Isaiah 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVII. Ualaċ agus olaói Ḋamascus agus Ṡiria. 1 Ualaċ Ḋamascus. Féuċ, rugaḋ Damascus as ó ḃeiṫ na caṫruiġ, agus biáiḋ si na cárn scriosta. 2 Do treigeaḋ caiṫreaċa Aroer: béid fáoi ṫréaduiḃ luiġfios síos, agus ní ċuirfiḋ áonduine eagla orra. 3 Coisgfiḋ fós an daingean ó Eṗraim, agus an ríoġaċd ó Ḋamascus, agus an fuiġioll ó Ṡíria: béid síad mar ġlóir ċloinne Israel, a deir TIĠEARNA na slóġ. 4 Agus annsa ló sin tiucfuiḋ a ccríċ, go ndéantar glóir Iácob tana, agus go ḃfásfuiḋ méaṫus a ḟeóla trúaġ. 5 Agus is aṁluiḋ ḃías a nuáir ċruinneoċus fear a nfoġṁair an tarḃar, agus ḃeanfas sé na déusa le na láiṁ; agus biáiḋ sé aṁuil an té ċruinniġios déasa a ngleann Reṗaim. 6 Giḋeaḋ fúigfiġṫear cáora dioġluim ann, do nós ċroite an ċrainn ola, ḋá ċaóir ná trí a mullaċ na craóiḃe úaċdaruiġ, a cearṫair ná cúig annsua géaguiḃ tóirṫeaṁla is faide amaċ ḋe, a deir an TIĠEARNA Día Israel. 7 ¶ Annsa lósin féuċfuiḋ duine ar a Ċruṫaiġṫeóir, agus biáid meas agá ṡúiliḃ ar Aon Náoṁṫa Israel. 8 Agus ní ḟéuċfa sé air na haltóruiḃ, oibreaċa a láṁ, ní mó ḃías meas aige air áoinní dá ndeáruadar a ṁéir, na garráin, ná na híoṁáiġe. 9 Annsa lósin biáiḋ a ċaiṫreaċa daingne mar ġéig ṫréigṫe, agus mar an mbeangán úaċdaraċ, noċ do ḟágḃadar do ḃríġ ċloinne Israel: agus biáiḋ aonránaċd ann. 10 Do ḃríġ gur ḋearmuid tú Día do ṡlánuiġṫe, agus naċ raiḃ tú cuiṁneaċair ċarraic do neirt, uímesin plainndeoċa tú planndaḋa taitneaṁaċa, agus cuirfiḋ tú íad lé géagaiḃ coiṁṫiġeaċa: 11 Annsa ló sin do ḃéara tú air do ṗlánnda fás, agus air maidin do ḃéara tú air do ṡíol eascar: aċt biáiḋ an foġṁar na ċrúaiċ a ló an doilġis agus an dóḃróin ḋiḃḟeirgiḋ. 12 A ṁairg diomadaṁlaċd ṁóráin do ḋaóiniḃ, noċ do ní tormán mar ṫormán na fairge; agus do ḃúaiḋreaḋ na ccineaḋaċ, do ní búaiḋreaḋ cosṁuil re búaiḋreaḋ sroṫann láidir! 13 Lingfid na cineaḋaċa aṁuil búaiḋreaḋ móráin uisgeaḋ: aċd imḋeargfuiḋ Día íad, agus teiṫfid a ḃfad úaḋ, agus díbeorṫar íad mar lóċán na slíaḃ roiṁe a ngaóiṫ, agus aṁuil líaṫróid roiṁe an ngaoiṫ nguairdéain. 14 Agus féuċ annsa tráṫnóna buáiḋreaḋ; agus roiṁe an maidin ní ḃfuil sé ann. Isé so cuid ronna na drumge ċreaċus sinn, agus crannċar na muinntire ṡladas sinn. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society