Isaiah 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI. Muna gaḃ Móab coṁairle, 7 do ġeiḃ sí builleaḋ mur ċáċ. 1 Cuiriḋ an túan go húaċtarán tíre ó ċarruig a nfásuiġ, go slíaḃ inġine Síon. 2 Agus biáiḋ, aṁuíl éun seaċráin ar na ṫeilgean amaċ as a nead, marsin ḃéid inġeana Ṁoab ag áṫannuiḃ Arnon. 3 Gaḃ coṁairle, déan breíṫeaṁnus; déan do sgáile mar a noiḋċe a lár an ṁeaḋonlaé; foluiġ na díbearṫuiġ; ná braiṫ an té ḃíos ar seaċrán. 4 Léig dom ḋíbearṫaiḃsi coṁnuiḋ ad ḟoċair, a Ṁoab; bíse ad ḋídean dóiḃ ó aġaiḋ an ṁilltéora: óir atá an sáruiġṫeaċ coisge, do scuir an millteóir, do scríosaḋ na díbearṫuiġ as an dúṫaiġ. 5 Agus daingneoċar an ċaṫaoir rioġa a ttrócaire: agus suiḋfiḋ sé innte a ḃfírinne a ttabernacuil Ḋáiḃi, ag breaṫnuġaḋ, ag iarruiḋ breiṫeaṁnuis, agus ag deifriuġaḋ an ċeirt. 6 ¶ Do ċúalamar úaḃar Ṁoab; (is ro uáiḃreaċ é:) eaḋon a úaḃar, agus a áirde, agus a ḟearg: aċt ní ḃéid a ḃréaga marso. 7 Uime sin núallfa Moab arson Ṁoab, núallfaiḋ sé go hiomlán: guilfiḋe ar son ḃunáite Cir‐hareset; go deiṁin atáid síad buáilte. 8 Oír do laguiġeaḋ maċaireaḋa Hesbon, agus fíneaṁuin Ṡibmah: do ḃrisiodar tiġearnuiġ na ngeinteaḋ síos a plannduiġe prinsiopalta, ṫangadar go nuige Iaser, do ṡeaċránadar ṫríd an ḃfásaċ: do síneaḋ a géaga amaċ, do ċúadar tar an ḃfairge. 9 ¶ Ar a naḋḃarsin guilfiḋ mé le cuṁaḋ Iaser fíneaṁuin Ṡibmah: fliuċfa mé ṫú lem ḋéaruiḃ, a Hesbon, agus a Eleáleh: óir do ṫuit gáir air do ṫoraḋ saṁruiḋ agus air ṫfoġṁar. 10 Agus do rugaḋ an lúaṫġáir ar siuḃal, agus sólás as an maċaire ṫóirṫeaṁuil; agus ní ḃía céol ar biṫ annsna fíneaṁnuiḃ, agus ní ḃía gáir air biṫ: an luċd saltairte ní ṡáilteoruid fíon ar biṫ ann na nomaruiḃ; ṫug mé ar ġáir ṫfíneaṁnaċ scur. 11 Uimesin ḋéanuid minniḋe fuáim aṁuil cláirseaċ ar son Ṁoab, agus mo ḃaill a stiġ ar son Cirhares. 12 ¶ Agus tiucfa a ccríċ, a nuáir do ċífiġear é go maḋ coirṫe Moab annsa náit áird, go ttiucfa sé ḋa ṡanctora durnaiġe; aċt ní ḃuáiḋeoċa sé. 13 Isé so an focal do laḃair an TIĠEARNA a ttaoḃ Ṁoab ó naimsir sin a le. 14 Aċt a nois do laḃair an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Táoḃ a stiġ do ṫrí blíaḋnuiḃ, mar ḃlíaḋnuiḃ formaluiġ, agus cuirfiġear glóir Ṁoab a ttárcuisne, maille ris a niomadaṁlaċ ṁóir sin; agus biáiḋ an fuiġioll ro ḃéag agus lag. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society