Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II. Glóir na heagluise ré linn na tiomna nuáiḋ.

1 An focal do ċonairc Isaiah ṁac Amos a ttaoḃ Iúdah agus Ierusalem.

2 Agus tiucfa a ccríċ annsna láeṫiḃ deiġionaċa, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaiġ na slíaḃ, agus go ttóigfear ós cionn na ccnoc é; agus riṫfiḋ a nuile ċineaḋ ċuige.

3 Agus raċaid mórán do ḋaóiniḃ agus a déaruid, Tigiḋ uáiḃ, agus déanom suas go slíaḃ an TIĠEARNA, go tiġ Dé Iácob; agus múinfiḋ sé ḋúinn a ṡliġṫe, agus siuḃolam iona ċasánuiḃ: óir is amaċ as Síon raċus an dliġeaḋ, agus focal an TIĠEARNA as Ierusalem.

4 Agus breaṫnoċuiġ sé a measg na ccineaḋaċ, agus aiṫḃeoruiḋ mórán do ḋaoiniḃ: agus buailfid a ccloiḋṁṫe na suic ṡeisriġe, agus a ngáeṫe na corranuiḃ bearrṫa: ní ṫoigfe críoċ cloiḋioṁ súas a naġaiḋ ċriċe: agus ni ḟeġlumfuid cogaḋ ní as mó.

5 O a ṫiġ Iácob, tigiḋ, agus siuḃluiġiom a solus an TIĠEARNA.

6 ¶ Uimesin do ṫréig tú do ṗobal, tiġ Iácob, do ċionn go ḃfuihd síad líonta do ḃéusuiḃ a noirṫir, agus na luċd fáistine cosṁuil ris na Ṗilistineaċaiḃ, agus go líonuid do ċloinn na ccoiṁṫiġeaċ.

7 Atá a ndúiṫċe mar an ccéadna lán dairgiod agus dór, agus ní ḃfuil críoċ ar a nionnṁus; atá a ndúiṫċe mar an ccéadna lán deaċaiḃ, agus ní ḃfuil críoċ ar a ccarbaduiḃ:

8 Atá a ndúiṫċe mar an ccéadna lán díoḋaluiḃ; aḋruid oibreaċa a láṁ féin, an ní do rinneadar a méir féin:

9 Agus cláonuiḋ an duine uiriseal síos, agus úṁluiġ an duine mór é féin: uimesin ná maiṫ ḋóiḃ.

10 ¶ Eíriġ a steaċ don ċarruic, agus foluiġ ṫú féin annsa luáiṫreaḋ, ar eagla an TIĠEARNA, agus ar son ġlóire a ṁórḋaċda.

11 Uiṁleoċṫar féaċuin árd an duine, agus cromfuiġear síos uáill na ndaoine: agus sé an TIĠEARNA aṁáin áirdeoċar an lá sin.

12 Oír biáiḋ lá ṪIĠEARNA na slóġ ar gaċ uile ḋuine dá ḃfuil úaiḃreaċ árd, agus ar gaċ áon ṫógṫar súas; agus do bearfuiġṫear sios é:

13 Agus ar uile ċédaruiḃ Lebanon, atá árd agus tógta súas, agus ar uile ḋairiḃ Básan,

14 Agus ar na huile ṡléiḃtiḃ árda, agus ar na huile ċnocaiḃ do hárduiġeaḋ súas,

15 Agus ar gaċ éantor árd, agus ar gaċ áon ḃalla daingean,

16 Agus ar loingeas Ṫarsis uile, agus ar a nuile ṗictiúr taitneaṁaċ.

17 Agus cláonfuiġear uáill an duine síos, agus do ḋéantar anuáill an duine ísiol: agus sé an TIĠEARNA aṁáin áirdeoċṫar an lásin.

18 Agus scriosfuiḋ sé na hioḋail ṫríd amaċ.

19 Agus raċaiḋ síad a ccúasuiḃ na ccarrac, agus a núaṁuiḃ na talṁan ar eagla an TIĠEARNA, agus ar son ġlóire a ṁórḋaċta, a núair éireoċus sé do ċroṫaḋ na talṁan go húaṫḃasáċ.

20 Ann sa ló sin teilgfiḋ duine a ioḋuil airgid, agus a ioḋail óir, noċ do rinne ḋó féin dá naḋraḋ, ċum na moḃlaḋ agus ċum na míoltóg leaṫair;

21 Do ḋul a scealpuiḃ na gcarrac, agus a mullaġaiḃ na gcairgeaċ ngarḃ, ar eagla an TIĠEARNA, agus ar son ġlóire a ṁórḋaċda, a nuáir éireoċus sé do ċroṫaḋ na talṁan go húaṫḃásaċ.

22 Scuiriḋsi ón duine agá ḃfuil a anal iona ṗolláiriḃ: óir cred ionar ċóir meas do ḃeiṫ air?

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan