Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIX. Faiġeadoireaċt ṫrom a ttaoḃ na Hégipte.

1 Ualaċ na Hégipte. Féuċ, atá an TIĠEARNA ag marcuiġeaċd ar néull lúaṫ, agus tiucfa don Négipt: agus áṫroċṫar ioḋail na Hégipte le na ḟaicsin, agus leiġfiḋ croiḋe na Hégipte iona lár.

2 Agus cuirfe misi na Hégiptiġ a naġaiḋ na Négipteaċ: agus troidfiḋ gaċ áon díoḃ a naġaiḋ a ḋearḃraṫar, agus gaċ áonduine a naġaiḋ a ċoṁarsan; caṫair a naġaiḋ caiṫreaċ, agus rioġaċt a naġaiḋ rioġaċta.

3 Agus failleoċuiḋ spiorad na Hégipte iona lár; agus díoḃaiġfe misi a coṁairle: agus íarrfuid siad ċum na ioḋaliḃ, agus ċum na neasarluiġṫeoiriḃ, agus ċum na druinge agá mbí leannáin síġṫe, agus ċum na ḃfaistíneaċ.

4 Agus seaċóduiġ mé na Hégiptiġ a láiṁ tiġearna éattrócáiriġ; agus riaġloċuiḋ ríġ borb ós a ccionn, a deir an Tiġearna, TIĠEARNA na ṡlóġ.

5 Agus failleoċuiḋ an tuisge on ḃfairge, agus fáiseoċṫar agus tiormaċṫar súas a naḃann.

6 Agus iompoċuid síad na haiḃne a ḃfad úaṫa; agus foilṁeoċṫar agus tiormaċṫar súas aiḃne an daingin; críonfuiḋ an giolcaċ agus an soileastar.

7 Na giolcuiġ ṗáipéir laiṁ ris na haiḃniḃ, láiṁ ré béul na sroṫann, agus gaċ aóin ní ṡíolċuirṫear láiṁ ris na sroṫuiḃ, críonfaiḋ sé, béarfuiġear ar siuḃal é, agus ní biáiḋ ann ní sa ṁó.

8 Caóinfid fós na híascaireaḋa, agus caóinfid na huile ḋaóine ṫeilgios duḃáin annsna haiḃniḃ, agus an drong ṡreaṫas líonta ar na huisgeaḋuiḃ raċuid as a ccrúṫ.

9 Tuilleaṁ oile, claoċloḋṫar, an drong oibriġios a líon ṁín, agus an drong ḟiġios obair líonruiḋ.

10 Agus brisfiġear iona ṫionnscnaṁ sin íad, a nuile ḋuine da ndéan coṁluiġuisce agus linteaċ ċum éisg.

11 ¶ Gó deiṁin is amadáin prionnsaḋa Sóan, is brúideaṁuil coṁairle ċoṁairleaċ nglic Ṗárao: cionnus a dearṫaóisi re Ṗárao, Is misi mac na neagnuiġe, mac ríoġ ḃfoirfe?

12 Cáit a ḃfuilid síad? cáit a ḃfuilid do ḋaóine glioca? agus innisidis duit a nois, agus bióḋ a ḟios aca cred to ṫionnscain TIĠEARNA na slóġ ar a Négipt.

13 Is amadáin prionnsaḋa Soan, do meallaḋ prionnsaḋa Noṗ; do ṁealladar fós a Négipt, eaḋon an drong as fulang dá treaḃuiḃsion.

14 Do ċumaisg an TIĠEARNA spiorad urċóideaċ ann a lár: agus ṫugadar ar a Négipt seaċránuġaḋ iona huile obair, aṁuil ṫuiteas fear meisce iona sceaṫruiġ.

15 Ní mó ḃías obair ar biṫ ar son na Hégipte, noċ ḟéadas an ceann nó an tearball, nó an beangán nó an lúaċair, do ḋeanaṁ.

16 Annsa ló sin biáiḋ a Négipt cosṁail re mnáiḃ: agus biáiḋ eagla orra agus uáiṁneoċuid do ḃriġ croiṫe láiṁe TIĠEARNA na slóġ, noċ ċroiṫeas sé ós a cíonn.

17 Agus biáiḋ tír Iúdah na húaṫḃás don Négipt, gaċ aon da ttig ṫairis sin biáiḋ sé eaglaċ ann féin, do ḃríġ ċoṁairle TIĠEARNA na slóġ, noċ do ċoṁairliġ sé na haḋuiġ.

18 ¶ Annsa ló sin laiḃeoruid cúig caiṫreaċa a ttír na Hégipte teanga Ċanáain, agus mionnoċuid do ṪIĠEARNA na slóġ; agus goirfiġear Caṫair an dioġ‐lairiġṫe dáon dioḃ.

19 Annsa ló sin biáiḋ altóir ag an TTIĠEARNA a meaḋón ṫíre na Hégipte, agus piléur agá himiol don TIĠEARNA.

20 Agus biáiḋ mar ċoṁarṫa agus mar ḟiaḋnuise a ccríċ na Hégipte do ṪIĠEARNA na slóġ: óir éiġfid síad ċum an TIĠEARNA do ḃríġ na ndíḃḟeirgeaċ, agus cuirfe sé slánaiġṫeóir ċuca, agus áon mór, agus sáorfuiḋ sé íad.

21 Agus aiṫeontar an TIĠEARNA san Négipt, agus aiṫeonuid na Hégiptiġ an TIĠEARNA annsa ló sin, agus do ḋéanaid ioḋbairt agus ofrail; do ḃéaruid fós, móid don TIĠEARNA, agus coṁlíonfuid síad í,

22 Agus búailfiḋ an TIĠEARNA an Négipt: buáilfiḋ sé agus leiġeosuiḋ sé í: agus fillfid síadsan ċum an TIĠEARNA, agus biáiḋ sé air a nimpiḋe, agus leiġeosuiḋ sé íad.

23 ¶ Annsa ló sin biáiḋ sliġe ṁór as an Négipt don Assíria, agus tiucfuiḋ an Tassirianaċ don Négipt, agus an Tegipteaċ don Assíria, agus do ḋéanuid na Hégiptiġ seirḃís ag na Hassírianaċaiḃ.

24 Annsa ló sin biáiḋ Israel an treas leis an Négipt agus leis a Nassíria, na ḃeannuiġaḋ a lár na críċe:

25 Noċ ḃeinneoċus TIĠEARNA na slóġ, ġa ráḋ, Go maḋ beannuiġṫe an Négipt mo ṗobal, agus a Nassíria obair mo láṁ, agus Israel moiġreaċt.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan