Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XX. Trom‐ṫairrgir attaóḃ ċlaoi na Hégipte agus na Hetiopia.

1 Annsa ḃlíaḋain a ttáinic Tartan go Hasdod, a nuáir do ċuir Sargon ríġ na Hassíria úaḋ é, agus do ṫroid a naġaiḋ Asdod, agus do ġaḃ sé í;

2 Annsa namsin féin do laḃair an TIĠEARNA tre Isaiah ṁac Amos, ġa ráḋ, Imṫiġ agus scaóil an saicéadaċ ó a ttimċioll do leasruiġ, agus cuir do ḃróg dot ċois. Agus do rinne sé sin, ag siuḃal noċtuiġ agus lomċosaċ.

3 Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Aṁuil mar do ṡiuḃluiġios mo ṡearḃḟoġantuiġe Isaiah noċduiġ agus gan ċoisḃeirt trí blíaḋna mar ċoṁarṫa agus mar iongnaḋ ar a Négipt agus ar a Netíopia;

4 Mar sin ḃéaras ríġ na Hassíria an Hégiptiġ leis ná bpríosúnaċaiḃ, agus na Hetíopiġ na mbraiġdiḃ, óg agus sean, noċduiġ agus lomċosaċ, eaḋon gon a masuiḃlomnoċd, ċum náire don Négipt.

5 Agus béid síad eaglaċ agus naireaċ ar son na Hetíopia a ndóṫċus, agus ar son na Hégipte a nglóir.

6 Agus déaruiḋ áitreaḃaċ a noiléinsi annsa ló sin, Féuċ, sé a leiṫeid so ar ndoṫċus ċum a tteiṫfiom ċum cuidiġ dar sáoraḋ ó ríġ na Hassíria: agus ciondus raċam as?

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan