Isaiah 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXII. Trom‐ṫairrgir attaóḃ Ierusalem agus Iudéa. 1 Ualaċ ġlinne na fise. Cred dimṫiġ ort a nois, as a ndeaċaiḋ tú go hiomlán súas go mullaċ an tiġe? 2 As a ḃfuil tú lán do ċorruiġṫe, caṫair ḟúasnuiḋṫeaċ, caṫair lúaṫġáireaċ: níor marḃaḋ do ḋaóine marḃa leis an gcloiḋioṁ, níor éagadar a ccaṫ. 3 Do ṫeiṫeadar húaċdaráin uile le ċéile, do ceanglaḋ leis na soiġideóiriḃ íad: do ceanglaḋ lé ċéile an ṁéid do fríṫ ionnatsa, noċ do ṫeiṫ a nimċían. 4 Uimesin a duḃairt misi, Féuċaiḋ uáim; guilfiḋ mé go géur, ná saoṫruiġiḋ dom ċoḃruġaḋ, do ḃríġ millte mġine mo ṗoball. 5 Oír is lá buáiḋearṫa é, agus saltarṫa sios, agus lá doġrainne le Tiġearna Día na slóġ, a ngleann na fise, ag briseaḋ an ḃallaḋ síos, agus ag coṁairc ċum na slíaḃ. 6 Agus diomċair Elam an bolgán soiġiod a ccarbad duine agus marcṡlúaġ, agus do noċd Cir an sgiaṫ. 7 Agus tiucfaiḋ a ccríċ, go mbía do ġleanna toġṫa lán do ċarbaduiḃ, agus cuirfiḋ na marcṡlúaġ íad féin a nórduġaḋ ag an ngeata. 8 ¶ Agus dfoillsiġ sé folaċ Iúdah, agus dféuċ tusa an lá sin darmáil ṫiġe na foraóise. 9 Do ċonneaḃair mar an ccéadna briste ċaiṫreaċ Ḋáiḃi, go ḃfuilid íomadaṁuil: agus do ċruinniġeaḃair uisgeaḋa an luig íoċdaruiġ a ḃfoċair a ċéile. 10 Agus dáirṁeaḃair tiġṫe Ierusalem, agus do ḃriseaḃair síos na tiġṫe do neartuġaḋ an ḃalla. 11 Do rinneaḃair fós díog eidir an dá ḃalla ar son nisge an tseanluíg; aċt níor ḟéuċaḃair da ḋéantóir sin, agus ni raiḃ meas agaiḃ ar an té do ċum é fada ó sin. 12 Agus annsa ló sin do ġoir Tiġearna DIA na slóġ air ġul, agus air ċaói, agus ar ṁaóile, agus air ċriosluġaḋ lé saicéadaċ: 13 Agus féuċ gáirdeaċus agus lúaṫġáir, re marḃaḋ daṁ, agus re marḃaḋ cáoraċ, re iṫe feóla, agus re ól fíona: ġa raḋ, Iṫeam agus iḃiom; óir raċam déug a máraċ. 14 Agus do foillsiġioḋ ann mo ċlúasaiḃsi é lé TIĠEARNA na slóġ, Go deiṁin ní glanfuiġear an tolcso úaiḃ nó go néugṫaói, a deir Tiġearna DIA na slóġ. 15 ¶ Is marso a deir Tiġearna DIA na slóġ, Eiriġ, imṫiġ gus an tréisinersi, eaḋon go Sebna, noċ atá ós cionn an tiġe, agus abair, 16 Cred atá agad annso? agus cía atá agad annso, as ar ṡnoiġ tú túama amaċ ḋuit féin annso, do nós an té ṡnoiġios túama ḋó féin ar árd, agus ġráḃálas áit coṁnuiḋe ḋó féin a ccarruíc? 17 Féuċ, béaruiḋ an TIĠEARNA ar siuḃal ṫú maille re daóirsine ċuṁaċdaiġ, agus go deiṁin foileoċuiḋ sé ṫú. 18 Go deiṁin iompoċuiḋ sé agus iomáinfiḋ se ṫú go foiréigneaċ aṁail léaṫróid go tír ḟairsing: annsin éagfas tú, agus annsin buḋ íad carbaid do ġlóire náire ṫiġe do Ṫiġearna. 19 Agus díbéora misi ód ionad coṁnuiḋe ṫú, agus taírreonga sé síos as do staid ṫú. 20 ¶ Agus tiucfa so a ccríċ annsa ló sin, go ngoirfiḋ misi mo ṡeirḃíseaċ Eliacim ṁac Hilciah: 21 Agus éaideoċad é lé do róbasa, agus neirteoċad é le do ċriossa, agus do ḃéara mé húaċdaranaċd ann a láiṁ: agus biáiḋ sé mar aṫair ag dúṫċusaiḃ Ierúsalem, agus do ṫiġ Iúdah. 22 Agus leagfa mé eoċair ṫiġe Ḋáiḃi air a ġúaluinn; agus foisceoluiḋ sé, agus ní ḋruidfe áondume; agus druidfiḋ sé, agus ni ḟoisceola aonduine. 23 Agus daingneoċad é aṁuil táirnge a náit ḋaingin; agus biáiḋ sé mar ċaṫaóir ġlórṁair do ṫiġ a aṫar. 24 Agus leagfuid air glóir ṫiġe a aṫar uíle, an slioċd agus an ċlann, na mionṡoiġṫiḋ uile, ó ṡoiġṫiġiḃ an ċupáin, go nuige soiġṫiġe na ḃflagún. 25 Annsa ló sin, ar sa TIĠEARNA na slóġ, áṫroċṫar an tairnge atá daingion annsa náit ḋaingin, agus geárrfuiġear síos é, agus tuitfiḋ sé; agus teilgfiġear an túalaċ ḋe do ḃí air: óir do laḃair an TIĠEARNA é. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society