Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIII. Trom‐ṫairrgir a ttaoḃ Ṫóir.

1 Ualaċ Tíor. Núalluiġ, a longa Tarsis; óir do fágḃaḋ na fásaċ í, iondus naċ ḃfuil aointiġ, re ḋul a steaċ innte: ó ḋúṫaiġ Ċittim do foillsiúġaḋ ḋóiḃ é.

2 Bíṫí suáiṁneaċ, siḃsi áitreaḃṫaċa a noiléin; ṫusa noċ do líonadar ceannuiġṫe Sídon, noċ ṫéid anonn tar ḟairge.

3 Agus a nuisceaḋuiḃ móra atá síol Sihor, isé foġṁar na haḃann, a cíos, agus sí is mór‐áonaċ do ċineaḋaċaiḃ.

4 Bioḋ náire ortsa, a Ṡídon: óir do laḃair a nfairge, eaḋon neart na fairge, ġa ráḋ, Ní ḃfuilim ré nioḋnuiḃ, agus ní ḃeirim clann, agus ní oilim súas daóine óga, agus ní ṫeagaisgim maiġdiona.

5 Mar do ḃí an tiomráḋ do ṫaoiḃ na Hégipte, is marsin ḃiáid agá bpíanaḋ go tinnineaċ tré ṫúarusgḃáil Tior.

6 Eirġiḋ ṫairis go Tarsis; núalluiġe, siḃse áitreaḃṫaċa a noiléin.

7 A ní so ḃur ccaṫair ṁeaḋraċ, agá ḃfuil, a sinnsireaċd a láeṫiḃ áosta? lomċoruid a cosa féin í ar cúairt a nimċían.

8 Cía ġaḃ an ċoṁairle so a naġaiḋ Ṫíor, an ċaṫair ċorónuiġios, noċ ar prionnsuiġe a ceannuiġṫe, noċ ar ḃiád a malartuiġe daóine onóraċa na talṁan?

9 Do ṫionnscuin TIĠEARNA na slóġ é, do ṫruailleaḋ úaḃair gaċ uile ġlóire, agus dó ṫaḃairt uile onóraċ na talṁan ċum tarcuisne.

10 Eíriġ ṫríd do ḋúṫaiġ mar ṡruṫ, a inġean Tarsis: ní ḃfuil neart ní sa ṁó.

11 Do ṡín sé a láṁ tar an ḃfairge, do ċroiṫ sé na ríoġaċda: ṫug an TIĠEARNA aiṫne a naġaiḋ an ċeannuiġ, do scrios a ḋaingion láidir.

12 Agus a duḃairt sé, Ní ġáirdeoċuiḋ tú ní sa ṁó, a ṁaiġdion ṡáruiġṫe, a inġean Ṡídon: éiriġ, imṫiġ anonn tar Ċittim; annsin fós ni ḃfuiġe tú suáiṁneas.

13 Féuċ dúṫaiġ na Ccaldeanaċ; ní raiḃ na daóinesi ann nó gur ṡuiġéadar na Hassírianuiġ í don droing áitreaḃus annsa ḃfásaċ: do ċuireadar súas a tuir sin, do ṫógḃadar súas a páláis; agus ṫug seision í ċum sgriosta.

14 Núalluiġiḋsi, a longa Tarsis: óir do sgriosaḋ ḃur neart.

15 ¶ Agus tiucfaiḋ a ccríċ annsa ló sin, go ndearmodfar Tior seaċdṁoġad blíaḋan, do réir láeṫe aóin ríġ: tar éis críoċnuiġṫe ṡeaċdṁoġad blíaḋan cánfuiḋ Tíor aṁuil meirdreaċ.

16 Glac cláirseaċ, éiriġ fá ccúairt na caiṫreaċ, a ṁeirdreaċ noċ do dearmadaḋ; déan céol binn, gaḃ mórán aḃrán, ċor go ccuiṁneoċtar ṫú.

17 Agus tiucfa a ccriċ tar éis ċríoċnuiġṫe ṡeaċdṁoġad blíaḋan, go ttiucfuiḋ an TIĠEARNA dféuċuin Tíor, agus fillfiḋ sí ċum a túarusdail, agus do ḋéana sí stríapaċus re huile rioġaċdaiḃ an doṁuin ar ġnúis na talṁan.

18 Aċt biáiḋ a ceannuiġeaċt agus a túarusdal na náoṁṫaċt don TIĠEARNA: ní hionnṁusfuiġṫear é agus ní cuirfiġear a ttaisgiḋ é: óir biáiḋ a ceannuiġeaċd ag an ndroing aitreaḃus a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA, diṫe a sáiṫe, agus ċum éaduiġ ḃuáin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan