁ mar an ccéadna faói na ḋúṫċusaiḃ; do ċionn gur ṡáruiġeadar an dliġeaḋ, gur áṫruiġeadar an torduġ, ḃriseadar an cunnraḋ siorruiḋ.

6 Uimesin do ṡluig malluġaḋ an talaṁ, agus an luċd áitreaḃus ann atáid dúḃaċ: uimesin do loisgeaḋ dúṫċusaiġ na talṁan, agus is beag do ḋaoimḃ do fágḃaḋ ḋíoḃ.

7 Caóiḋiġ an fíon núaḋ, do laguiġeaḋ a nfíneaṁuin, agus osnuiġid na croiḋṫe súgaċ uile.

8 Coisgiḋ súgraḋ na ttiompán, críoċnuiġiḋ fuáim na druinge ġáirdiġeas, scúiriḋ gáirdeaċus na cláirsiġ.

9 Ní ioḃfuid síad fíon le céol; biáiḋ an deoċ láidír searḃ ag an ndroing ioḃas í.

10 Do briseaḋ caṫair a naiḋṁillte síos: do druideaḋ gaċ aóintiġ, ionnus naċ ḃféadfuiḋ áonduine téaċd a steaċ.

11 Atá gairm ar ḟíon annsua sráidiḃ; do dorċuiġeaḋ a nuile lúaṫġáir, dimṫiġ súgraḋ na tíre uile.

12 Do fágḃaḋ dóḃrón annsa ċaṫruiġ, agus do buáileaḋ an geata le díoṫlaiṫrinġaḋ.

13 ¶ A nuáir ḃías sé mar so a lár na tíre a measc an ṗobail, biáiḋ aṁuil croṫaiḋ ċrainn ola, agus mar na cáora dioġluim tar éis na fíneaṁna do ċruinniuġaḋ.

14 Tóigfid síad a nguṫ súas, canfuid céol ar son ṁórḋaċda an TIĠEARNA, goirfid go hárd ón ḃfairge.

15 Uimesin tugaiḋsi glóir don TIĠEARNA annsna gleanntaiḃ: eaḋon dainm an TIĠEARNA Día Israel a noiléanuiḃ na fairge.

16 ¶ On ċuid is faide amaċ don talaṁ do ċúalamar céolta, eaḋon glóir do nfíréan. Aċd a dúḃairt misi, Mo ṡecréid daṁ féin, mo ṡecréid daṁ féin, a ṁairg ḋaṁsa! na daoine fealltaċa do rinneadar droiċṁéin: fós, na daóine fealitaċa do rinneadar droiċṁéin ḟealltaċ.

17 Atá a neagla, agus an poll, agus an paintéar ort, a áitreaḃuiġ na talṁan.

18 Agus tiucfuiḋ a ccríċ, an té ṫeiṫfios ré fuáim na heagla go ttuitfiḋ se annsa ṗoll; agus an té ṫiucfas a níos as lár an ṗoill go ngéaḃṫar san líon é: óir atáid na fuinnéoga foscailte ó náird ṡúas, agus crioṫnuiġ bunáit na talṁan.

19 Do briseaḋ síos an talaṁ ṫríd amaċ, do cuireaḋ an talaṁ ó ċéile go hiomlán, do corruiġeaḋ an talaṁ go haḋḃul.

20 Cláonfuiḋ an talaṁ ċugad is uáit mar ḟear meisge, agus áṫroċṫar é aṁuil máinreaċ; agus biáiḋ a ċoir féin trom air; agus tuitfiḋ sé, agus ní éireoċa sé a rís.

21 Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin, go hpíanfa an TIĠEARNA slúaġ na ndaoine árd annsa nárd, agus ríġṫe na talṁan ar an ttalaṁ.

22 Agus cruinneoċṫar a ccionn a ċéile íad, mar ċruinniġṫear braiġde annsa log, íaḋfniġear san ṗríosun íad, agus tar éis móráin do láeṫiḃ tigṫior dá ḃféuċuin.

23 Annsin ċlaóiḋfiġear an ġealaċ, agus biáiḋ náire air an ngréin, a nuáir ríġfeas TIĠEARNA na slóġ a slíaḃ Síon, agus ann Ierusalem, agus a ḃfíaġnuise a ṡeanaḋ go glórṁar.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan